Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 2

Coinsias Glan i Láthair Dé

Coinsias Glan i Láthair Dé

“Coinnigh . . . an coinsias glan.”—1 TIOMÓID 1:19.

1, 2. Cén fáth a dteastaíonn treoir de chineál éigin uainn le muid a threorú nuair atá muid in áit strainséartha? Céard a thug Iehova dúinn chun muid a threorú?

 SAMHLAIGH go bhfuil tú ag siúl trasna gaineamhlach ollmhór. Coinníonn an tírdhreach ag athrú de réir mar a shéideann an ghaoth an gaineamh i ngach treo. Bheadh sé an-éasca a dhul amú. Cén chaoi a mbeadh a fhios agat cén treo ar cheart duit a dhul? Theastódh duine nó rud éigin uait chun thú a threorú. B’fhéidir compás, an ghrian, na réaltaí, léarscáil, córas suite domhanda, nó fiú duine a bhfuil eolas maith aige ar an ngaineamhlach. Tá sé tábhachtach treoir de chineál éigin a bheith agat mar, mura bhfuil fios an bhealaigh agat, d’fhéadfadh sé do bheatha a chur i mbaol.

2 Tá cuid mhaith dúshláin sa saol seo, agus is minic nach mbíonn muid cinnte cén treo ar cheart dúinn a dhul. Ach tá coinsias tugtha ag Iehova dúinn chun muid a threorú. (Séamus 1:17) Gheobhaidh muid amach anois céard é an coinsias agus cén chaoi a n-oibríonn sé. Ansin gheobhaidh muid amach cén chaoi ar féidir linn ár gcoinsias a thraenáil, an fáth ar chóir dúinn breathnú amach do choinsias dhaoine eile, agus an chaoi ar féidir le coinsias glan ár saol a fheabhsú.

CÉARD É AN COINSIAS AGUS CÉN CHAOI A N-OIBRÍONN SÉ?

3. Céard é an coinsias?

3 Is bronntanas iontach ó Dhia é an coinsias. Cuireann sé ar ár gcumas an rud atá ceart a aithint ón rud atá mícheart. Aistrítear “coinsias” ó fhocal Gréigise a chiallaíonn “an t-eolas atá ag duine air féin.” Nuair a oibríonn ár gcoinsias i gceart, cabhraíonn sé linn féinmheasúnú a dhéanamh. Tá sé in ann cabhrú linn a bheith ionraic faoi na smaointe agus na mothúcháin is doimhne atá againn. Is féidir leis muid a threorú chun an mhaith a dhéanamh agus an t-olc a sheachaint. Is féidir leis gliondar a chur orainn nuair a dhéanann muid cinntí ciallmhara, nó aiféala nuair a dhéanann muid droch-chinntí.—Féach ar Aguisín 5.

4, 5. (a) Céard a tharla nuair nár thug Ádhamh agus Éabha aird ar a gcoinsias? (b) Tabhair samplaí ón mBíobla faoin gcaoi a n-oibríonn an coinsias.

4 Is fúinn féin atá sé éisteacht lenár gcoinsias nó gan éisteacht. Bheartaigh Ádhamh agus Éabha gan éisteacht lena gcoinsias, agus mar thoradh ar sin pheacaigh siad. Mhothaigh siad ciontach ina dhiaidh sin, ach bhí sé ródheireanach. Bhí an choir déanta acu. (Geineasas 3:7, 8) Cé go raibh coinsias foirfe acu agus go raibh a fhios acu nach raibh sé ceart a bheith easumhal do Dhia, roghnaigh siad gan aon aird a thabhairt ar a gcoinsias.

5 Ach mar sin féin, tá cuid mhaith daoine neamhfhoirfe a d’éist lena gcoinsias. Bhí Iób ar dhuine acu sin. Ós rud é go ndearna sé cinntí maithe, bhí sé in ann a rá: “Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm.” (Iób 27:6) Ní hé fearacht Dháiví é, nár thug aon aird ar a choinsias ag amanna agus a bhí easumhal d’Iehova. Ina dhiaidh sin “tháinig aiféala ar Dháiví.” (1 Samúéil 24:6 [24:5 i mBíoblaí eile]) Bhí a choinsias ag meabhrú dó go raibh an méid a rinne sé mícheart. Trí éisteacht lena choinsias, d’fhéadfadh sé foghlaim gan an botún céanna a dhéanamh arís.

6. Cén fáth ar féidir a rá gur bronntanas ó Dhia é an coinsias?

6 Fiú daoine nach bhfuil aon aithne acu ar Iehova, tuigeann siad go bhfuil rudaí ann atá ceart agus rudaí atá mícheart. Deir an Bíobla go mbíonn daoine “á chiontú seo nó á chosaint siúd” de réir mar a threoraíonn a gcoinsias iad. (Rómhánaigh 2:14, 15) Mar shampla, tá a fhios ag an gcuid is mó de na daoine go bhfuil dúnmharú agus goid mícheart. I ngan fhios dóibh féin, tá siad ag éisteacht lena gcoinsias, is é sin an acmhainn a thug Iehova dóibh chun idirdhealú a dhéanamh idir an mhaith agus an t-olc. Chomh maith leis sin, leanann siad prionsabail Dé, nó na fírinní bunúsacha a chuir Iehova ar fáil chun cabhrú linn roghanna maithe a dhéanamh.

