Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Aguisíní

Aguisíní

 1 PRIONSABAIL

Tá dlíthe Dé bunaithe ar a phrionsabail. Is fírinní bunúsacha iad seo atá le fáil sa mBíobla. Tugann siad léargas dúinn ar an gcaoi a mothaíonn Iehova faoi rudaí. Cabhraíonn prionsabail linn cinntí maithe a dhéanamh, go mór mór nuair atá muid ag déileáil le nithe nach bhfuil tagairt dhíreach déanta dóibh i ndlíthe Dé.

Caibidil 1, alt 8

 2 UMHLAÍOCHT

Nuair a bhíonn muid umhal d’Iehova déanann muid go fonnmhar an méid a iarrann sé orainn. Is mian le hIehova gur as ár ngrá dó a bheadh muid umhal. (1 Eoin 5:3) Má tá grá againn do Dhia agus muinín againn as, leanfaidh muid a chomhairle i gcónaí. Beidh muid umhal dó fiú nuair nach mbíonn sé éasca. Téann sé chun leasa dúinn a bheith umhal d’Iehova. Múineann sé dúinn le saol maith a bheith againn anois agus geallann sé go mbeidh go leor beannachtaí le fáil againn san am atá le teacht.—Íseáia 48:17.

Caibidil 1, alt 10

 3 SAORTHOIL

Thug Iehova saorthoil do gach duine, is é sin le rá, chuir sé ar chumas an duine a roghanna féin a dhéanamh. Níor cruthaíodh muid le bheith ar nós róbait. (Deotranaimí 30:19; Iósua 24:15) Is féidir linn ár saoirse a úsáid chun roghanna maithe a dhéanamh. Ach mura mbíonn muid cúramach, d’fhéadfadh muid droch-chinntí a dhéanamh. De bhrí go bhfuil saorthoil againn is fúinn féin atá sé an cinneadh a dhéanamh a bheith dílis d’Iehova agus cruthú go bhfuil grá againn dó.

Caibidil 1, alt 12

 4 CAIGHDEÁIN MHORÁLTA

Cuireann Iehova caighdeáin mhorálta, nó treoirlínte, ar fáil faoin gcaoi ar cheart dúinn muid féin a iompar agus faoin rud ar cheart dúinn a dhéanamh. Faigheann muid amach ón mBíobla céard iad na caighdeáin seo, agus cén chaoi ar féidir leo cabhrú linn saol maith a chaitheamh. (Seanfhocail 6:16-19; 1 Corantaigh 6:9-11) Cabhraíonn na treoirlínte seo linn tuiscint a fháil ar na rudaí atá ceart nó mícheart i súile Dé. Spreagann siad muid freisin le cinntí maithe a dhéanamh, agus le grá agus cineáltas a léiriú do dhaoine eile. Cé go bhfuil caighdeáin mhorálta an domhain seo ag dul in olcas, ní athraíonn caighdeáin Iehova. (Deotranaimí 32:4-6; Malaicí 3:6) Má leanann muid iad coinneoidh siad slán ar chontúirtí muid.

Caibidil 1, alt 17

 5 AN COINSIAS

Is é an coinsias an éirim i nádúr an duine a aithníonn an rud atá ceart ón rud atá mícheart. Thug Iehova coinsias do gach duine againn. (Rómhánaigh 2:14, 15) Ní mór dúinn é a oiliúint de réir chaighdeáin mhorálta Iehova chun go n-oibreoidh sé i gceart. Is féidir linn ár gcoinsias a thraenáil chun cabhrú linn cinntí a dhéanamh a mbeidh Dia sásta leo. (1 Peadar 3:16) Is féidir lenár gcoinsias muid a chur ar an airdeall nuair atá muid ar tí rogha amaideach a dhéanamh, nó is féidir leis crá croí a chur orainn tar éis dúinn rud éigin mícheart a dhéanamh. Is féidir lenár gcoinsias éirí lag, ach le cabhair ó Iehova is féidir linn é a neartú arís. Má bhíonn ár gcoinsias glan beidh suaimhneas intinne agus féinmheas againn dá bharr.

Caibidil 2, alt 3

 6 EAGLA DÉ

Is éard atá i gceist le heagla Dé ná an oiread sin grá agus ómóis a bheith againn do Dhia is go mbeadh eagla orainn aon ní a dhéanamh a chuirfeadh as dó. Spreagann eagla Dé muid chun an mhaith a dhéanamh agus an t-olc a sheachaint. (Salm 111:10) Cuireann sé fonn orainn cluas éisteachta a thabhairt dó. Cabhraíonn sé linn ómós a léiriú d’Iehova trí na rudaí atá geallta againn dó a chur i gcrích. Bíonn tionchar ag eagla Dé ar an gcaoi a gcaitheann muid le daoine eile agus ar na roghanna a dhéanann muid gach lá.

