Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 6

Ag Roghnú Siamsaíochta

Ag Roghnú Siamsaíochta

“Déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé.”—1 CORANTAIGH 10:30b (10:31 i mBíoblaí eile).

1, 2. Cén fáth nach mór dúinn a bheith airdeallach nuair atá muid ag roghnú siamsaíochta?

 ABAIR go bhfuil tú ar tí plaic a bhaint as píosa de thoradh nuair a thugann tú faoi deara go bhfuil cuid de lofa. Céard a dhéanfaidh tú anois? An bhfuil tú ag dul á ithe? An bhfuil tú ag dul á chaitheamh uait? Nó an bhfuil tú ag dul an píosa atá lofa a ghearradh amach as agus an chuid eile de a ithe?

2 Ar bhealach, tá an tsiamsaíocht cosúil leis an toradh sin. Tá cuid di go maith, ach tá cuid di lofa de bhrí go bhfuil mímhoráltacht, foréigean, nó spioradachas ag baint léi. Mar sin, nuair a roghnaíonn tú siamsaíocht, an ndeir tú leat féin: “Fúm féin atá sé. Is féidir liom mo rogha siamsaíochta a roghnú”? Nó an ndeir tú: “Tá an tsiamsaíocht ar fad go dona”? Nó an roghnaíonn tú siamsaíocht go cúramach, ag baint sult as an dea-rud, ach ag seachaint an drochrud?

3. Céard is ceart dúinn a fhiafraí dínn féin nuair a bhíonn muid ag roghnú siamsaíochta?

3 Teastaíonn caitheamh aimsire agus siamsaíocht uainn ar fad, agus tá muid ag iarraidh roghanna maithe a dhéanamh. Ní mór dúinn fiafraí dínn féin, cén chaoi a dtéann ár siamsaíocht i gcion ar ár n-adhradh?

“DÉANAIGÍ AN tIOMLÁN CHUN GLÓIRE DÉ”

4. Cén prionsabal ón mBíobla a d’fhéadfadh cabhrú linn nuair atá muid ag roghnú siamsaíochta?

4 Nuair a thiomnaíonn muid muid féin d’Iehova, geallann muid dó go gcaithfidh muid ár saol ag tabhairt seirbhíse dó. (Léigh Cóheilit 5:3 [5:4 i mBíoblaí eile.]) Geallann muid go ndéanfaidh muid “an t-iomlán chun glóire Dé.” (1 Corantaigh 10:30b [10:31 i mBíoblaí eile]) Ciallaíonn sé seo go bhfuil muid tiomnaithe do Dhia freisin nuair a bhíonn muid ag baint sult as siamsaíocht agus ní nuair a bhíonn muid ag cruinnithe nó ag craobhscaoileadh amháin.

5. Cén sórt adhradh ar cheart dúinn a thabhairt d’Iehova?

5 Tá baint ag gach rud a dhéanann muid leis an adhradh a thugann muid d’Iehova. Sin é a bhí i gceist ag Pól nuair a dúirt sé: “Táim á iarraidh oraibh . . . bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia.” (Rómhánaigh 12:1) Dúirt Íosa: “Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán, agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.” (Marcas 12:30) Is mian linn ár ndícheall a dhéanamh d’Iehova i gcónaí. In Iosrael fadó, nuair a d’ofráladh daoine ainmhí mar íobairt, bhí an dualgas orthu ainmhí folláin a ofráil. Dá mbeadh an íobairt lochtach ar aon bhealach, ní bheadh aon ghlacadh ag Iehova léi. (Léivític 22:18-20) Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh Iehova diúltú dár n-adhradh. Cén fáth?

6, 7. Cén chaoi a bhféadfadh ár siamsaíocht dul i gcion ar ár n-adhradh?

