Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 10

An Pósadh—Bronntanas Ó Dhia

An Pósadh—Bronntanas Ó Dhia

“Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh.”—CÓHEILIT 4:12.

1, 2. (a) Céard a bhíonn lánúin nuaphósta ag iarraidh a bhaint amach ina saol? (b) Cé na ceisteanna a phléifear sa gcaibidil seo?

 SAMHLAIGH bean agus fear ar lá a bpósta. Tá sceitimíní orthu faoin saol atá amach rompu agus tá siad lán de dhóchas. Tá súil acu go mbeidh saol fada sona acu le chéile.

2 Mar sin féin, tá go leor póstaí a thosaíonn amach go maith, ach ní sheasann siad. Caithfidh lánúin phósta treoir a fháil ó Dhia chun go seasfaidh an pósadh agus go mbeidh siad sona sásta. Déanfaidh muid plé anois ar na freagraí a thugann an Bíobla ar na ceisteanna seo leanas: Cé na buntáistí a bhaineann le pósadh? Má tá tú ag smaoineamh ar phósadh, cén chaoi ar féidir leat fear nó bean mhaith a roghnú? Cén chaoi ar féidir leat a bheith i d’fhear céile nó i do bhean chéile mhaith? Céard is féidir a dhéanamh le go mbeidh rath ar an bpósadh?—Léigh Seanfhocail 3:5, 6.

AR CHEART DOM PÓSADH?

3. An gceapann tú go gcaithfidh duine a bheith pósta chun a bheith sona sásta? Mínigh.

3 Creideann cuid de na daoine nach féidir leo a bheith sona sásta gan pósadh. Ach níl sé seo fíor. Dúirt Íosa go raibh daoine ann a bhí in ann fanacht singil. (Matha 19:11, 12) Dúirt an t-aspal Pól go bhfuil buntáistí ag baint le bheith singil. (1 Corantaigh 7:32-35) Is fút féin atá sé pósadh nó gan pósadh. Níor chóir go gcuirfeadh do chairde, do theaghlach ná do chultúr aon bhrú ort.

4. Céard iad cuid de na buntáistí a bhaineann le pósadh maith?

4 Deir an Bíobla gur bronntanas ó Dhia é an pósadh. Dúirt Iehova faoin gcéad fhear, Ádhamh: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.” (Geineasas 2:18) Mar sin, chruthaigh Iehova Éabha mar bhean chéile d’Ádhamh. Má bhíonn páistí ag lánúin, ba cheart go mbeadh a bpósadh sách láidir chun baile maith a chur ar fáil dóibh. Ach ní chun páistí a thabhairt ar an saol an t-aon chuspóir atá ag an bpósadh.—Salm 127:3; Eifisigh 6:1-4.

5, 6. Cén chaoi ar féidir leis an bpósadh a bheith cosúil le “corda trí dhual”?

5 Seo mar a deir Rí Solamh: “Is fearr dís ná duine; mar faigheann siad tuarastal maith ar a saothar. Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil. . . . Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh.”—Cóheilit 4:9-12.

6 Cothaíonn pósadh maith cairdeas idir beirt a thugann cabhair, cosaint agus sólás dá chéile. Is féidir leis an ngrá an pósadh a neartú, ach beidh pósadh níos láidre fós má adhrann an lánúin Iehova. Ansin, beidh an pósadh cosúil le “corda trí dhual,” rópa de thrí shnáth atá fite ar a chéile. Tá rópa den sórt sin i bhfad níos láidre ná rópa de dhá shnáth. Beidh pósadh láidir má bhíonn Iehova mar chuid lárnach de.

7, 8. Cén chomhairle a thug Pól faoin bpósadh?

7 Nuair a phósann lánúin, is féidir leo taitneamh a bhaint as caidreamh collaí le chéile. (Seanfhocail 5:18) Ach, más chun na mianta sin amháin a shásamh a phósann duine, tá an baol ann nach ndéanfaidh sé cinneadh maith nuair atá sé ag roghnú duine le pósadh. Sin é an fáth a ndeir an Bíobla gur fearr fanacht gan pósadh nó go mbeidh bláth na hóige caite ag duine, sé sin an t-am i saol duine nuair is láidre a bhíonn na mianta gnéis. Is fearr fanacht go dtí go socraíonn na mianta sin síos. Ansin, is féidir le duine rogha níos fearr a dhéanamh.—1 Corantaigh 7:9; Séamas 1:15.

