AGUISÍN A
Fírinní Gur Breá Linn a Mhúineadh
Dúirt Íosa go n-aithneoidh daoine macánta an fhírinne ar a chloisteáil dóibh. (Eoin 10:4, 27) Mar sin, aon uair a labhraíonn muid le daoine, ba mhaith linn fírinní simplí an Bhíobla a roinnt leo. Bain triail as tagairt a dhéanamh d’fhírinne trí fhiafraí: “An raibh a fhios agat gur. . . ?” nó “Ar chuala tú riamh ráite é . . . ?” Ansin úsáid an scrioptúr nó na scrioptúir chun an fhírinne sin a mhíniú. Trí fhírinne simplí an Bhíobla a roinnt, is féidir leo dul i gcion ar chroí an duine, agus is féidir le Dia an duine sin a tharraingt chuige féin!—1 Cor. 3:6, 7.
AN TODHCHAÍ
-
1. Is léir ón droch-bhail atá ar an domhan agus an chaoi a bhfuil daoine ag déileáil le chéile go bhfuil athrú i ngar.—Math. 24:3, 7, 8; Lúc. 21:10, 11; 2 Tiom. 3:1-5.
-
2. Ní scriosfar an domhan choíche.—Salm 104:5; Cóh. 1:4.
-
3. Déanfar an domhan a athchóiriú.—Íse. 35:1, 2; Ap. 11:18.
-
4. Beidh gach duine i mbarr na sláinte.—Íse. 33:24; 35:5, 6.
-
5. Is féidir leat maireachtáil go deo ar an domhan.—Salm 37:29; Math. 5:5.
AN TEAGHLACH
-
6. A fheara “grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin.” —Eif. 5:33; Col. 3:19.
-
7. Bíodh ómós ag bean dá fear céile.—Eif. 5:33; Col. 3:18.
-
8. Ba chóir go mbeadh fear céile agus bean chéile dílis dá chéile.—Mal. 2:16; Math. 19:4-6, 9; Eabh. 13:4.
-
9. Éireoidh le leanaí a bhfuil ómós acu dá dtuismitheoirí agus atá umhal dóibh.—Sean. 1:8, 9; Eif. 6:1-3.
DIA
-
10. Tá ainm ar Dhia.—Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile); Ir. 10:10.
-
11. Déanann Dia cumarsáid linn.—2 Tiom. 3:16, 17; 2 Pead. 1:20, 21.
-
12. Tá Dia cóir agus neamhchlaonta.—Deot. 10:17; Gnío. 10:34, 35.
-
13. Tá Dia ag iarraidh cabhrú linn.—Salm 46:1; 145:18, 19.
GUÍ
-
14. Tá Dia ag iarraidh orainn guí chuige.—Salm 62:9; 65:3 (62:8; 65:2 i mBíoblaí eile); 1 Pead. 5:7.
-
15. Múineann an Bíobla dúinn le guí.—Math. 6:7-13; Lúc. 11:1-4.
-
16. Ba chóir dúinn guí go minic.—Math. 7:7, 8; 1 Teas. 5:17.
ÍOSA
-
17. Ba mhúinteoir iontach é Íosa agus oibríonn a chomhairle i gcónaí.—Math. 6:14, 15, 34; 7:12.
-
18. Thuar Íosa faoi na himeachtaí a fheiceann muid inniu.—Math. 24:3, 7, 8, 14; Lúc. 21:10, 11.
-
19. Is é Íosa Mac Dé.—Math. 16:16; Eoin 3:16; 1 Eoin 4:15.
-
20. Ní hé Íosa Dia Uilechumhachtach.—Eoin 14:28; 1 Cor. 11:3.
RÍOCHT DÉ
-
21. Is fíor-rialtas ar neamh í Ríocht Dé.—Dain. 2:44; 7:13, 14; Math. 6:9, 10; Ap. 11:15.
-
22. Tiocfaidh Ríocht Dé in áit na rialtais dhaonna.—Salm 2:7-9; Dain. 2:44.
-
23. Is í Ríocht Dé an t-aon réiteach atá ar fhadhbanna an chine daonna.—Salm 37:10, 11; 46:9; Íse. 65:21-23.
FULAINGT
-
24. Ní hé Dia is cúis lenár bhfulaingt.—Deot. 32:4; Séam. 1:13.
-
25. Tá an domhan seo faoi thionchar Shátain.—Lúc. 4:5, 6; 1 Eoin 5:19.
-
26. Tabharfaidh Dia aire duit.—Salm 34:18-20; (34:17-19 i mBíoblaí eile) Íse. 41:10, 13.
-
27. Is gearr go gcuirfidh Dia deireadh le fulaingt.—Íse. 65:17; Ap. 21:3, 4.
BÁS
-
28. Níl eolas dá laghad ag na mairbh; níl siad ag fulaingt. —Cóh. 9:5; Eoin 11:11-14.
-
29. Ní féidir leis na mairbh cabhrú linn ná dochar a dhéanamh dúinn.—Salm 146:4; Cóh. 9:6, 10.
-
30. Beidh aiséirí ag ár ndaoine muintire.—Iób 14:13-15; Eoin 5:28, 29; Gnío. 24:15.
-
31. “Ní bheidh an bás ann feasta.”—Ap. 21:3, 4; Íse. 25:8.
REILIGIÚN
-
32. Níl Dia sásta le gach reiligiún.—Ir. 7:11; Math. 7:13, 14, 21-23.
-
33. Is fuath le Dia an bhréagchráifeacht.—Íse. 29:13; Míoc. 3:11; Marc. 7:6-8.
-
34. Aithnítear an fíorchreideamh de bharr an fíorghrá atá idir a chuid baill.—Míoc. 4:3; Eoin 13:34, 35.