6 Deir Iehova linn: “Bígí naofa mar go bhfuilimse naofa.” (1 Peadar 1:14-16; 2 Peadar 3:11) Ní ghlacann Iehova le hadhradh nach bhfuil naofa, nó glan. (Deotranaimí 15:21) Níl ár n-adhradh glan má tá muid ag déanamh rudaí a bhfuil an ghráin ag Iehova orthu—mar shampla, rudaí atá mímhorálta, foréigneach, nó a bhfuil baint acu le deamhnacht. (Rómhánaigh 6:12-14; 8:13) Ní bheadh Iehova sásta ach an oiread, dá mbeadh rudaí den sórt sin ina n-ábhar siamsaíochta againn. D’fhéadfadh siamsaíocht mar seo ár n-adhradh a thruailliú agus an-dochar a dhéanamh dár gcaidreamh le hIehova.

7 Mar sin, cén chaoi ar féidir linn siamsaíocht a roghnú go ciallmhar? Cé na prionsabail a chabhróidh linn an sórt siamsaíochta atá ceart nó mícheart i súile Dé a aithint?

BÍODH FUATH AGAT DON OLC

8, 9. Cén cineál siamsaíochta a sheachnaíonn muid? Cén fáth?

8 Tá go leor cineálacha siamsaíochta ar fáil sa lá atá inniu ann. Tá cuid di feiliúnach do Chríostaithe, ach tá go leor di nach bhfuil. I dtús báire, gheobhaidh muid amach cén cineál siamsaíochta ar cheart dúinn a sheachaint.

9 Tá go leor scannáin, láithreáin ghréasáin, cláir teilifíse, físchluichí, agus amhráin ann atá mímhorálta, foréigneach, nó diabhlaí. Is minic a chuirtear drochrud i láthair ar bhealach a thugann le tuiscint nach bhfuil aon dochar ann, nó go bhfuil sé greannmhar fiú. Ach déanann Críostaithe cinnte de go ndiúltaíonn siad do shiamsaíocht nach bhfuil ar aon dul le caighdeáin ghlana Iehova. (Gníomhartha 15:28, 29; 1 Corantaigh 6:9, 10) Nuair a dhéanann muid é seo, léiríonn muid d’Iehova gur fuath linn an t-olc.—Salm 34:15 (34:14 i mBíoblaí eile); Rómhánaigh 12:9.

10. Céard a tharlóidh má leanann muid orainn ag baint sult as siamsaíocht ar fuath le hIehova í?

10 Ach tá daoine ann a cheapann nach bhfuil aon rud mícheart le siamsaíocht atá foréigneach, mímhorálta, nó diabhlaí. Deir siad leo féin: ‘Cén dochar atá ann? Ní dhéanfainnse na rudaí sin go deo.’ Má cheapann muid é sin, tá muid ag cur an dallamullóg orainn féin. Deir an Bíobla: “Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois.” (Irimia 17:9) Má bhíonn muid ag baint sult as rudaí nach bhfuil aon ghlacadh ag Iehova leo, an féidir linn a rá go bhfuil fuath againn dóibh? Dá mhéad ama a chaitheann muid ag baint sult astu, is ea is mó glacadh a bheidh againn leo. Tar éis tamaill, maolóidh ár gcoinsias agus ní chuirfidh sé fainic orainn níos mó nuair a bhíonn muid ar tí drochrud a dhéanamh.—Salm 119:70; 1 Tiomóid 4:1, 2.

11. Cén chaoi a gcabhraíonn Galataigh 6:7 linn ár siamsaíocht a roghnú?

11 Deir Briathar Dé: “Mar a chuireann duine an síol is ea a bhainfidh sé an fómhar.” (Galataigh 6:7) Má bhíonn muid ag baint sult as drochrudaí, is cinnte go dtosóidh muid féin á ndéanamh tar éis tamaill. Mar shampla, tá daoine ann a raibh tionchar chomh mór sin ag siamsaíocht mhímhorálta orthu, go bhfuair an mhímhoráltacht an ceann is fearr orthu. Ach cabhraíonn Iehova linn ár siamsaíocht a roghnú go ciallmhar.