Caibidil 2, alt 9

 7 AITHRÍ

Chun aithrí a dhéanamh ní mór dúinn aiféala a bheith orainn faoi pé rud atá déanta as bealach againn. Bíonn aiféala ar na daoine a bhfuil grá acu d’Iehova nuair a thuigeann siad go bhfuil rud éigin déanta acu atá in aghaidh a chaighdeáin. Má dhéanann muid rud éigin as bealach, ba cheart dúinn maithiúnas a iarraidh ar Iehova ar bhonn éiric Íosa. (Matha 26:28; 1 Eoin 2:1, 2) Nuair a dhéanann muid aithrí ó chroí agus a éiríonn muid as an drochrud is féidir linn a bheith muiníneach go dtabharfaidh Iehova maithiúnas dúinn. Ní gá dúinn a bheith ag mothú ciontach feasta faoi na rudaí a rinne muid san am a caitheadh. (Salm 103:10-14; 1 Eoin 1:9; 3:19-22) Ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh foghlaim ó na botúin a dhéanann muid, ár meon a athrú más gá, agus maireachtáil de réir chaighdeáin Iehova.

Caibidil 2, alt 18

 8 COSC COMHLUADAIR

Mura ndéanann duine a rinne peaca tromchúiseach aithrí agus má dhiúltaíonn sé maireachtáil de réir chaighdeáin Iehova, ní féidir leis a bheith mar bhall den phobal Críostaí a thuilleadh. Ní mór cosc comhluadair a chur ar an duine sin. Nuair atá cosc comhluadair ar dhuine, ní bhíonn aon chaidreamh againn leis agus ní labhraíonn muid leis. (1 Corantaigh 5:11; 2 Eoin 9-11) Mar gheall ar an socrú sin, ní bhíonn droch-cháil á tharraingt ar ainm Iehova ná ar an bpobal Críostaí. (1 Corantaigh 5:6) Is socrú é an cosc comhluadair a chuireann ina luí ar dhuine go gcaithfidh sé éirí as an drochrud más leis filleadh ar Iehova.—Lúcás 15:17.

Caibidil 3, alt 19

 9 TREOIR, STIÚRADH, AGUS COMHAIRLE

Tá grá ag Iehova dúinn agus is mian leis cabhrú linn. Mar sin, treoraíonn sé, stiúrann sé, agus cuireann sé comhairle orainn tríd an mBíobla agus trí dhaoine a bhfuil grá acu dó. De bharr ár neamhfhoirfeachta teastaíonn an chabhair seo go géar uainn. (Irimia 17:9) Nuair a éisteann muid go measúil leo siúd atá Iehova a úsáid chun muid a threorú, léiríonn muid go bhfuil meas againn ar Iehova agus gur mian linn a bheith dílis dó.—Eabhraigh 13:7.

Caibidil 4, alt 2

 10 MÓRCHÚIS AGUS UIRÍSLE

Ós rud é go bhfuil muid neamhfhoirfe, tá an claonadh ionainn a bheith leithleasach agus mórchúiseach. Ach tá Iehova ag iarraidh orainn a bheith uiríseal. Nuair a chuireann muid muid féin i gcomparáid le hIehova tosaíonn muid ag foghlaim uirísle. Is ansin a thuigeann muid nach fiú trácht orainn. (Iób 38:1-4) Má bhíonn muid uiríseal tabharfaidh muid tús áite do dhaoine eile. Creideann an té atá mórchúiseach gur fearr é féin ná daoine eile. Ach feiceann an té atá uiríseal a chuid láidreachtaí agus a chuid laigí araon. Níl eagla air a chuid botúin a admháil, a leithscéal a ghabháil, agus glacadh le moltaí agus le comhairle. Cuireann an té atá uiríseal a mhuinín in Iehova agus leanann sé a threoir.—1 Peadar 5:5.

Caibidil 4, alt 4

 11 ÚDARÁS

Is éard atá i gceist le húdarás ná an ceart atá ag duine orduithe a thabhairt agus cinntí a dhéanamh. Is é Iehova an té a bhfuil an t-údarás is airde aige ar neamh agus ar talamh. De bhrí gur chruthaigh sé gach uile ní, is é an té is cumhachtaí sa gcruinne é. Úsáideann sé a chuid údaráis i gcónaí chun leas an chine dhaonna. Tá an dualgas curtha ag Iehova ar dhaoine áirithe aire a thabhairt dúinn. Mar shampla, tá údarás ag tuismitheoirí, ag seanóirí an phobail Chríostaí, agus ag rialtais, agus tá Iehova ag iarraidh orainn comhoibriú leo. (Rómhánaigh 13:1-5; 1 Tiomóid 5:17) Ach nuair a thagann dlíthe Dé agus dlíthe an duine salach ar a chéile, is do dhlíthe Dé a ghéilleann muid. (Gníomhartha 5:29) Nuair a ghlacann muid le treoir na ndaoine a bhfuil údarás tugtha ag Iehova dóibh, léiríonn muid meas ar chinntí Iehova.

Caibidil 4, alt 7

 12 SEANÓIRÍ

Is ar sheanóirí a bhfuil an taithí chuí acu a chuireann Iehova an cúram aire a thabhairt dá phobal. (Deotranaimí 1:13; Gníomhartha 20:28) Cabhraíonn na fir seo linn ár gcaidreamh le hIehova a choinneáil láidir agus ord agus eagar a choinneáil ar ár n-adhradh. (1 Corantaigh 14:33, 40) Chun a bheith ceaptha ag an spiorad naomh, caithfidh seanóirí na cáilíochtaí spioradálta a bhfuil cur síos orthu sa mBíobla, a chomhlíonadh. (1 Tiomóid 3:1-7; Títeas 1:5-9; 1 Peadar 5:2, 3) Comhoibríonn muid go fonnmhar leis na seanóirí de bhrí go bhfuil muinín againn in eagraíocht Dé.—Salm 138:6; Eabhraigh 13:17.

