AGUISÍN C
An Bealach le Dul i mBun Staidéir Bíobla Ag Úsáid Mair Go Sona Go Deo!
Rinneadh go leor guí, machnaimh agus taighde nuair a bhíothas ag cur an leabhar Mair Go Sona Go Deo! i dtoll a chéile. Chun tairbhe a bhaint as an bhfoilseachán seo, bain úsáid as an gcur chuige a leanas agus tú ag déanamh staidéar ar an mBíobla.
Roimh an staidéar
-
1. Réitigh go maith. Machnaigh ar riachtanais agus ar dhearcadh do mhac léinn. Déan iarracht machnamh a dhéanamh ar phointí a bhféadfadh sé go mbeadh cúnamh ag teastáil lena dtuiscint nó lena gcur i bhfeidhm. Smaoinigh ar an gcaoi a bhfuil an t-ábhar faoi “Fiosraigh” in ann cabhrú le do mhac léinn agus bí réidh lena úsáid le linn an staidéir.
Le linn an staidéir
-
2. Tosaigh agus críochnaigh le paidir má tá do mhac léinn compordach leis sin.
-
3. Ná déan an chaint ar fad. Dírigh ar an ábhar atá curtha ar fáil agus lig don mhac léinn é féin a chur in iúl.
-
4. Agus tú ag tosú ar an bpríomhchuid, léigh an ceannteideal agus ansin cuir béim ar roinnt de theidil an cheachta.
-
5. Ag críochnú an príomhchuid duit, bain úsáid as an ábhar atá faoi súil siar chun cabhrú le do mhac léinn cuimhniú ar na fírinní a d’fhoghlaim sé.
-
6. Agus tú ag déanamh staidéir ar gach ceacht le do mhac léinn:
-
Léigh an téacs.
-
Léigh gach scrioptúr atá marcáilte “Léigh.”
-
Léigh na scrioptúir eile atá luaite de réir mar is gá.
-
Seinn gach físeán atá marcáilte “Seinn” (má tá siad ar fáil duit).
-
Cuir gach ceist ar an mac léinn.
-
Tarraing aird ar na pictiúir sa gcuid “Déan Taighde”agus iarr ar an mac léinn cur síos orthu.
-
Úsáid an bosca “Sprioc” chun cabhrú le do mhac léinn súil a choinneáil ar an dul chun cinn spioradálta atá á dhéanamh aige. Is féidir leat é a spreagadh chun an sprioc shamplach a úsáid nó chun spriocanna eile a leagan síos freisin.
-
Fiafraigh do do mhac léinn, ar thaitin ceann ar leith de na hailt nó na físeáin sa gcuid “Fiosraigh” leis agus an ceacht á ullmhú aige.
-
Déan iarracht an ceacht a chríochnú in aon seisiún amháin.
-
Tar éis an staidéir
-
7. Coinnigh do mhac léinn i gcuimhne. Guigh go ndéanfaidh sé dul chun cinn agus iarr ar Iehova é a bheannú agus an eagna a thabhairt duit le cabhrú leis.