Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 4

Ag Léiriú Ómóis do na hÚdaráis

Ag Léiriú Ómóis do na hÚdaráis

“Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.”—1 PEADAR 2:17.

1, 2. (a) Cén treoir nach mór dúinn a leanúint? (b) Cé na ceisteanna a phléifear sa gcaibidil seo?

 NUAIR a bhí tú óg, is dóigh gur minic a d’iarr do thuismitheoirí ort rud a dhéanamh nach raibh tú ag iarraidh a dhéanamh. Bhí grá agat do do thuismitheoirí agus bhí a fhios agat gur cheart duit a bheith umhal dóibh. Mar sin féin, is dóigh go raibh uaireanta ann nach raibh aon fhonn ort a bheith umhal dóibh.

2 Tá a fhios againn go bhfuil grá ag ár nAthair, Iehova, dúinn. Tugann sé aire dúinn agus déanann sé cinnte go bhfuil gach a dteastaíonn uainn againn chun sásamh a bhaint as an saol. Tugann sé treoir dúinn a chuireann rath orainn. Uaireanta, tugann sé an treoir sin trí dhaoine eile. Ní mór dúinn ómós a bheith againn d’údarás Iehova. (Seanfhocail 24:21) Ach, cén fáth a mbíonn sé deacair uaireanta, glacadh le treoir? Cén fáth a n-iarrann Iehova orainn a threoir a leanúint? Agus cén chaoi a léiríonn muid go bhfuil meas againn ar a údarás?—Féach ar Aguisín 9.

NA DÚSHLÁIN ATÁ AGAINN

3, 4. Cén fáth a bhfuil an duine neamhfhoirfe? Cén fáth a mbíonn sé deacair againn glacadh le treoir ó dhaoine eile?

3 Tá sé i nádúr an duine cur in aghaidh údaráis. Sin é an chaoi a bhfuil sé ó pheacaigh Ádhamh agus Éabha. Cé go raibh siad foirfe nuair a cruthaíodh iad, d’éirigh siad amach in aghaidh údarás Dé. Tá gach duine a rugadh ó shin i leith neamhfhoirfe. Dá bhrí sin, tá sé deacair againn glacadh le treoir ó Iehova agus ó dhaoine eile. Chomh maith leis sin, tá Iehova ag úsáid daoine neamhfhoirfe chun muid a threorú.—Geineasas 2:15-17; 3:1-7; Salm 51:7 (51:5 i mBíoblaí eile); Rómhánaigh 5:12.

4 Ós rud é go bhfuil muid neamhfhoirfe bíonn an claonadh ionainn a bheith mórchúiseach. Fágann sé sin go bhfuil sé deacair againn glacadh le treoir. Mar shampla, in Iosrael, roghnaigh Iehova Maois le bheith i gceannas ar a dhaoine. B’fhear é Corach a bhí dílis d’Iehova ar feadh blianta fada, ach fuair an mhórchúis an ceann is fearr air agus níor ghlac sé le treoir Mhaois. Ní raibh Maois mórchúiseach, cé gurb é a bhí ag treorú phobal Dé. De réir an Bhíobla, ba é an fear ab uirísle é a bhí ann ag an am. Mar sin féin, ní raibh aon ómós ag Corach dó. Spreag sé slua mór chun éirí amach in aghaidh Mhaois. Céard a tharla do Chorach agus dá lucht leanúna? Maraíodh iad. (Uimhreacha 12:3; 16:1-3, 31-35) Tá neart samplaí sa mBíobla a léiríonn go bhfuil sé contúirteach a bheith mórchúiseach.—2 Croinicí 26:16-21; féach ar Aguisín 10.

