Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 15

Bain Sásamh as do Chuid Oibre

Bain Sásamh as do Chuid Oibre

“Go deimhin, má éiríonn le duine . . . aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é.”—CÓHEILIT 3:13.

1-3. (a) Cén chaoi a n-airíonn go leor daoine faoina gcuid oibre? (b) Cé na ceisteanna a phléifear sa gcaibidil seo?

 OIBRÍONN daoine go crua ar fud an domhain chun riar a gcáis a chur ar fáil dóibh féin agus dá dteaghlach. Ní thaitníonn a gcuid oibre le go leor acu, agus bíonn drogall orthu agus iad ag dul ag obair gach lá. Más mar sin a mhothaíonn tusa, céard is féidir leat a dhéanamh chun cur leis an sásamh a bhaineann tú as do chuid oibre?

2 Deir Iehova: “Má éiríonn le duine ithe agus ól a dhéanamh agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é.” (Cóheilit 3:13) Nuair a chruthaigh Iehova muid chuir sé déantas na maitheasa ionainn. Is mian leis go mothódh muid go maith faoin obair a dhéanann muid.—Léigh Cóheilit 2:24; 5:17 (5:18 i mBíoblaí eile.)

3 Mar sin, céard a chabhróidh linn taitneamh a bhaint as ár gcuid oibre? Cén cineál oibre nach mór do Chríostaithe a sheachaint? Cén chaoi ar féidir linn ár gcuid oibre a dhéanamh agus freastal ar Iehova ag an am céanna? Agus céard í an obair is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh?

AN BHEIRT OIBRITHE IS FEARR

4, 5. Cén dearcadh atá ag Iehova ar obair?

4 Is breá le hIehova féin a bheith ag obair. Deir Geineasas 1:1: “I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.” Tar éis do Dhia an talamh agus gach a raibh air a chruthú dúirt sé go raibh gach a ndearna sé “go sármhaith.” (Geineasas 1:31) Bhí ár gCruthaitheoir sásta le gach a ndearna sé.

5 Ní stopann Iehova ag obair riamh. Dúirt Íosa: “Tá m’Athair ag obair anois, agus riamh.” (Eoin 5:17) Cé nach bhfuil a fhios againn faoi na rudaí iontacha ar fad atá Iehova a dhéanamh, tá a fhios againn faoi chuid acu. Mar shampla, tá sé ag roghnú daoine le rialú in éineacht lena Mhac, Íosa Críost, mar chuid den Ríocht. (2 Corantaigh 5:17) Tá Iehova ag treorú agus ag tabhairt aire don chine daonna freisin. Mar thoradh ar an gcraobhscaoileadh domhanda atá á dhéanamh inniu, tá na milliúin ag cur aithne ar Iehova agus tá an dóchas acu go mairfidh siad go deo sa bParthas ar talamh.—Eoin 6:44; Rómhánaigh 6:23.

6, 7. Cén cineál oibrí é Íosa?

6 Ar nós a Athar, is maith le hÍosa a bheith ag obair. Sular tháinig sé go dtí an talamh, bhí sé mar “cheardaí oilte,” ag cabhrú le Dia gach ní ar neamh agus ar talamh a chruthú. (Seanfhocail 8:22-31; Colosaigh 1:15-17) Fad is a bhí sé ar an talamh, lean Íosa air ag obair go crua. D’fhoghlaim sé ceird na siúinéireachta ina óige, agus seans maith go mbíodh sé ag tógáil tithe chomh maith le bheith ag déanamh troscán. Rinne Íosa obair den scoth agus bhí cáil air mar ‘shaor adhmaid.’—Marcas 6:3.

7 Mar sin féin, ba é craobhscaoileadh an dea-scéil an obair is tábhachtaí a rinne Íosa. Bhí trí bliana go leith aige chun a mhinistreacht a thabhairt chun críche, agus bhíodh sé ag obair go crua ó éirí go luí na gréine. (Lúcás 21:37, 38; Eoin 3:2) Shiúil Íosa na céadta míle, ag tabhairt an dea-scéil chuig an oiread daoine is arbh fhéidir leis.—Lúcás 8:1.