CUIR PRIONSABAIL AN BHÍOBLA I BHFEIDHM

12. Céard a chabhróidh linn cinntí maithe a dhéanamh maidir le siamsaíocht?

12 Tá sé soiléir go bhfuil cineálacha siamsaíochta ann nach nglacann Iehova leo, agus tá a fhios againn go gcaithfidh muid iad seo a sheachaint. Ach céard a dhéanfaidh muid mura bhfuil sé chomh soiléir sin? Ní thugann Iehova liosta rialacha dúinn maidir leis na rudaí ar féidir linn breathnú orthu, éisteacht leo, nó a léamh. Ina ionad sin, is mian leis go n-úsáidfeadh muid ár gcoinsias. (Léigh Galataigh 6:5.) Tugann Iehova prionsabail dúinn, sé sin, fírinní bunúsacha a chuireann a dhearcadh in iúl. Cabhraíonn na prionsabail seo linn ár gcoinsias a oiliúint. Múineann siad dúinn “cad is toil don Tiarna” sa gcaoi is go mbeidh muid in ann roghanna a dhéanamh a shásóidh Iehova.—Eifisigh 5:17.

Cabhraíonn prionsabail an Bhíobla linn ár siamsaíocht a roghnú

13. Cén fáth nach é an cinneadh céanna a dhéanann gach Críostaí maidir le siamsaíocht? Ach céard nach mór do Chríostaithe a choinneáil i gcuimhne?

13 Is minic nach é an rud céanna a roghnaíonn Críostaí amháin mar shiamsaíocht is a roghnaíonn Críostaí eile. Cén fáth? Mar is maith linn go léir rudaí difriúla. Chomh maith leis sin, an rud a ghlacann duine amháin leis, b’fhéidir nach nglacfadh duine eile leis. Mar sin féin, ní mór do Chríostaithe prionsabail an Bhíobla a úsáid chun cinntí maithe a dhéanamh. (Filipigh 1:9) Cabhróidh siad linn, siamsaíocht a roghnú a bhfuil glacadh ag Iehova léi.—Salm 119:11, 129; 1 Peadar 2:16.

14. (a) Cén tábhacht a bhaineann leis an gcaoi a gcaitheann muid ár gcuid ama? (b) Cén chomhairle a chuir Pól ar na Críostaithe?

14 Rud eile nach mór smaoineamh air ná an méid ama a chaitheann muid le siamsaíocht. Tugann sé seo léargas dúinn ar an mbéim a chuireann muid ar shiamsaíocht. Mar Chríostaithe, is é ár seirbhís d’Iehova an rud is tábhachtaí inár saol. (Léigh Matha 6:33.) Ach d’fhéadfadh muid, i ngan fhios dúinn féin, a bheith ag caitheamh níos mó agus níos mó ama le siamsaíocht. Chuir Pól an chomhairle seo ar Chríostaithe: “Bígí cúramach . . . gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara ag cur na huaire chun sochair.” (Eifisigh 5:15, 16) Dá bhrí sin, ní mór dúinn teorainn a chur leis an méid ama a chaitheann muid le siamsaíocht agus a chinntiú go bhfuil muid ag tabhairt tús áite do sheirbhís Dé.—Filipigh 1:10.

15. Cén chaoi ar féidir linn muid féin a chosaint ar shiamsaíocht a chuireann ár gcaidreamh le hIehova i mbaol?

15 Tá sé soiléir go gcaithfidh muid diúltú d’aon siamsaíocht nach nglacann Iehova léi. Ach céard faoi shiamsaíocht a bhfuil amhras orainn faoi? An gcaithfidh muid a bheith cúramach faoi seo freisin? Smaoinigh air seo. Dá mbeifeá ag siúl ar chosán ar thaobh sléibhe, an dtiocfá chomh gar agus arbh fhéidir leat don imeall? Ní thiocfá. Má tá luach agat ar do bheatha, fanfaidh tú i bhfad siar ón gcontúirt. Is é an cás céanna é le siamsaíocht. Deir Briathar Dé linn: “Seachain do chos ar an olc.” (Seanfhocail 4:25-27) Dá bhrí sin seachnaíonn muid siamsaíocht má tá a fhios againn,má cheapann muid, go mbaineann drochrudaí léi nó go ndéanfaidh sí dochar dár gcaidreamh le hIehova.