Caibidil 4, alt 8

 13 CEANN AN TEAGHLAIGH

Chuir Iehova an cúram ar thuismitheoirí aire a thabhairt dá bpáistí agus dá dteaghlach. Ach, míníonn an Bíobla gurb é an t-athair ceann an teaghlaigh. Mura bhfuil aon athair ann, is í an mháthair ceann an teaghlaigh. Tá ceann an teaghlaigh freagrach as bia, éadaí agus áit chónaithe a chur ar fáil dá theaghlach. Tá sé tábhachtach freisin go gcabhródh sé lena theaghlach Iehova a adhradh. Mar shampla, déanann sé cinnte go bhfreastalaíonn siad go rialta ar chruinnithe an phobail Chríostaí, go dtéann siad amach ag craobhscaoileadh, agus go ndéanann siad staidéar ar an mBíobla le chéile. Tá sé de dhualgas air freisin cinntí a dhéanamh thar cheann an teaghlaigh. Déanann sé a dhícheall i gcónaí a bheith cineálta agus réasúnach mar a bhí Íosa, agus gan a bheith cruálach ná géar. Leis sin, cothaítear atmaisféar grámhar ina mothaíonn gach ball den teaghlach go bhfuil siad sábháilte agus go bhfuil siad in ann a gcaidreamh le hIehova a neartú.

Caibidil 4, alt 12

 14 AN BORD STIÚRTHA

Is é an Bord Stiúrtha an grúpa d’fhir ungtha atá á n-úsáid ag Iehova chun an obair a dhéanann a dhaoine a stiúradh. D’úsáid Iehova bord stiúrtha chun treoir a thabhairt do Chríostaithe na céad aoise ina n-adhradh agus san obair chraobhscaoilte. (Gníomhartha 15:2) Sa lá atá inniu ann, tugann an grúpa d’fhir atá ag feidhmiú mar Bhord Stiúrtha ceannaireacht do phobal Dé, á stiúradh agus á gcosaint. Nuair a dhéanann na bráithre seo cinntí, bíonn siad ag brath ar threoir ó Bhriathar Dé agus a spiorad naomh. Thug Íosa “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar” ar an ngrúpa d’fhir ungtha seo.—Matha 24:45-47.

Caibidil 4, alt 15

 15 AG CLÚDACH AN CHINN

D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar bhean atá baiste dualgas éigin a chomhlíonadh sa bpobal Críostaí, a chomhlíonann fear atá baiste de ghnáth. Nuair a dhéanann sí an obair seo, clúdaíonn sí a ceann chun a léiriú go bhfuil meas aici ar na socruithe atá leagtha síos ag Iehova don phobal Críostaí. Ach ní gá do bhean a ceann a chlúdach ach i gcásanna áirithe. Mar shampla, caithfidh sí a ceann a chlúdach má bhíonn sí ag múineadh an Bhíobla nuair a bhíonn a fear céile, nó fear atá baiste i láthair.—1 Corantaigh 11:11-15.

Caibidil 4, alt 17

 16 NEODRACHT

Ciallaíonn neodracht nach mbíonn aon bhaint againn le cúrsaí polaitíochta. (Eoin 17:16) Is le Ríocht Dé a thacaíonn pobal Iehova. Fanann muid neodrach ar ghnóthaí an tsaoil, díreach mar a rinne Íosa.

Ordaíonn Iehova dúinn a “bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais.” (Títeas 3:1, 2; Rómhánaigh 13:1-7) Ach ordaíonn sé dúinn freisin gan dúnmharú a dhéanamh. Mar sin, bheadh sé in aghaidh coinsias an Chríostaí páirt a ghlacadh i gcogadh. Nuair a bhíonn an rogha ag Críostaí obair shibhialta a dhéanamh mar mhalairt ar sheirbhís mhíleata, ní mór dó a bheith cinnte go gceadaíonn a choinsias dó é sin a dhéanamh.

Is d’Iehova amháin a thugann muid adhradh, de bhrí gurb é ár gCruthaitheoir é. Cé go léiríonn muid meas ar shiombailí náisiúnta, ní thabharfadh muid cúirtéis do bhratach agus ní chanfadh muid amhrán náisiúnta. (Íseáia 43:11; Dainéil 3:1-30; 1 Corantaigh 10:14) Chomh maith leis sin, déanann adhraitheoirí Iehova cinneadh pearsanta gan vótáil i dtoghcháin pholaitiúla, mar tá ár vóta caite cheana féin againn ar son Ríocht Dé.—Matha 22:21; Eoin 15:19; 18:36.

Caibidil 5, alt 2

 17 SPIORAD AN tSAOIL SEO

Cuireann an saol seo meon Shátain chun cinn. Tá an meon seo coitianta i measc daoine nach bhfuil aon ghrá acu d’Iehova agus nach dtugann aon aird ar a chuid caighdeán. (1 Eoin 5:19) Spiorad an tsaoil a thugtar ar an meon seo agus ar na rudaí a dhéantar dá bharr. (Eifisigh 2:2) Déanann adhraitheoirí Iehova cinnte nach bhfaighidh an spiorad seo an ceann is fearr orthu. (Eifisigh 6:10-18) Is mór againn prionsabail Iehova agus oibríonn muid go crua chun an mheoin chéanna a bheith againn is atá aigesean.