8, 9. Cén fáth ar bhain Íosa taitneamh as a chuid oibre?

8 Dúirt Íosa: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh.” Thug an obair a rinne sé dá Athair fuinneamh agus neart d’Íosa. D’oibrigh sé chomh crua sin is go raibh laethanta ann nach raibh am aige fiú béile a ithe. (Eoin 4:31-38) Thapaigh sé gach deis chun daoine a chur ar an eolas faoina Athair. Sin é an fáth a bhféadfadh sé a rá le hIehova: “Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.”—Eoin 17:4.

9 Is léir go n-oibríonn Iehova agus Íosa go crua agus go mbaineann siad taitneamh agus sásamh as a gcuid oibre. Tá muid ag iarraidh a bheith ag déanamh “aithris ar Dhia” agus a bheith ag leanúint “lorg” choiscéimeanna Íosa. (Eifisigh 5:1; 1 Peadar 2:21) Sin é an fáth a ndéanann muid ár ndícheall oibriú go crua i gcónaí.

AN DEARCADH ATÁ AGAINN AR ÁR gCUID OIBRE

10, 11. Céard a chabhródh linn meon dearfach a bheith againn i leith ár gcuid oibre?

10 Oibríonn Finnéithe Iehova go crua chun breathnú amach dóibh féin agus do riachtanais a dteaghlaigh. Ba mhaith linn meon dearfach a bheith againn i leith ár gcuid oibre, ach is minic a bhíonn sé sin dúshlánach. Mar sin, céard is féidir linn a dhéanamh más rud é nach mbaineann muid taitneamh as ár gcuid oibre?

Is féidir linn taitneamh a bhaint as aon chineál oibre má bhíonn meon dearfach againn

11 Bíodh meon dearfach agat. B’fhéidir nach mbeadh muid in ann ár gcuid oibre ná an méid uaireanta a oibríonn muid a athrú, ach is féidir linn ár meon a athrú. Má thuigeann muid céard atá Iehova a iarraidh orainn, beidh sé níos éasca againn. Mar shampla: Tá Iehova ag iarraidh ar cheann an teaghlaigh a dhícheall a dhéanamh chun aire a thabhairt do riachtanais an teaghlaigh. Go deimhin, deir an Bíobla faoin duine nach dtugann aire dá theaghlach, “is measa é ná an díchreidmheach.” (1 Tiomóid 5:8) Más ceann teaghlaigh thú, oibríonn tú go crua chun aire a thabhairt do riachtanais do theaghlaigh. Taitníodh do chuid oibre leat nó ná taitníodh, tá a fhios agat go bhfuil Iehova sásta leat nuair a bhreathnaíonn tú amach do do theaghlach.

12. Cén chaoi a dtéann sé chun tairbhe dúinn a bheith dúthrachtach agus ionraic?

12 Bí dúthrachtach agus ionraic. Is féidir leis seo cabhrú leat taitneamh a bhaint as do chuid oibre. (Seanfhocail 12:24; 22:29) Ar an gcéad dul síos, beidh d’fhostóir in ann muinín a chur ionat. Bíonn meas ag fostóirí ar fhostaithe atá ionraic, de bhrí nach ngoideann siad airgead ná ábhar, agus nach gcuireann siad am amú. (Eifisigh 4:28) Níos tábhachtaí fós, bíonn a fhios ag Iehova nuair a bhíonn tú dúthrachtach agus ionraic. Is féidir leat “coinsias glan” a bheith agat, mar tá sé taitneamhach d’Iehova.—Eabhraigh 13:18; Colosaigh 3:22-24.

13. Céard eile a d’fhéadfadh tarlú má bhíonn muid ionraic inár gcuid oibre?

13 Is féidir leat glóir a thabhairt d’Iehova tríd an gcaoi a n-iompraíonn tú thú féin. Tugann sé seo cúis eile dúinn le meon dearfach a bheith againn i leith ár gcuid oibre. (Títeas 2:9, 10) D’fhéadfadh do dhea-shampla duine de do chomhoibrithe a spreagadh chun staidéar a dhéanamh ar an mBíobla.—Léigh Seanfhocail 27:11; 1 Peadar 2:12.

