COINNIGH LEIS AN gCÚRAM
CEACHT 7
Buanseasmhacht
Prionsabal: “Ní stadaidís ach ag teagasc gach lá . . . ag fógairt an dea-scéil.”—Gníomhartha 5:42.
An Méid a Rinne Pól
1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Gníomhartha 19:8-10. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:
Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Phól?
2. Tá gá le ham agus le hiarracht chun athchuairteanna éifeachtacha a dhéanamh agus chun staidéar Bíobla a thosú.
Déan Aithris ar Phól
3. Bí sásta cuairt a thabhairt ar an duine ag am atá áisiúil dósan. Fiafraigh díot féin: ‘Cén uair agus cén áit is fearr teagmháil a dhéanamh leis? Cén uair agus cén áit a mbeidh am aige labhairt liom?’ Bí toilteanach cuairt a thabhairt air fiú mura bhfeileann an t-am thú.
4. Déan coinne. Ag deireadh gach comhrá, déan iarracht am ar leith a shocrú chun labhairt leis an duine arís. Bí cinnte go gcoinneoidh tú an choinne.
5. Fan dóchasach. Ná bí ag ceapadh nach bhfuil suim ar bith ag duine sa dea-scéal de bhrí nach bhfuil sé éasca é a fháil sa mbaile nó go bhfuil sé an-ghnóthach. (1 Cor. 13:4, 7) Déan gach iarracht a theacht ar an duine, ach déan cinnte go bhfuil tú ag baint an úsáid is fearr as do chuid ama.—1 Cor. 9:26.