Caibidil 5, alt 7

 18 SÉANADH CREIDIMH

Is éard atá i gceist le séanadh creidimh ná a bheith ag cur in aghaidh fírinní an Bhíobla. Éiríonn séantóirí creidimh amach in aghaidh Iehova agus in aghaidh Íosa, an Rí atá ceaptha ar Ríocht Dé, agus bíonn siad ag iarraidh daoine eile a mhealladh leo. (Rómhánaigh 1:25) Bíonn siad ag iarraidh amhras a chothú in intinn adhraitheoirí Iehova. Bhí daoine áirithe sa bpobal Críostaí sa gcéad aois a thug droim láimhe dá gcreideamh, agus tá an rud céanna ag tarlú inniu. (2 Teasalónaigh 2:3) Ní bhíonn aon bhaint ag adhraitheoirí Iehova le séantóirí creidimh. Ní éistfeadh muid go deo le séantóirí creidimh, ní léifeadh muid a gcuid foilseacháin is cuma cén brú a chuirtear orainn, agus ní bheadh muid fiosrach fúthu. Tá muid dílis d’Iehova agus is dósan amháin a thugann muid adhradh.

Caibidil 5, alt 9

 19 CÚITEAMH AR AN bPEACA

Bhí náisiún Iosrael in ann maithiúnas a iarraidh ar Iehova mar bhí siad faoi Dhlí Mhaois. Thug siad íobairtí de ghrán, d’ola agus d’ainmhithe go dtí an teampall mar chúiteamh ar a bpeacaí. Chuir sé seo i gcuimhne do na hIosraeilítigh go raibh Iehova sásta maithiúnas a thabhairt dóibh ina gcuid peacaí, mar náisiún agus mar dhaoine aonair. Níos déanaí, tar éis d’Íosa a bheatha a thabhairt mar chúiteamh ar ár bpeacaí, ní raibh gá leis na híobairtí seo a thuilleadh. Mar gheall go raibh íobairt Íosa foirfe, ní raibh gá é a ofráil ach “an t-aon uair amháin.”—Eabhraigh 10:1, 4, 10.

Caibidil 7, alt 6

 20 MEAS AR AINMHITHE

De réir Dhlí Mhaois, bhí cead ag daoine ainmhithe a ithe. Ordaíodh dóibh freisin ainmhithe a ofráil mar íobairtí. (Léivític 1:5, 6) Ach níor cheadaigh Iehova dá dhaoine riamh caitheamh go cruálach le hainmhithe. (Seanfhocail 12:10) Go deimhin, bhí rialacha sa Dlí a chosain ainmhithe ar chruálacht. Ordaíodh do na hIosraeilítigh aire a thabhairt dá gcuid ainmhithe.—Deotranaimí 22:6, 7.

Caibidil 7, alt 6

 21 CODÁIN FOLA AGUS GNÁTHAIMH LEIGHIS

Codáin fola. Tá ceithre phríomhpháirt sa bhfuil—fuilchealla dearga, fuilchealla bána, pláitíní, agus fuilphlasma. Is féidir na ceithre phríomhpháirt seo a bhriseadh síos ina gcodanna níos lú, ar a dtugtar codáin fola. *

Diúltaíonn Críostaithe d’fhuilaistriú de lánfhuil nó d’aon cheann de na ceithre phríomhpháirt den fhuil. Ach ar cheart dóibh glacadh le codáin fola? Ní thugann an Bíobla aon treoir ar leith fúthu seo. Mar sin, is faoi choinsias gach Críostaí atá sé an nglacfaidh sé le codáin fola nó nach nglacfaidh.

Roghnaíonn roinnt Críostaithe na codáin fola go léir a dhiúltú. B’fhéidir go bhfuil an cinneadh seo bunaithe ar Dhlí Mhaois, a dúirt go gcaithfí fuil an ainmhí a dhoirteadh “ar an talamh.”—Deotranaimí 12:22-24.

Déanann daoine eile rogha dhifriúil. Ceadaíonn a gcoinsias dóibh cuid de na codáin fola seo a ghlacadh. B’fhéidir go bhfeictear dóibh nach seasann na codáin bheaga fola seo do bheatha an ainmhí níos mó.

Déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanas nuair atá tú ag déanamh cinneadh maidir le codáin fola:

  • Má dhiúltaím do na codáin fola go léir, an dtuigim nach mbeidh mé ag glacadh cuid de na cógais leighis a throideann in aghaidh galair nó a bheadh in ann sruth fola a stopadh?

  • Cén chaoi a míneoinn do dhochtúir an fáth a ndiúltaím do nó a nglacaim le codáin fola áirithe?

Gnáthaimh leighis. Mar Chríostaithe, ní dheonaíonn muid fuil, agus ní stórálann muid ár gcuid fola féin cúpla seachtain roimh obráid. Mar sin féin, tá gnáthaimh leighis eile ann a úsáideann fuil an othair féin. Caithfidh gach Críostaí a chinneadh féin a dhéanamh faoin úsáid a bhainfear as a chuid fola le linn aon obráid, teist, nó teiripe atá in úsáid faoi láthair. Le linn a leithéide sin de ghnáthaimh leighis, d’fhéadfadh fuil an othair a bheith scartha ón othar ar feadh tamaill.—Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an Watchtower, 15 Deireadh Fómhair 2000, leathanaigh 30-31.

