COINNIGH LEIS AN gCÚRAM
CEACHT 8
Foighne
Prionsabal: “Bíonn an grá foighneach.” —1 Cor. 13:4.
An Méid a Rinne Íosa
1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Eoin 7:3-5 agus 1 Corantaigh 15:3, 4, 7. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:
Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
2. Ní mór dúinn a bheith foighneach mar go dtógann sé níos faide ar dhaoine thar a chéile glacadh leis an dea-scéal.
Déan Aithris ar Íosa
3. Bain triail as cur chuige difriúil. Mura nglacann an duine le staidéar Bíobla láithreach, ná cuir brú air. Nuair tá sé oiriúnach, bain úsáid as físeáin nó ailt le cuidiú leis tuiscint a fháil ar gach a mbíonn ar siúl le linn cúrsa staidéir Bíobla agus ar an leas a bhainfeadh sé as.
4. Ná déan comparáid. Ní mar a chéile chuile dhuine. Má bhíonn drogall ar bhall teaghlaigh nó ar dhuine atá tú ag déanamh athchuairt air staidéar a dhéanamh ar an mBíobla nó glacadh le teagasc an Bhíobla, smaoinigh ar an gcúis atá leis. An bhfuil sé i ngreim ag teagasc reiligiúnach ar leith? An bhfuil a ghaolta nó a chomharsana ag cur brú air? Tabhair am dó le smaoineamh ar a bhfuil ráite agat agus le tuiscint a fháil ar a bhfuil ráite sa mBíobla.
5. Guigh ar son an té a léiríonn suim. Iarr ar Iehova cabhrú leat fanacht dearfach agus tuisceanach. Iarr eagna freisin ionas go mbeadh tú in ann cinneadh a dhéanamh maidir le stopadh ag glaoch ar dhuine nach léiríonn mórán suime sa teachtaireacht.—1 Cor. 9:26.