CÉN CINEÁL POST AR CHEART DÚINN A ROGHNÚ?

14-16. Céard nach mór dúinn a chur san áireamh nuair atá muid ag roghnú poist?

14 Ní thugann an Bíobla liosta de na poist ar chóir nó nár chóir do Chríostaí glacadh leo. Ach tá prionsabail ann a chabhraíonn linn cinntí maithe a dhéanamh ó thaobh oibre de. (Seanfhocail 2:6) Is féidir linn na ceisteanna seo a leanas a chur orainn féin agus muid ag coinneáil prionsabail an Bhíobla in intinn.

Faigh obair nach sáraíonn dlíthe Dé

15 An mbeidh orm rud éigin a dhéanamh atá mícheart i súile Iehova? D’fhoghlaim muid faoi chleachtais ar fuath le hIehova iad, mar shampla, gadaíocht agus bréagadóireacht. (Eaxodus 20:4; Gníomhartha 15:29; Eifisigh 4:28; Apacailipsis 21:8) Mar sin, bíonn muid cúramach aon chineál oibre a théann in aghaidh dlí Iehova a sheachaint.—Léigh 1 Eoin 5:3.

16 An dtacaíonn an obair seo le cleachtais nach bhfuil ceart i súile Iehova? Mar shampla, céard a dhéanfá dá dtairgfí obair duit mar fháilteoir i gclinic ginmhillte? Níl rud ar bith mícheart le bheith i d’fháilteoir. Ach tá a fhios agat cén chaoi a mothaíonn Iehova faoin nginmhilleadh. Cé nach mbeadh tusa ag déanamh an ginmhilleadh, nach mothófá, ó thaobh Iehova de, go raibh tú páirteach ann?—Eaxodus 21:22-24; Salm 139:13.

17. Céard a chabhróidh linn cinntí a dhéanamh a shásóidh Dia?

17 Trí phrionsabail dhiaga a chur i bhfeidhm, is féidir linn a bheith ar nós na ndaoine a bhfuil cur síos déanta orthu in Eabhraigh 5:14, daoine “a bhfuil a n-aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.” Fiafraigh díot féin: ‘Má ghlacaim an post seo, an gcuirfidh sé isteach ar dhaoine eile? An mbeidh orm dul thar lear agus mo chéile pósta agus mo pháistí a fhágáil astu féin? Cén tionchar a bheadh aige sin orthu?’

ROGHNAIGH “NA NITHE IS FEARR”

18. Cén fáth ar féidir leis a bheith dúshlánach tús áite a thabhairt dár n-adhradh?

18 Ní bhíonn sé éasca i gcónaí tús áite a thabhairt d’adhradh Iehova sa “saol guaisiúil (nó, crua)” ina bhfuil muid ag maireachtáil. (2 Tiomóid 3:1) Is féidir leis a bheith sách dúshlánach post a fháil agus a choinneáil. Caithfidh muid aire a thabhairt dár dteaghlach, ach tá a fhios againn go gcaithfidh muid tús áite a thabhairt dár n-adhradh. Ní féidir linn a bheith róthógtha lenár maoin shaolta. (1 Tiomóid 6:9, 10) Mar sin, cén chaoi ar féidir linn “na nithe is fearr” a roghnú agus ag an am céanna riar a gcáis a chur ar fáil dár dteaghlach?—Filipigh 1:10.

19. Cén chaoi a gcabhraíonn Iehova linn gan a bheith ró-imníoch?

19 Bíodh muinín agat as Iehova. (Léigh Seanfhocail 3:5, 6.) Is léir dúinn go bhfuil a fhios ag Iehova go díreach céard a theastaíonn uainn agus go dtugann sé aire dúinn. (Salm 37:25; 1 Peadar 5:7) Deir Briathar Dé linn: “Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: ‘Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar (nó, i gcruachás) thú choíche.’” (Eabhraigh 13:5) Níl Iehova ag iarraidh orainn a bheith ag déanamh imní. Arís agus arís eile, léirigh sé go bhfuil sé in ann aire a thabhairt dá dhaoine. (Matha 6:25-32) Dá bhrí sin, bíodh obair againn nó ná bíodh, déanann muid staidéar go rialta ar Bhriathar Dé, craobhscaoileann muid an dea-scéal agus freastalaíonn muid ar ár gcruinnithe Críostaí.—Matha 24:14; Eabhraigh 10:24, 25.