Mar shampla, tá gnáthamh leighis ann ar a dtugtar tanú fola (hemodilution). Díreach roimh obráid tógtar cuid dá chuid fola ón othar agus cuirtear leacht ina háit. Níos déanaí, i rith nó díreach tar éis na hobráide, cuirtear an fhuil ar ais san othar arís.

Tá gnáthamh leighis eile ann ar a dtugtar tarrtháil fuilchealla (cell salvage.) Sa gcás seo, súitear suas an fhuil a ritheann isteach sa gcréacht le linn na hobráide, glantar í, agus cuirtear ar ais san othar í le linn na hobráide nó go gairid ina dhiaidh.

D’fhéadfadh sé nach é an chaoi chéanna a chuirfeadh gach dochtúir na gnáthaimh leighis seo i gcrích. Mar sin, sula nglacann Críostaí le haon ghnáthamh leighis, teist, nó aon teiripe atá á úsáid faoi láthair, ní mór dó fáil amach céard go díreach a dhéanfar lena chuid fola.

Nuair atá tú ag déanamh cinntí maidir le gnáthamh leighis a úsáideann do chuid fola féin, déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Má chuirtear mo chuid fola ar mhalairt treo agus bac a bheith curtha ar shruth na fola ar feadh tamaill, an mbeidh mé sásta de réir mo choinsias go bhfuil an fhuil seo fós mar pháirt díom agus nach gá é a dhoirteadh amach “ar an talamh.”—Deotranaimí 12:23, 24.

  • Má bhaintear fuil asam le linn ghnáthamh leighis, má dhéantar athruithe uirthi agus í a chur ar ais i (nó ar) mo cholainn arís, an gcuirfeadh sé as do mo choinsias?

  • Má dhiúltaím do gach gnáthamh leighis a bhaineann úsáid as mo chuid fola féin, an dtuigim go gciallaíonn sé sin nach nglacfainn le tástáil fola, haema-scagdhealú, nó úsáid innill a thógann áit an chroí agus na scamhóga le linn obráide?

Sula ndéanann muid cinneadh faoi chodáin fola agus gnáthaimh leighis a úsáideann ár gcuid fola féin, ní mór dúinn guí chuig Iehova chun a threoir a fháil agus taighde a dhéanamh ar an méid atá ráite sa mBíobla faoin bhfuil. (Séamas 1:5, 6) Ansin, is faoinár gcoinsias féin, atá oilte ar an mBíobla, atá sé. Níor cheart dúinn a bheith ag fiafraí de dhaoine eile céard a dhéanfaidís dá mbeidís inár mbróga, agus níor cheart do dhaoine eile a bheith ag insint dúinn céard ar cheart dúinn a dhéanamh.—Rómhánaigh 14:12; Galataigh 6:5.

Caibidil 7, alt 11

 22 GLAINEACHT MHORÁLTA

Ciallaíonn glaineacht mhorálta go bhfuil ár n-iompar agus gach a ndéanann muid glan i súile Dé. Baineann glaineacht mhorálta lenár smaointe, an rud a deir muid, agus an rud a dhéanann muid. Ordaíonn Iehova dúinn gach cineál neamhghlaineacht gnéis nó mímhoráltacht a sheachaint. (Seanfhocail 1:10; 3:1) Ní mór dúinn cinneadh a dhéanamh go leanfaidh muid caighdeáin ghlana Iehova fiú sula gcuirtear cathú orainn an t-olc a dhéanamh. Ní mór dúinn a bheith de shíor ag achainí ar Dhia cabhrú linn ár n-intinn a choinneáil glan, agus a bheith diongbháilte diúltú do chathú mímhorálta.—1 Corantaigh 6:9, 10, 18; Eifisigh 5:5.

Caibidil 8, alt 11

 23 IOMPAR NÁIREACH AGUS GÁIRSIÚLACHT

Ciallaíonn iompar náireach go bhfuil duine á iompar féin ar bhealach a théann in aghaidh chaighdeáin Dé agus go ndéanann sé é gan cás ná náire. Taispeánann duine den sórt sin nach bhfuil aon mheas aige ar dhlíthe Dé. Láimhseálann coiste breithiúnach cásanna ina bhfuil duine ciontach in iompar náireach. Tá cineálacha éagsúla mí-iompair i gceist le gáirsiúlacht. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar choiste breithiúnach cás gáirsiúlachta a láimhseáil, ag brath ar cé chomh tromchúiseach is atá an cás.—Galataigh 5:19-21; Eifisigh 4:19; chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar “Questions From Readers” san Watchtower 15 Iúl 2006.