5. Cén chaoi ar bhain Sól agus Dáiví mí-úsáid as a gcuid cumhachta?

5 B’fhéidir gur chuala tú an ráiteas, “Tagann an t-olc de dhroim na cumhachta.” Tá cuid mhaith daoine i stair an duine a bhain mí-úsáid as a gcuid cumhachta. (Léigh Cóheilit 8:9.) Nuair a roghnaigh Iehova Sól mar rí ar Iosrael, b’fhear uiríseal é. Ach lig sé don éad agus don mhórchúis an ceann is fearr a fháil air. Dá bharr sin, rinne sé géarleanúint ar Dháiví, fear nach raibh dada déanta as bealach aige. (1 Samúéil 9:20, 21; 10:20-22; 18:7-11) Ina dhiaidh sin, rinneadh rí de Dháiví agus bhí sé ar dhuine de na ríthe ab fhearr a bhí ar Iosrael riamh. Mar sin féin, in am tráth, bhain seisean freisin mí-úsáid as a chumhacht. Bhí caidreamh collaí aige le Baitseaba, bean chéile Úiríá. Ansin chun a pheaca a cheilt chuir sé Úiríá i mbealach a bhasctha chun go marófaí é sa gcath.—2 Samúéil 11:1-17.

ÓMÓS D’ÚDARÁS IEHOVA

6, 7. (a) Cén chaoi a spreagann ár ngrá d’Iehova muid? (b) Céard a chabhróidh linn a bheith umhal fiú nuair nach mbíonn sé éasca?

6 Tá ómós againn do threoir Iehova de bhrí go bhfuil grá againn dó. Is mian linn lúcháir a chur ar a chroí, mar gur mó ár ngrá dósan ná d’aon ní eile. (Léigh Seanfhocail 27:11; Marcas 12:29, 30.) Tá Sátan ag iarraidh amhras a tharraingt ar údarás Iehova, ón am a raibh an chéad lánúin ina gcónaí i ngairdín Éidin. Tá an Diabhal ag iarraidh go gceapfadh muid nach bhfuil sé de cheart ag Iehova treoir a thabhairt dúinn. Ach tá a fhios againn gur bréag é seo. Aontaíonn muid leis an ráiteas seo: “A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní.”—Apacailipsis 4:11.

7 Nuair a bhí tú i do pháiste, is dóigh gur múineadh duit le bheith umhal do do thuismitheoirí, fiú nuair nach raibh mórán fonn ort. Is é an scéal céanna é ag searbhóntaí Iehova, bíonn amanna ann nach mbíonn sé éasca a bheith umhal. Ach tá grá agus ómós againn d’Iehova, agus déanann muid ár ndícheall a bheith umhal dó. D’fhág Íosa dea-shampla againn. Bhí sé umhal d’Iehova fiú nuair nach raibh sé éasca aige. Sin é an fáth a raibh sé in ann a rá lena Athair: “Nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.”—Lúcás 22:42; féach ar Aguisín 11.

8. Cén chaoi a dtreoraíonn Iehova muid? (Féach ar an mbosca “ Glac le Comhairle.”)

8 Tugann Iehova treoir dúinn inniu ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, thug sé an Bíobla dúinn. Chuir sé seanóirí an phobail ar fáil dúinn freisin. Léiríonn muid go bhfuil ómós againn d’údarás Iehova nuair a léiríonn muid ómós dóibh siúd a úsáideann sé chun muid a threorú. Má dhiúltaíonn muid dá dtreoir, tá sé mar a bheadh muid ag tabhairt droim láimhe d’Iehova. Nuair a d’éirigh na hIosraeilítigh amach in aghaidh Mhaois, ba rud an-tromchúiseach a bhí ann. I súile Iehova, bhí siad ag tabhairt droim láimhe dósan.—Uimhreacha 14:26, 27; féach ar Aguisín 12.

