AG TOSÚ COMHRÁ
CEACHT 4
Uirísle
Prionsabal: “Ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.”—Fil. 2:3.
An Méid a Rinne Pól
1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Gníomhartha 26:2, 3. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:
-
Cén chaoi ar léirigh Pól uirísleacht sa tslí ar labhair sé le Rí Aigripe?
-
Cén chaoi ar tharraing Pól aird ar Iehova agus ar na Scrioptúir seachas ar féin?—Féach Gníomhartha 26:22.
Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Phól?
2. Tá ár dteachtaireacht níos tarraingtí nuair a chuireann muid i láthair go humhal measúil í.
Déan Aithris ar Phól
3. Labhair ar bhealach measúil. Ná bí ag cur an chuma ort féin go bhfuil a fhios agat chuile shórt agus nach bhfuil a fhios ag an duine eile tada. Labhair go measúil.
4. Bíodh sé soiléir go bhfuil gach atá á roinnt agat bunaithe ar an mBíobla. Is féidir le Briathar Dé dul i bhfeidhm ar chroíthe daoine. Nuair a úsáideann muid é, tá muid ag leagan síos bunchloch mhaith dá gcreideamh.
5. Fan séimh. Ná lean ort ag iarraidh a chruthú go bhfuil an ceart agat. Níl muid ag iarraidh a bheith ag argóint. Léirigh uirísleacht trí fanacht séimh agus bíodh a fhios agat nuair is ceart deireadh a chur leis an gcomhrá. (Sean. 17:14; Títeas 3:2) D’fhéadfadh freagra séimh an deis a chruthú le comhrá maith a bheith agat amach anseo.