Caibidil 9, alt 7; Caibidil 12, alt 10

 24 FÉINTHRUAILLIÚ

Chuir Iehova ar chumas an duine gnéas a bheith aige, ionas go mbeadh fear agus bean chéile in ann a ngrá a chur in iúl ar bhealach atá glan agus grámhar. Ach nuair a dhéanann duine féinthruailliú, nó mí-úsáid ar a bhaill ghiniúna ar son pléisiúr gnéasach, tá sé ag úsáid gnéas ar bhealach atá neamhghlan. D’fhéadfadh an nós seo dochar a dhéanamh do chaidreamh an duine le hIehova. D’fhéadfadh an féinthruailliú mianta mínádúrtha a chothú i nduine agus d’fhéadfadh sé cur air dearcadh mínádúrtha a bheith aige i leith an ghnéis. (Colosaigh 3:5) Má tá an nós neamhghlan seo ag duine agus má tá sé deacair aige é a bhriseadh, níor cheart dó tabhairt suas. (Salm 86:5; 1 Eoin 3:20) Má tá an fhadhb seo agatsa, guigh chuig Iehova agus iarr cabhair air. Seachain rudaí ar nós pornagrafaíocht, mar cothóidh sí smaointe neamhghlana ionat. Labhair le duine de do thuismitheoirí Críostaí nó le cara aibí a bhfuil meas aige ar dhlíthe Iehova. (Seanfhocail 1:8, 9; 1 Teasalónaigh 5:14; Títeas 2:3-5) Bíodh muinín agat go bhfeiceann Iehova na hiarrachtaí a dhéanann tú a bheith glan go morálta.—Salm 51:19 (51:17 i mBíoblaí eile); Íseáia 1:18.

Caibidil 9, alt 9

 25 POLAGAMAS

Polagamas a thugtar ar phósadh ina mbíonn níos mó ná céile pósta amháin ag duine ag an am céanna. Bheartaigh Iehova gur idir fear amháin agus bean amháin a bheadh an pósadh. Cheadaigh Iehova d’fhir in Iosrael fadó níos mó ná bean amháin a bheith acu, ach níorbh é sin a chuspóir ón tús. Ní cheadaíonn Iehova polagamas i measc a dhaoine sa lá atá inniu ann. Ní féidir le fear ach bean chéile amháin a bheith aige, agus ní féidir le bean ach fear céile amháin a bheith aici.—Matha 19:9; 1 Tiomóid 3:2.

Caibidil 10, alt 12

 26 COLSCARADH AGUS IDIRSCARADH

Bhí sé i gceist ag Iehova go bhfanfadh fear agus bean chéile in éineacht fad is a mhairidís. (Geineasas 2:24; Malaicí 2:15, 16; Matha 19:3-6; 1 Corantaigh 7:39) Ní cheadaíonn sé colscaradh ach amháin má dhéanann duine den lánúin adhaltranas. Sa gcás sin tugann Iehova an ceart don chéile neamhchiontach cinneadh a dhéanamh an bhfaighidh sé colscaradh.—Matha 19:9.

Tá Críostaithe ann a scar óna gcéile pósta cé nach raibh mímhoráltacht gnéis i gceist. (1 Corantaigh 7:11) Seo a leanas cuid de na cásanna ina bhféadfadh Críostaí smaoineamh ar idirscaradh a fháil.

  • Níl riar a gcáis á chur ar fáil: Diúltaíonn fear céile in aon turas riar a gcáis a chur ar fáil dá chlann.—1 Tiomóid 5:8.

  • Drochíde: Ag tabhairt an oiread drochíde do dhuine go n-airíonn sé go bhfuil a shláinte nó a bheatha i mbaol.—Galataigh 5:19-21.

  • Tá caidreamh duine le hIehova á chur i mbaol: Ní féidir le duine Iehova a adhradh mar gheall ar an gcaoi a gcaitheann a gcéile pósta leo.—Gníomhartha 5:29.

Caibidil 11, alt 19

 27 MOLADH AGUS SPREAGADH

Teastaíonn moladh agus spreagadh uainn ar fad. (Seanfhocail 12:25; 16:24) Is féidir linn labhairt le chéile go grámhar cineálta chun a chéile a neartú agus sólás a thabhairt dá chéile. Cabhraíonn sé seo lenár mbráithre leanúint orthu ag tabhairt seirbhíse d’Iehova in ainneoin a gcuid deacrachtaí. (Seanfhocail 12:18; Filipigh 2:1-4) Má bhíonn duine in ísle brí, ba chóir dúinn cluas éisteachta a thabhairt dó, agus tuiscint a fháil ar an gcaoi a mothaíonn sé. Ar an gcaoi sin beidh a fhios againn céard is ceart dúinn a rá nó a dhéanamh chun cabhrú leis. (Séamas 1:19) Déan do dhícheall aithne mhaith a chur ar do chuid bráithre ionas go dtuigfidh tú a gcuid riachtanais. Ansin beidh tú in ann cabhrú leo muinín a chur in Iehova, Dia an tsóláis uile, óna mbeidh siad in ann fíorshuaimhneas a fháil.—2 Corantaigh 1:3, 4; 1 Teasalónaigh 5:11.

Caibidil 12, alt 16

 28 BAINISEACHA

Níl aon rialacha speisialta sa mBíobla maidir le bainiseacha. Bíonn gnásanna agus dlíthe difriúla ag baint le bainiseacha ó áit go háit. (Geineasas 24:67; Matha 1:24; 25:10; Lúcás 14:8) Is iad na móideanna pósta a thugann an lánúin dá chéile os comhair Iehova an pháirt is tábhachtaí den bhainis. Is iondúil go mbíonn teaghlach agus cairde na lánúine i láthair nuair a thugann siad móideanna an phósta, chomh maith le seanóir a thugann caint atá bunaithe ar an mBíobla. Is faoin lánúin féin atá sé a roghnú cén sórt cóisir bainise a bheidh acu tar éis a bpósadh, má bhíonn cóisir ar bith acu. (Lúcás 14:28; Eoin 2:1-11) Pé socruithe a dhéanann lánúin ó thaobh na bainise de, ní mór dóibh a chinntiú go dtabharfaidh sí onóir d’Iehova. (Geineasas 2:18-24; Matha 19:5, 6) Cabhróidh prionsabail an Bhíobla leo cinntí maithe a dhéanamh. (1 Eoin 2:16, 17) Má bhíonn alcól ag an mbainis, ní mór don lánúin a chinntiú go ndéanfar an mhaoirseacht chuí ar an gcóisir. (Seanfhocail 20:1; Eifisigh 5:18) Má bhíonn aon cheol nó siamsaíocht ag an mbainis ní mór dóibh a chinntiú go dtabharfaidh siad seo freisin onóir d’Iehova. Ba chóir don lánúin a bheith dírithe ar a gcaidreamh le Dia agus lena chéile, agus ní ar an mbainis amháin.—Seanfhocail 18:22; tá moltaí eile le fáil san Watchtower 15 Deireadh Fómhair 2006, leathanaigh 18-31.