9. Cén chaoi a spreagfaidh an grá muid?

9 Nuair a léiríonn muid ómós d’údarás, léiríonn sé go bhfuil grá againn dár mbráithre freisin. Smaoinigh mar seo air: Nuair a tharlaíonn tubaiste, is minic a oibríonn foireann tarrthála le chéile chun an méid daoine agus is féidir a shábháil. Teastaíonn duine éigin chun an fhoireann a eagrú, agus ní mór do gach ball den fhoireann na treoracha a leanúint chun go n-éireoidh leo. Ach céard a tharlódh dá mbeadh duine amháin ann nach dtabharfadh aon aird ar na treoracha? Cé go mb’fhéidir go mbeadh sé ag déanamh a dhícheall, mura n-éisteann sé, d’fhéadfadh sé fadhbanna a chothú don chuid eile den fhoireann agus a mbeatha a chur i mbaol. Ar an gcaoi chéanna, mura leanann muidne treoir Iehova agus treoir na ndaoine a bhfuil freagrachtaí curtha aige orthu, d’fhéadfadh sé go bhfulaingeodh daoine eile dár mbarr. Ach nuair a bhíonn muid umhal d’Iehova, léiríonn muid go bhfuil grá againn dár mbráithre agus go bhfuil ómós againn don eagar a chuireann Iehova ar rudaí.—1 Corantaigh 12:14, 25, 26.

10, 11. Céard a phléifidh muid anois?

10 Téann gach rud a deir Iehova linn a dhéanamh chun tairbhe dúinn. Nuair a léiríonn muid ómós d’údarás inár dteaghlach, sa bpobal, agus d’oifigigh rialtais, téann sé chun tairbhe do chách.—Deotranaimí 5:16; Rómhánaigh 13:4; Eifisigh 6:2, 3; Eabhraigh 13:17.

11 Má thuigeann muid an fáth a bhfuil Iehova ag iarraidh orainn ómós a léiriú do dhaoine eile, beidh sé níos éasca againn é a dhéanamh. Déanfaidh muid tuilleadh plé anois ar an mbealach ar féidir linn ómós a léiriú, sna trí chás atá luaite thuas.

AG LÉIRIÚ ÓMÓIS SA TEAGHLACH

12. Cén chaoi ar féidir le fear céile a léiriú go bhfuil ómós aige d’údarás Iehova?

12 Bhunaigh Iehova an teaghlach agus thug sé a ról féin do gach duine. Nuair a thuigeann gach duine a ról féin, oibríonn siad as lámh a chéile agus téann sé chun tairbhe don teaghlach go léir. (1 Corantaigh 14:33) Cheap Iehova an fear céile mar cheann ar an teaghlach. Ciallaíonn sé seo go bhfuil Iehova ag súil go dtabharfaidh sé aire cheanúil agus treoir ghrámhar dá bhean agus dá chlann. Mar sin, tá an fear céile freagrach os comhair Dé faoin gcaoi a gcaitheann sé leo. Tá an fear céile Críostaí cineálta agus grámhar agus caitheann sé lena theaghlach mar a chaith Íosa leis an bpobal Críostaí. Nuair a dhéanann sé é seo, léiríonn sé go bhfuil ómós aige d’Iehova.—Eifisigh 5:23; féach ar Aguisín 13.

Leanann athair Críostaí dea-shampla Íosa agus é ag tabhairt aire dá chlann

13. Cén chaoi ar féidir le bean chéile a léiriú go bhfuil ómós aici d’údarás Iehova?

13 Tá ról uasal ag an mbean chéile Chríostaí freisin. Tacaíonn sí lena fear céile agus é ag obair go crua mar cheann an teaghlaigh. Tá sé de fhreagracht uirthi, mar aon lena fear céile, oiliúint a chur ar a gcuid páistí. Múineann sí dá cuid páistí le hómós a léiriú trína dea-shampla féin. (Seanfhocail 1:8) Bíonn ómós aici dá fear céile agus comhoibríonn sí leis. Fiú nuair nach n-aontaíonn sí leis, cuireann sí a cuid tuairimí in iúl go hómósach. Nuair a bhíonn bean Chríostaí pósta ag fear nach bhfuil ina fhinné ag Iehova bíonn dúshláin ar leith aici. Ach má leanann sí uirthi ag léiriú grá agus ómós dá fear céile, b’fhéidir lá éigean go dtógfadh seisean ar féin foghlaim faoi Iehova agus é a adhradh.—Léigh 1 Peadar 3:1.