8 Má tá tú ag smaoineamh ar phósadh, caithfidh tú a bheith réalaíoch agus a thuiscint go mbíonn dúshláin i ngach pósadh. Dúirt Pól go mbeadh “anró an tsaoil” orthu siúd a phósann. (1 Corantaigh 7:28) Is cuma cé chomh maith is atá an pósadh is féidir leis a bheith dúshlánach in amanna. Mar sin má bheartaíonn tú pósadh, bí cinnte go roghnóidh tú do chéile go ciallmhar.

CÉN DUINE AR CHEART DOM A PHÓSADH?

9, 10. Céard a tharlódh dá bpósfadh muid duine nach n-adhrann Iehova?

9 Seo prionsabal tábhachtach ón mBíobla gur fiú cuimhneamh air agus tú ag roghnú do chéile: “Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh.” (2 Corantaigh 6:14) Ní chuirtear dhá ainmhí nach bhfuil mar a chéile ó thaobh méide agus nirt de faoin gcuing chéanna, mar bheidís éagothrom, agus bheadh an dá ainmhí ag fulaingt. Ar an gcaoi chéanna, tá seans ann go mbeidh fadhbanna i bpósadh idir duine a adhrann Iehova agus duine nach n-adhrann. Mar sin, molann an Bíobla dúinn duine a adhrann Iehova a phósadh.—1 Corantaigh 7:39.

10 Tá Críostaithe ann a cheap gur bhfearr dóibh a bheith pósta le duine nach n-adhrann Iehova ná a bheith ina n-aonar. Ach nuair a dhéanann muid neamhaird de chomhairle an Bhíobla, is minic a bhíonn pian agus míshástacht mar thoradh air. Tugann adhraitheoirí Iehova tús áite d’Iehova ina saol. Cén chaoi a mothófá mura bhféadfá an chuid is tábhachtaí de do shaol a roinnt le do chéile pósta? Is fearr le go leor fanacht singil seachas duine nach ngránn Iehova a phósadh.—Léigh Salm 32:8.

11. Céard í an chaoi is fearr chun céile pósta a roghnú?

11 Ach ní hé sin le rá go ndéanfadh gach duine a adhrann Iehova céile pósta maith. Má tá tú ag smaoineamh ar phósadh, bí ag faire amach do dhuine a thaitníonn go mór leat agus a mbaineann tú ceart dó. Fan go dtí go gcastar duine ort a bhfuil na spriocanna céanna acu is atá agatsa agus a thugann tús áite d’Iehova. Léigh na foilseacháin a chuireann an sclábhaí iontaofa ciallmhar ar fáil agus déan do mhachnamh ar an gcomhairle atá ar fáil iontu faoin bpósadh.—Léigh Salm 119:105.

12. Céard is féidir linn a fhoghlaim faoi chleamhnais ón mBíobla?

12 I gcultúir áirithe is iad na tuismitheoirí a roghnaíonn céile pósta dá mac nó dá n-iníon. Meastar go bhfuil a fhios ag na tuismitheoirí cén duine is fearr a d’fheilfeadh dá mac nó dá n-iníon. Bhí an nós seo coitianta in aimsir an Bhíobla freisin. Mar sin, má leanann do theaghlach a leithéid sin de nós, tá an Bíobla in ann cabhrú le tuismitheoirí an cineál duine a bheadh feiliúnach mar chéile pósta a aithint. Mar shampla, nuair a roghnaigh Abrahám bean chéile dá mhac Íosác, níor thug sé tús áite d’airgead ná do stádas. Bean a raibh grá aici d’Iehova a bhí uaidh.—Geineasas 24:3, 67, 68; féach ar Aguisín 25.

CÉN CHAOI AR FÉIDIR LIOM ULLMHÚ DON PHÓSADH?

13-15. (a) Cén chaoi ar féidir le fear ullmhú le bheith ina fhear céile maith? (b) Cén chaoi ar féidir le bean ullmhú le bheith ina bean chéile mhaith?

13 Má tá tú ag smaoineamh ar phósadh, déan cinnte go bhfuil tú réidh lena aghaidh. B’fhéidir go gceapann tú go bhfuil, ach is fiú plé a dhéanamh ar céard atá i gceist le pósadh. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an freagra iontas ort.

