AG TOSÚ COMHRÁ
CEACHT 6
Misneach
Prionsabal: “Ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt.”—1 Teas. 2:2.
An Méid a Rinne Íosa
1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Lúcás 19:1-7. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:
Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
2. Ní mór dúinn a bheith misniúil chun teachtaireacht na Ríochta a chraobhscaoileadh do chách.
Déan Aithris ar Íosa
3. Cuir muinín in Iehova. Neartaigh spiorad Dé Íosa chun an craobhscaoileadh a dhéanamh, agus is féidir leis tusa a neartú freisin. (Math. 10:19, 20; Lúcás 4:18) Iarr ar Iehova misneach a thabhairt duit ionas go mbeidh tú in ann craobhscaoileadh dóibh siúd a bhfuil scáth agat rompu.—Gníomhartha 4:29.
4. Ná tabhair réamhbhreith ar dhaoine. D’fhéadfadh sé go mbeadh drogall orainn labhairt le daoine áirithe mar gheall ar an gcaoi a mbreathnaíonn siad, a stádas sóisialta, a stíl mhaireachtála, nó a reiligiún. Ach cuimhnigh:
5. Bí muiníneach ach bí measúil agus cúramach freisin. (Math. 10:16) Seachain argóint. Cuir deireadh go múinte leis an gcomhrá mura nglacann an duine leis an dea-scéal nó mura mothaíonn tú sábháilte.—Sean. 17:14.