14. Cén chaoi ar féidir le páistí a léiriú go bhfuil ómós acu d’údarás Iehova?

14 Tá páistí an-luachmhar i súile Iehova agus teastaíonn cosaint agus treoir uathu. Cuireann páistí gliondar ar a dtuismitheoirí, nuair a bhíonn siad umhal dóibh. Agus níos tábhachtaí fós, nuair a bhíonn siad umhal léiríonn siad go bhfuil ómós acu d’Iehova agus cuireann siad gliondar airsean freisin. (Seanfhocail 10:1) I go leor teaghlaigh, is tuismitheoir amháin atá ag tógáil na bpáistí. D’fhéadfadh sé seo a bheith an-deacair ar an tuismitheoir agus ar na páistí. Ach nuair a bhíonn na páistí umhal dá dtuismitheoir, bíonn saol an teaghlaigh i bhfad níos fearr. Níl aon teaghlach foirfe. Ach is féidir le teaghlaigh a bheith níos sona nuair a leanann gach duine sa teaghlach treoir Iehova. Tugann sé seo glóir d’Iehova, an té a bhunaigh an teaghlach.—Eifisigh 3:14, 15.

ÓMÓS SA bPOBAL CRÍOSTAÍ

15. Cén chaoi ar féidir linn a léiriú go bhfuil ómós againn d’údarás?

15 Tugann Iehova treoir dúinn tríd an bpobal Críostaí, agus is é Íosa Críost atá curtha i gceannas aige. (Colosaigh 1:13) Chuir Íosa an fhreagracht ar an “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar” aire a thabhairt do phobal Dé ar an talamh. (Matha 24:45-47) Is é Bord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar” sa lá atá inniu ann. Cuireann an Bord Stiúrtha gach a dteastaíonn uainn ar fáil ag an am ceart, chun ár gcreideamh a choinneáil láidir. Tugann seanóirí, cúntóirí agus feighlithe ceantar tacaíocht do phobail Chríostaí ar fud an domhain, faoi threoir an Bhoird Stiúrtha. Tá sé de dhualgas ar na bráithre seo go léir aire a thabhairt dúinn. Tá siad freagrach d’Iehova faoin gcaoi a gcomhlíonann siad na dualgais seo. Mar sin, nuair a léiríonn muid ómós do na fir seo, léiríonn muid go bhfuil ómós againn d’Iehova.—Léigh 1 Teasalónaigh 5:12; Eabhraigh 13:17; féach ar Aguisín 14.

16. Cén fáth ar féidir linn a rá go bhfuil na seanóirí agus na cúntóirí ceaptha ag an spiorad naomh?

16 Cabhraíonn seanóirí agus cúntóirí leis an bpobal fanacht dílis agus aontaithe. Ar ndóigh, is daoine neamhfhoirfe cosúil linn féin iad. Mar sin, cén chaoi a roghnaítear iad? Caithfidh na bráithre seo na cáilíochtaí atá curtha ar fáil sa mBíobla a chomhlíonadh. (1 Tiomóid 3:1-7, 12; Títeas 1:5-9) D’úsáid Iehova a spiorad naomh chun cuidiú le scríbhneoirí an Bhíobla na cáilíochtaí seo a mhíniú. Iarrann na seanóirí cabhair an spiorad naomh ar Iehova nuair a bhíonn siad ag roghnú bráthair le bheith ina sheanóir nó ina chúntóir. Is léir go bhfuil an pobal Críostaí ag feidhmiú faoi threoir Íosa agus Iehova. (Gníomhartha 20:28) Is tabhartais ó Dhia iad na fir atá ceaptha ag Iehova chun aire a thabhairt dúinn.—Eifisigh 4:8.