20. Cén chaoi ar féidir linn ár saol a choinneáil simplí?

20 Coinnigh do shúil slán. (Léigh Matha 6:22, 23.) Ciallaíonn sé seo do shaol a choinneáil simplí ionas gur féidir leat díriú isteach ar sheirbhís Iehova. Tá a fhios againn go mbeadh sé amaideach tús áite a thabhairt d’airgead, stíl mhaireachtála, nó na giuirléidí is nuaí. Céard a chabhróidh linn tús áite a thabhairt do na nithe is tábhachtaí? Ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh fiacha a sheachaint. Má tá tú i bhfiacha, leag síos plean praiticiúil chun na fiacha a laghdú nó a ghlanadh. Mura mbíonn muid cúramach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ár nguí, ár staidéar agus ár gcraobhscaoileadh fágtha ar lár. In ionad ligeann do mhaoin shaolta deacrachtaí a chruthú inár saol, caithfidh muid foghlaim le bheith sásta leis na bunriachtanais, mar shampla “bia agus éadach.” (1 Tiomóid 6:8) Cibé bealach a bhfuil cúrsaí againn, is maith an rud scrúdú a dhéanamh ó am go ham chun a fháil amach an bhfuil sé ar ár gcumas níos mó a dhéanamh i seirbhís Iehova.

21. Cén fáth nach mór dúinn cinneadh a dhéanamh faoi chéard aige a bheidh tús áite inár saol?

21 Tabhair tús áite do na nithe is tábhachtaí. Ní mór dúinn ár gcuid ama, ár bhfuinneamh agus ár maoin shaolta a úsáid go ciallmhar. Mura mbíonn muid cúramach, d’fhéadfadh muid a bheith ag caitheamh ár gcuid ama le rudaí nach bhfuil a leath oiread tábhacht leo, rudaí ar nós oideachas nó airgead. Dúirt Íosa: “Déanaigí ríocht Dé . . . a lorg ar dtús.” (Matha 6:33) Léiríonn ár roghanna, ár nósanna, ár spriocanna, agus na rudaí a dhéanann muid go laethúil céard aige a bhfuil tús áite inár gcroí.

AN OBAIR IS TÁBHACHTAÍ IS FÉIDIR LINN A DHÉANAMH

22, 23. (a) Céard í an obair is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh mar Chríostaithe? (b) Céard a chabhróidh linn taitneamh a bhaint as ár gcuid oibre?

22 Tá ár seirbhís d’Iehova agus craobhscaoileadh an dea-scéil ar an obair is tábhachtaí atá le déanamh againn. (Matha 24:14; 28:19, 20) Ar nós Íosa, ba mhaith linn ár ndícheall a dhéanamh san obair seo. Tá an rogha déanta ag roinnt daoine bogadh go dtí áiteanna a bhfuil cúnamh ag teastáil leis an dea-scéal a chraobhscaoileadh. Tá daoine eile ag foghlaim teanga iasachta ionas gur féidir leo an dea-scéal a roinnt le daoine ina dteanga dhúchais. Labhair leis na daoine sin faoin méid atá déanta acu. Feicfidh tú go bhfuil a saol níos sona agus níos fóintí dá bharr.—Léigh Seanfhocail 10:22.

Tá ár seirbhís d’Iehova ar an obair is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh

23 Caitheann go leor againn inniu uaireanta fada ag obair i bpost, nó fiú i gcúpla post, chun riar a gcáis a chur ar fáil dár dteaghlach. Tá a fhios ag Iehova é seo agus tá sé buíoch as gach a ndéanann muid chun aire a thabhairt dár dteaghlach. Mar sin, ní mór dúinn go léir sampla Iehova agus Íosa a leanúint trína a bheith ag obair go crua, beag beann ar an gcineál oibre a dhéanann muid. Ach ní mór dúinn cuimhneamh gurb é craobhscaoileadh an dea-scéil faoi Ríocht Dé an obair is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh. Cuirfidh sé seo gliondar ar ár gcroí.