Caibidil 13, alt 18

 29 AG DÉANAMH CINNTÍ CIALLMHARA

Tá muid ag iarraidh cinntí ciallmhara a dhéanamh atá bunaithe ar phrionsabail an Bhíobla. Mar shampla, b’fhéidir go bhfaigheadh bean Chríostaí agus a céile pósta, nach Finné Iehova é, cuireadh ó ghaolta dul chuig béile chun féile éigin a cheiliúradh. Dá dtarlódh sé seo duitse céard a dhéanfá? Má ligeann do choinsias duit a dhul ann, d’fhéadfá a rá le do chéile pósta roimh ré nach mbeidh tú ag tógáil páirt in aon ghnásanna págánta. Ní mór duit fiafraí díot féin freisin, an gcuirfidh sé isteach ar choinsias dhaoine eile má théann tú ag an mbéile seo?—1 Corantaigh 8:9; 10:23, 24.

Nó b’fhéidir go mbeadh d’fhostóir ag iarraidh bónas a thabhairt duit le linn saoire na Nollag. An gá duit an bónas a dhiúltú? B’fhéidir nach gá. Braitheann sé ar an gcúis atá ag d’fhostóir le bónas a thabhairt duit. An bhfuil sé á thabhairt duit mar pháirt den cheiliúradh? Nó an bhfuil sé ag iarraidh a bhuíochas a chur in iúl duit? Ní mór duit machnamh orthu seo agus ar chúinsí eile, agus cinneadh a dhéanamh an nglacfaidh tú leis an mbónas nó nach nglacfaidh.

Nó, b’fhéidir go dtabharfadh duine éigin bronntanas duit le linn saoire na Nollag ag rá: “Tá a fhios agam nach gceiliúrann tú an Nollaig, ach ba mhaith liom é seo a thabhairt duit.” B’fhéidir gur ag iarraidh a bheith cineálta leat atá an duine seo. Ar an lámh eile de, b’fhéidir go bhfuil sé ag iarraidh do chreideamh a thástáil nó iallach a chur ort an Nollaig a cheiliúradh. Tar éis plé a dhéanamh air seo, is fút féin atá sé cinneadh a dhéanamh an nglacfaidh tú an bronntanas nó nach nglacfaidh. Tá muid ag iarraidh coinsias glan a bheith againn agus a bheith dílis d’Iehova i ngach cinneadh a dhéanann muid.—Gníomhartha 23:1.

Caibidil 13, alt 22

 30 CÚRSAÍ GNÓ AGUS DLÍ

An chuid is mó den am, nuair a láimhseáiltear aighneas go sciobtha agus go síochánta, ní gá go rachadh rudaí in olcas. (Matha 5:23-26) Ní mór do gach Críostaí a bheith diongbháilte onóir a thabhairt d’Iehova, agus an pobal Críostaí a choinneáil aontaithe.—Eoin 13:34, 35; 1 Corantaigh 13:4, 5.

Má bhíonn aighneas idir Chríostaithe faoi chúrsaí gnó, ba cheart dóibh a ndícheall a dhéanamh é a réiteach gan a chéile a thabhairt chun cúirte. Tá an chomhairle a thug an t-aspal Pól maidir le cúiseanna dlí idir Chríostaithe le fáil ag 1 Corantaigh 6:1-8. Má thugann muid ár mbráthair chun cúirte, d’fhéadfadh muid droch-cháil a tharraingt ar Iehova agus ar an bpobal Críostaí. Tá trí chéim tugtha do Chríostaithe i Matha 18:15-17 chun cúisimh thromchúiseacha, ar nós clúmhilleadh nó caimiléireacht, a réiteach: (1) Ba cheart dóibh iarracht a dhéanamh an cás a réiteach eatarthu féin ar dtús. (2) Mura n-oibríonn sé sin, is féidir leo cabhair a iarraidh ar dhuine nó beirt sa bpobal Críostaí a bheadh in ann cabhrú leo. (3) Ansin, más gá, is féidir leo iarraidh ar sheanóirí an phobail an cás a láimhseáil. Má tharlaíonn sé sin, déanfaidh na seanóirí iarracht cabhair a thabhairt chun socrú síochánta a fháil ar an gcás, ag cur prionsabail an Bhíobla i bhfeidhm. Mura bhfuil cuid de na daoine atá páirteach san aighneas sásta prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá an cás a chur faoi bhráid coiste breithiúnach.