DEARCADH IEHOVA

16. (a) Céard iad cuid de na rudaí a bhfuil fuath ag Iehova dóibh? (b) Cén chaoi a léiríonn muidne gur fuath linn na rudaí ar fuath le hIehova iad?

16 Deir an Bíobla: “Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t-olc.” (Salm 97:10) Fiafraigh díot féin cén chaoi ar féidir leis an méid atá tú a fhoghlaim ón mBíobla cabhrú leat dearcadh Iehova a bheith agat. Mar shampla, tá a fhios againn gur fuath le hIehova “teanga an éithigh (nó, an bhréagadóra), lámha a dhoirt fuil neamhchiontach, croí a bheartaíonn cealga, cosa a bhrostaíonn chun an oilc.” (Seanfhocail 6:16-19) Foghlaimíonn muid le “drúis . . . íoladhradh agus asarlaíocht; . . . formad; fearg, . . . éad, . . . meisce, ragairne, agus a leithéid eile” a sheachaint. (Galataigh 5:19-21) An bhfeiceann tú an chaoi ar féidir leis na prionsabail seo ón mBíobla cabhrú leat siamsaíocht a roghnú? Tá muid ag iarraidh caighdeáin Iehova a leanúint i ngach gné dár saol, bíodh muid linn féin nó in éineacht le daoine eile. (2 Corantaigh 3:18) Go deimhin, is iad na roghanna a dhéanann muid nuair atá muid linn féin, a chuireann in iúl cén cineál duine muid.—Salm 11:4; 16:8.

17. Sula roghnaíonn muid siamsaíocht, cé na ceisteanna ar ceart dúinn a chur orainn féin?

17 Mar sin, nuair a roghnaíonn tú siamsaíocht, cuir ceist ort féin: ‘Cén tionchar a bheidh ag mo rogha ar an gcaidreamh atá agam le hIehova? Cén tionchar a bheidh aige ar mo choinsias?’ Déanfaidh muid scrúdú anois ar phrionsabail eile a chuideoidh linn agus muid ag roghnú siamsaíochta.

18, 19. (a) Cén chomhairle a chuir Pól ar na Críostaithe? (b) Cé na prionsabail a chabhróidh linn siamsaíocht a roghnú?

18 Nuair a roghnaíonn muid siamsaíocht, roghnaíonn muid ár n-intinn a líonadh leis an ábhar sin. Thug Pól an chomhairle seo: “Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n-aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta.” (Filipigh 4:8) Nuair a líonann muid ár n-intinn le dea-rudaí is féidir linn a rá: “Go raibh briathra uile mo bhéil agus smaointe mo chroí taitneamhach leatsa, a Thiarna.”—Salm 19:15 (19:14 i mBíoblaí eile.)

19 Fiafraigh díot féin: ‘Céard leis a bhfuil mé ag líonadh m’intinn? Cén chaoi a mothaím tar éis féachaint ar scannán nó ar sheó éigin? An mbím ar mo shuaimhneas, agus an mbíonn coinsias glan agam? (Eifisigh 5:5; 1 Tiomóid 1:5, 19) An mbím ar mo shuaimhneas ag guí chuig Iehova? Nó an mbím míshuaimhneach? Ar chuir an tsiamsaíocht ag smaoineamh ar rudaí foréigneach nó mímhorálta mé? (Matha 12:33; Marcas 7:20-23) An léiríonn na roghanna a dhéanaim maidir le siamsaíocht go bhfuil mé ag leanúint “patrún an tsaoil seo”?’ (Rómhánaigh 12:2) Má fhreagraíonn muid go hionraic tuigfidh muid cé na hathruithe is gá a dhéanamh lenár gcaidreamh le hIehova a choinneáil láidir. Tá muid ag iarraidh a bheith ag guí mar a rinne an salmaire: “Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas.” *Salm 119:37.

