AG DÉANAMH DEISCEABAIL
CEACHT 12
Crógacht
Prionsabal: “Baineann ola na comhairle an ceo den chroí, ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.”—Sean. 27:9.
An Méid a Rinne Íosa
1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Marcas 10:17-22. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:
Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
2. Ní mór dúinn labhairt go grámhar ach go hionraic lenár mic léinn chun go ndéanfaidh siad dul chun cinn spioradálta.
Déan Aithris ar Íosa
3. Cabhraigh le do mhac léinn spriocanna a shocrú agus a bhaint amach.
-
Úsáid an bosca “Sprioc” i ngach ceacht den leabhar Mair Go Sona Go Deo!
-
Cabhraigh le do mhac léinn na rudaí a chaithfidh sé a dhéanamh maidir le spriocanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a bhaint amach.
-
Mol do mhac léinn go rialta as an dul chun cinn atá á dhéanamh aige nó aici.
4. Ní mór duit fios a bheith agat ar an gcúis nach bhfuil do mhac léinn ag déanamh dul chun cinn.
-
-
‘Mura bhfuil mo mhac léinn ag dul i dtreo an bhaiste, céard atá ag cur bac air?’
-
‘Cén cúnamh praiticiúil ar féidir liom a thairiscint dó?’
-
-
Iarr ar Iehova crógacht a thabhairt duit le labhairt go hionraic grámhar faoin méid is gá do do mhac léinn a dhéanamh.
5. Cuir stop leis an staidéar mura bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an mac léinn.
-
Faigh amach an bhfuil do staidéar Bíobla tairbheach nó nach bhfuil trí fhiafraí díot féin:
-
‘An bhfuil mo mhac léinn ag cur a bhfuil á fhoghlaim aige i bhfeidhm ina shaol?’
-
‘An mbíonn sé ag cruinnithe an phobail Chríostaí agus an roinneann sé an fhírinne le daoine eile?’
-
‘Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar feadh tamaill, an bhfuil sé ag iarraidh a bheith ina Fhinné ag Iehova?’
-
-
Mura bhfuil an mac léinn Bíobla ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh:
-
Iarr air machnamh a dhéanamh ar an méid a d’fhéadfadh a bheith ag cur bac air.
-
Mínigh go tuisceanach an chúis a bhfuil tú ag cur deireadh leis an staidéar.
-
Cuir ar a shúile dó an dul chun cinn a chaithfidh sé a sula dtosóidh tú ar an staidéar arís.
-
FÉACH FREISIN
Salm. 141:5; Sean. 25:12; 27:6; 1 Cor. 9:26; Col. 4:5, 6