Léigh agus déan machnamh ar an gcomhairle faoin bpósadh atá le fáil i mBriathar Dé

14 De réir an Bhíobla tá róil dhifriúla ag an bhfear céile agus ag an mbean chéile sa teaghlach. Mar sin, ní hé an t-ullmhú céanna a bhíonn le déanamh ag fear agus ag bean don phósadh. Ní mór don fhear atá ag smaoineamh ar phósadh fiafraí de féin an bhfuil sé réidh le bheith ina cheann teaghlaigh. Tá Iehova ag iarraidh go mbreathnódh fear céile amach dá bhean chéile agus dá chlann ó thaobh na mothúchán de agus go gcuirfeadh sé riar a gcáis ar fáil dóibh. Níos tábhachtaí fós, ní mór don fhear céile tús áite a thabhairt d’adhradh Iehova sa gclann. Deir an Bíobla faoin té nach ndéanann cúram dá chlann gur “measa é ná an díchreidmheach.” (1 Tiomóid 5:8) Mar sin, más fear thú atá ag smaoineamh ar phósadh, smaoinigh ar an bprionsabal seo ón mBíobla: “Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán, agus déan do phrapáil ar an machaire; imigh leat ansin agus tóg do theach.” Is é sin le rá, sula bpósann tú, déan cinnte go bhfuil tú in ann na cúraimí a chuireann Iehova ar fhir chéile a chomhlíonadh.—Seanfhocail 24:27.

15 Ní mór do bhean atá ag smaoineamh ar phósadh fiafraí di féin an bhfuil sí réidh le glacadh leis na freagrachtaí a bhaineann le bheith ina bean chéile agus b’fhéidir ina máthair fiú. Cuireann an Bíobla síos i Seanfhocail 31:10-31 ar roinnt de na bealaí éagsúla a dtugann bean mhaith aire dá fear céile agus dá páistí. Sa lá atá inniu ann, níl ag déanamh imní do go leor fir agus mná ach an méid a dhéanfaidh a gcéile dóibh. Ach is é mian Iehova go ndéanfadh muid machnamh ar an méid is féidir linne a dhéanamh dár gcéile pósta.

16, 17. Céard air nach mór duit machnamh a dhéanamh?

16 Sula bpósann tú, déan machnamh ar chomhairle Iehova d’fhir agus do mhná céile. Cé gurb é an fear ceann an teaghlaigh, ní hé sin le rá gur féidir leis a bheith ag bulaíocht, ná ag ciapadh a theaghlaigh. Déanann ceann teaghlaigh maith aithris ar Íosa, a bhíonn grámhar agus cineálta i gcónaí leo siúd atá faoina chúram. (Eifisigh 5:23) Ní mór do bhean machnamh a dhéanamh ar an méid atá i gceist le tacú agus comhoibriú lena fear céile. (Rómhánaigh 7:2) Ní mór di fiafraí di féin an mbeadh sí sásta géilleadh d’fhear atá neamhfhoirfe. Mura mbeadh, b’fhéidir gurbh fhearr léi fanacht singil go fóill.

17 Ní mór d’fhir agus do mhná céile leas a gcéile a chur chun tosaigh ar a leas féin. (Léigh Filipigh 2:4.) Scríobh Pól: “Ar aon chuma grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear.” (Eifisigh 5:21-33) Teastaíonn grá agus meas ó fhir agus ó mhná araon. Ach ar mhaithe le pósadh maith, caithfidh fear fios a bheith aige go bhfuil ómós ag a bhean dó, agus caithfidh bean fios a bheith aici go bhfuil grá ag a fear di.

18. Cén fáth nach mór do bheirt atá ag siúl amach le chéile a bheith cúramach?

18 Ba cheart go mbainfeadh beirt taitneamh as a bheith ag siúl amach le chéile agus ag cur aithne níos fearr ar a chéile. Ag an am céanna, ní mór dóibh a bheith réalaíoch agus macánta, ionas gur féidir leo cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad ag iarraidh a saol a chaitheamh le chéile nó nach bhfuil. Le linn do bheirt a bheith ag siúl amach le chéile, foghlaimíonn siad le labhairt go hoscailte lena chéile agus déanann siad iarracht tuiscint a fháil ar an méid atá i gcroí a chéile. De réir mar a neartaíonn a gcaidreamh, tá sé nádúrtha go mbeadh siad an-tógtha lena chéile. Ach ní mór dóibh smacht a choinneáil ar an mbealach a gcuireann siad a gcuid mothúcháin in iúl sula bpósann siad, ionas nach ndéanann siad rud éigin mímhorálta. Cabhróidh fíorghrá leo féinsmacht a bheith acu agus stopfaidh sé iad ag déanamh aon ní a dhéanadh dochar dá gcaidreamh lena chéile nó le hIehova.—1 Teasalónaigh 4:6.

Foghlaimíonn beirt le labhairt go hoscailte lena chéile le linn dóibh a bheith ag siúl amach lena chéile

CÉN CHAOI A gCINNTEOIDH MÉ GO SEASFAIDH MO PHÓSADH?