17. Céard a chaithfeadh bean a dhéanamh ag amanna chun ómós a léiriú?

17 Uaireanta d’fhéadfadh sé nach mbeadh seanóir ná cúntóir ar fáil le dualgas éigin a chomhlíonadh sa bpobal Críostaí. Go hiondúil, is féidir le fir atá baiste cúnamh a thabhairt, ach mura bhfuil siad ann, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar bhean an dualgas a chomhlíonadh. Más é sin an cás, clúdóidh sí a ceann le scaif nó hata. (1 Corantaigh 11:3-10) Ar an mbealach seo, léiríonn sí go bhfuil ómós aici don leagan amach scrioptúrtha a bhaineann le húdarás sa teaghlach agus sa bpobal Críostaí.—Féach ar Aguisín 15.

AG LÉIRIÚ ÓMÓIS D’OIFIGIGH RIALTAIS

18, 19. (a) Céard atá le foghlaim againn ó Rómhánaigh 13:1-7? (b) Cén chaoi ar féidir linn ómós a léiriú do rialtais?

18 Is ceart dúinn ómós a thabhairt do rialtais ós rud é gurb é Iehova a cheadaíonn údarás dóibh. Cuireann siad eagar ar thíortha agus ar phobail ionas go mbeidh siad in ann feidhmiú mar is ceart, agus cuireann siad seirbhísí ar fáil. Bíonn Críostaithe umhal don treoir atá le fáil i Rómhánaigh 13:1-7. (Léigh.) Tá ómós againn do na húdaráis agus bíonn muid umhal do dhlíthe na tíre. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag na dlíthe seo ar ár gclann, ár ngnó, nó ár maoin shaolta. Mar shampla, íocann muid cáin agus cuireann muid ar fáil aon eolas a iarrann an rialtas orainn. Ach céard a dhéanfaidh muid má iarrann an rialtas orainn rud éigin a dhéanamh a théann in aghaidh dhlí Dé? Dúirt an t-aspal Peadar: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.”—Gníomhartha 5:28, 29.

19 Is cóir dúinn ómós a léiriú i gcónaí d’oifigigh rialtais, ar nós breithiúna nó gardaí. Léiríonn Críostaithe óga ómós dá múinteoirí agus do dhaoine eile atá fostaithe sa scoil. Léiríonn muid ómós dár bhfostóirí, bíodh ómós ag ár gcomhoibrithe dóibh nó ná bíodh. Leanann muid sampla an aspail Pól, a léirigh ómós d’oifigigh rialtais cé nach raibh sé éasca ag amanna. (Gníomhartha 26:2, 25) Fiú más rud é nach gcaitheann daoine eile go maith linn, bíonn muidne ómósach i gcónaí.—Léigh Rómhánaigh 12:17, 18; 1 Peadar 3:15.

20, 21. Céard a d’fhéadfadh tarlú má léiríonn muid go bhfuil ómós againn do dhaoine eile?

20 Tá an t-ómós a bhíodh ag daoine do dhaoine eile ag dul i léig sa lá atá inniu ann. Ach ní mar sin atá sé i measc Fhinnéithe Iehova. Tá sé d’aidhm againn ómós a léiriú do gach duine. Leanann muid comhairle an aspail Peadar: “Tugaigí onóir do chách.” (1 Peadar 2:17) Nuair a thugann muid ómós do dhaoine eile, tugann siad faoi deara é. Dúirt Íosa linn: “Bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.”—Matha 5:16.

21 Nuair a léiríonn muid ómós dá chéile sa teaghlach, sa bpobal Críostaí, agus i réimsí eile den saol, is féidir lenár ndea-shampla daoine eile a spreagadh chun aithne a chur ar Iehova. Agus nuair a léiríonn muid ómós do dhaoine eile, bíonn muid ag léiriú ómóis d’Iehova freisin. Cuireann sé seo lúcháir ar Iehova agus tugann sé le fios dó go bhfuil grá againn dó.