D’fhéadfadh sé go mbeadh cásanna áirithe ann ina gcaithfí a dhul chun cúirte, mar shampla, cásanna a bhaineann le colscaradh, cúram páistí, ailiúnas, cúiteamh árachais, bancbhriseadh, nó uachtanna. Má úsáideann Críostaí an dlí chun cásanna mar seo a réiteach go síochánta, níl sé ag dul in aghaidh chomhairle Phóil.

Má dhéantar coir thromchúiseach ar nós, éigniú, mí-úsáid leanaí, duine a ionsaí, mórghoid, nó dúnmharú, agus má chuireann Críostaí na húdaráis ar an eolas faoi, níl sé ag dul in aghaidh chomhairle Phóil.

Caibidil 14, alt 14

 31 CAIMILÉIREACHT SHÁTAIN

Tá Sátan ag cur an dallamullóg ar dhaoine ó cruthaíodh an duine. (Geineasas 3:1-6; Apacailipsis 12:9) Tá a fhios aige má éiríonn leis an dallamullóg a chur orainn, go mbeidh sé in ann iallach a chur orainn an rud mícheart a dhéanamh. (2 Corantaigh 4:4; Séamas 1:14, 15) Úsáideann sé an pholaitíocht, reiligiún, cúrsaí gnó, siamsaíocht, oideachas, agus go leor rudaí eile chun a mheon féin a chur chun cinn ar bhealach a nglacfaidh daoine leis.—Eoin 14:30; 1 Eoin 5:19.

Tá a fhios ag Sátan nach bhfuil mórán ama fágtha aige chun an dallamullóg a chur ar dhaoine. Mar sin, tá sé ag déanamh a mhíle dícheall chun an oiread daoine is atá sé in ann, a chur amú. Is iad na daoine atá ag tabhairt seirbhís d’Iehova is mó atá sé ag iarraidh a mhealladh. (Apacailipsis 12:12) Mura mbíonn muid cúramach, d’fhéadfadh Sátan muidne a mhealladh. (1 Corantaigh 10:12) Mar shampla, tá Iehova ag iarraidh go mbeadh an pósadh buan. (Matha 19:5, 6, 9) Ach tá go leor daoine inniu den tuairim nach bhfuil sa bpósadh ach socrú sealadach agus gur furasta é a bhriseadh. Cuireann go leor scannán agus cláir teilifíse an meon seo chun cinn freisin. Ní mór dúinn a chinntiú nach dtiocfaidh meon an tsaoil seo maidir leis an bpósadh i gcion orainn.

Bíonn Sátan ag iarraidh a chur ina luí orainn freisin nach gá dúinn a bheith ag brath ar Iehova. (2 Tiomóid 3:4) Mura mbíonn muid cúramach, d’fhéadfadh sé go gcaillfeadh muid an meas atá againn ar an údarás atá acu siúd atá ceaptha ag Iehova. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go dtosódh bráthair ag cur in aghaidh chomhairle na seanóirí. (Eabhraigh 12:5) Nó d’fhéadfadh sé go dtosódh bean ag ceistiú an socrú atá leagtha síos ag Iehova go mbeadh fear ina cheann ar an teaghlach.—1 Corantaigh 11:3.

Ní mór dúinn a bheith diongbháilte gan ligeann do mheon Shátain a dhul i gcion orainn. Tá muid ag iarraidh meon Iehova a bheith againn agus ár n-intinn a choinneáil “ar na nithe atá thuas.”—Colosaigh 3:2; 2 Corantaigh 2:11.

Caibidil 16, alt 9

 32 CÓIR LEIGHIS

Tá muid go léir ag iarraidh sláinte mhaith a bheith againn agus an cúram is fearr a fháil nuair atá muid tinn. (Íseáia 38:21; Marcas 5:25, 26; Lúcás 10:34) Tá go leor córacha agus teicnící leighis ar fáil sa lá atá inniu ann. Nuair atá muid ag déanamh cinneadh faoi cén chóir leighis atá muid ag dul a úsáid, ní mór dúinn prionsabail an Bhíobla a leanúint. Coinníonn muid i gcuimhne gurb í Ríocht Dé amháin atá in ann muid a leigheas go hiomlán. Níl muid ag iarraidh a bheith chomh tógtha sin lenár sláinte go ndéanann muid faillí sna dualgais a bhaineann lenár n-adhradh.—Íseáia 33:24; 1 Tiomóid 4:16.

Má tá an chosúlacht ar aon chóir leighis go bhfuil cumhacht na ndeamhan taobh thiar di, ba chóir dúinn í a sheachaint. (Deotranaimí 18:10-12; Íseáia 1:13) Mar sin, sula nglacfaidh muid le haon chóir leighis, ní mór dúinn taighde a dhéanamh uirthi chun fáil amach cén bunús atá léi. (Seanfhocail 14:15) Ná bíodh aon dul amú orainn, tá Sátan ag iarraidh muid a mhealladh. Má bhíonn amhras ar bith orainn faoi aon chóir leighis, is fearr í a sheachaint.—1 Peadar 5:8.

Caibidil 16, alt 18

^ Tugann roinnt dochtúirí codáin fola ar na ceithre phríomhpháirt den fhuil. Mar sin, ní mór duit an cinneadh pearsanta atá déanta agat gan glacadh le fuilaistriú de lánfhuil ná de na ceithre phríomhpháirt den fhuil, sé sin fuilchealla dearga, fuilchealla bána, pláitíní, agus fuilphlasma, a mhíniú go soiléir.