BÍONN TIONCHAR AG ÁR gCINNTÍ AR DHAOINE EILE

20, 21. Cén fáth nach mór dúinn smaoineamh ar ár mbráithre sula roghnaíonn muid siamsaíocht?

20 Seo prionsabal tábhachtach eile nach mór a choinneáil i gcuimhne: “Tá gach ní ceadaithe. Tá, ach ní hé gach ní a théann chun sochair. Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa.” (1 Corantaigh 10:23, 24) Cé go mb’fhéidir go bhfuil an tsaoirse againn rud éigin a dhéanamh, ní chiallaíonn sé sin gur cheart dúinn é a dhéanamh. Ní mór dúinn smaoineamh go cúramach maidir leis an gcaoi a bhféadfadh ár gcinntí a dhul i gcion ar ár mbráithre.

21 Ní mar a chéile coinsias gach duine. Mar shampla, b’fhéidir go ligfeadh do choinsias-sa duit breathnú ar chlár teilifíse áirithe. Ach ansin faigheann tú amach go gcuireann an clár céanna sin isteach ar choinsias do bhráthair. Céard a dhéanfaidh tú? Cé go bhfuil sé de cheart agat breathnú air, b’fhéidir nach mbreathnófá air níos mó. Cén fáth? De bhrí nach bhfuil tú ag iarraidh ‘peaca a dhéanamh in aghaidh do bhráthair’—nó peaca “in aghaidh Chríost” fiú. (1 Corantaigh 8:12) Níl muid ag iarraidh aon rud a dhéanamh a chuirfeadh as do choinsias ár mbráthar.—Rómhánaigh 14:1; 15:1; 1 Corantaigh 10:31.

22. Cén chaoi a léiríonn muid go bhfuil muid réasúnach?

22 Ar an lámh eile de, céard a dhéanfaidh tusa más rud é nach ligeann do choinsias duit siamsaíocht ar leith a roghnú, ach ceapann duine éigin eile nach bhfuil dada mícheart leis? De bhrí go bhfuil grá agus ómós agat do do bhráthair, ní chuirfidh tú brú air na roghanna céanna a dhéanamh is a dhéanann tusa. Tá a fhios ag an té a bhíonn ag tiomáint cairr gur féidir le daoine eile a bheith ag tiomáint níos tapúla nó níos moille ná eisean agus fós a bheith ina dtiománaithe maithe. Dá réir sin, d’fhéadfadh tusa agus duine eile de na bráithre a bheith ag cleachtadh prionsabail an Bhíobla agus, ag an am céanna, tuairimí éagsúla a bheith agaibh maidir leis na cineálacha siamsaíochta a nglacann sibh leo.—Cóheilit 7:16; Filipigh 4:5.

23. Céard a chabhróidh linn siamsaíocht mhaith a roghnú?

23 Céard a chabhróidh linn siamsaíocht mhaith a roghnú? Cabhróidh ár gcoinsias linn má bhíonn sé oilte ar phrionsabail an Bhíobla. Beidh tionchar ag an ngrá atá againn dár mbráithre ar na roghanna sin freisin. Agus beidh muid sásta freisin go bhfuil muid ag déanamh “an t-iomlán chun glóire Dé.”

^ Tá tuilleadh prionsabail a chabhróidh linn agus muid ag roghnú siamsaíochta le léamh i Seanfhocail 3:31; 13:20; Eifisigh 5:3, 4; agus Colosaigh 3:5, 8, 20.