19, 20. Cén dearcadh atá ag Críostaithe ar an bpósadh?

19 Is minic gur bainis mhór shona an deireadh a bhíonn ag scéal i leabhar nó i scannán. Ach i ndáiríre, níl sa mbainis ach an tús. Bhí sé d’aidhm ag Iehova gur caidreamh buan a bheadh sa bpósadh.—Geineasas 2:24.

20 Sa lá atá inniu ann, ceapann go leor daoine nach bhfuil sa bpósadh ach socrú sealadach. Tá sé éasca pósadh agus éasca colscartha a fháil. Ceapann daoine nuair a éiríonn fadhbanna, gur cheart dóibh a gcéile a fhágáil agus deireadh a chur leis an bpósadh. Ach cuimhnigh gur chuir an Bíobla an pósadh i gcosúlacht le rópa láidir atá déanta as trí shnáth atá fite ar a chéile. Ní bhrisfidh rópa mar sin, fiú nuair a chuirtear meáchan mór air. Nuair a chuireann muid ár muinín in Iehova, is féidir lenár bpósadh seasamh. Dúirt Íosa: “An ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.”—Matha 19:6.

21. Céard a chabhróidh le lánúin phósta grá a bheith acu dá chéile?

21 Tá láidreachtaí agus laigí againn go léir. Tá sé an-éasca díriú ar laigí dhaoine eile, go háirithe ár gcéile pósta. Ach má dhéanann muid é seo, ní bheidh muid sásta. Ar an láimh eile de, má dhíríonn muid ar thréithe maithe ár gcéile, cothóidh sé sonas inár bpósadh. An bhfuil sé réalaíoch an dearcadh seo a bheith againn ar chéile pósta atá neamhfhoirfe? Tá! Tá a fhios ag Iehova go bhfuil muid neamhfhoirfe, ach fós féin díríonn sé ar ár dtréithe maithe. Cén chaoi a mbeadh muid mura ndéanfadh sé é sin! Tá sé ráite i Salm 130:3: “Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?” Is féidir le fir agus le mná céile aithris a dhéanamh ar Iehova trí dhíriú ar dhea-thréithe a gcéile agus maithiúnas a thabhairt gan mhoill.—Léigh Colosaigh 3:13.

22, 23. Cén fáth a bhfuil Abrahám agus Sárá ina n-eiseamláir mhaith do dhaoine pósta?

22 Bhí Abrahám agus Sárá pósta go sona ar feadh blianta fada. Nuair a d’iarr Iehova ar Abrahám a bhaile a fhágáil i gcathair Úr, d’fhéadfadh sé go raibh Sárá os cionn 60 bliain d’aois. Samhlaigh cé chomh deacair is a bhí sé aici a teach compordach a fhágáil chun cónaí i bpubaill. Ach ba chara agus céile pósta maith í Sárá agus bhí meas aici ar a fear céile. Mar sin, thacaigh sí le hAbrahám agus chabhraigh sí leis na rudaí a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh a thabhairt chun críche.—Geineasas 18:12; 1 Peadar 3:6.

23 Ar ndóigh, ní chiallaíonn pósadh maith go n-aontaíonn fear agus bean chéile ar gach rud i gcónaí. Uair amháin, nuair nár aontaigh Abrahám le Sárá, dúirt Iehova leis: “Cibé rud a deir Sárá a dhéanamh, déan.” Rinne Abrahám mar a d’ordaigh Iehova agus d’oibrigh rudaí amach go maith. (Geineasas 21:9-13) Más rud é nach n-aontaíonn tú féin agus do chéile in amanna, ná caill do mhisneach. Tá sé tábhachtach go gcaitheann sibh lena chéile go grámhar measúil fiú nuair nach bhfuil sibh ar aon intinn.

Bíodh ról lárnach ag Briathar Dé i do phósadh ón tús

24. Cén chaoi ar féidir lenár bpósadh onóir a thabhairt d’Iehova?

24 Tá na mílte lánúineacha pósta sa bpobal Críostaí atá sona sásta. Más leat pósadh, cuimhnigh go bhfuil roghnú do chéile ar cheann de na cinntí is tábhachtaí a dhéanfaidh tú i do shaol. Beidh tionchar aige ar an gcuid eile de do shaol, mar sin ní mór duit treoir a fháil ó Iehova. Ansin, beidh tú in ann do chéile a roghnú go ciallmhar, ullmhú go maith don phósadh, agus caidreamh láidir grámhar a thugann onóir d’Iehova a chothú.