7. Cén fáth a mbíonn ár gcoinsias as marc ag amanna?

7 Ach bíonn ár gcoinsias as marc ag amanna. Mar shampla, d’fhéadfadh ár smaointe agus ár mothúcháin neamhfhoirfe damáiste a dhéanamh dár gcoinsias agus d’fhéadfadh sé muid a chur sa treo mícheart. Ní mór dúinn ár gcoinsias a thraenáil. (Geineasas 39:1, 2, 7-12) Chun é sin a dhéanamh, tugann Iehova an spiorad naomh agus prionsabail an Bhíobla dúinn. (Rómhánaigh 9:1) Scrúdóidh muid anois an bealach lenár gcoinsias a thraenáil.

CÉN CHAOI AR FÉIDIR LINN ÁR gCOINSIAS A THRAENÁIL?

8. (a) Cén tionchar a bhíonn ag ár mothúcháin ar ár gcoinsias? (b) Cén cheist ar cheart dúinn a chur orainn féin sula ndéanann muid cinneadh?

8 Ceapann go leor daoine gurb é atá i gceist le héisteacht lena gcoinsias ná an rud a thagann leo go nádúrtha a dhéanamh. Ceapann siad go bhféadfaidh siad a rogha rud a dhéanamh fad is go n-airíonn siad go maith faoi. Ach tá ár mothúcháin neamhfhoirfe agus is féidir leo muid a chur amú. Is féidir lenár mothúcháin a bheith chomh cumhachtach sin is go mbíonn tionchar acu ar ár gcoinsias. Deir an Bíobla: “Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois.” (Irimia 17:9) Mar sin, is minic a cheapann muid go bhfuil rud éigin ceart, nuair atá sé mícheart. Mar shampla, sular iompaigh Pól ina Chríostaí, rinne sé géarleanúint fhíochmhar ar phobal Dé agus chreid sé go raibh sé ag déanamh an rud ceart. Ina thuairim féin, bhí coinsias glan aige. Ach dúirt sé níos déanaí: “Is é an Tiarna féin a thugann breith ormsa.” (1 Corantaigh 4:4; Gníomhartha 23:1; 2 Tiomóid 1:3) Nuair a fuair Pól amach nach raibh Iehova sásta leis na rudaí a bhí sé a dhéanamh, thuig sé gur ghá dó athrú. Mar sin, sula ndéanann muid beart ní mór dúinn fiafraí dínn féin, ‘Céard atá Iehova ag iarraidh orm a dhéanamh?’

9. Céard a chiallaíonn sé eagla Dé a bheith ort?

9 Nuair a bhíonn grá agat do dhuine, ní bhíonn tú ag iarraidh buairt a chur air. Is mar gheall ar an ngrá atá againne d’Iehova atá eagla orainn buairt a chur air—is é sin, eagla Dé. Bhí eagla Dé ar Nihimiá freisin. Dhiúltaigh sé an post a bhí aige mar ghobharnóir a úsáid chun airgead a dhéanamh dó féin. Cén fáth? Dúirt Nihimiá: “Ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.” (Nihimiá 5:15) Ní raibh Nihimiá ag iarraidh aon ní a dhéanamh a chuirfeadh buairt ar Iehova.Tá eagla Dé orainne freisin, mar a bhí ar Nihimiá. Is féidir linn a fháil amach ón mBíobla céard a shásaíonn Iehova.—Féach ar Aguisín 6.

10, 11. Céard iad na prionsabail ón mBíobla atá in ann cabhrú linn cinntí maithe a dhéanamh maidir le halcól?

10 Mar shampla, b’fhéidir go gcaithfeadh Críostaí cinneadh a dhéanamh an ólfaidh sé alcól nó nach n-ólfaidh. Cé na prionsabail a chabhróidh leis cinneadh maith a dhéanamh? Seo a leanas cúpla ceann acu: Ní chuireann an Bíobla cosc ar alcól. Deir sé linn gur bronntanas ó Dhia é an fíon. (Salm 104:14, 15) Mar sin féin, dúirt Íosa lena lucht leanúna gan a bheith ar “meisce.” (Lúcás 21:34) Dúirt Pól leis na Críostaithe maireachtáil “gan ragairne gan meisce.” (Rómhánaigh 13:13) Dúirt sé freisin nach bhfaigheadh meisceoirí “ríocht Dé mar oidhreacht.”—1 Corantaigh 6:9, 10.

11 D’fhéadfadh Críostaí ceist a chur air féin: ‘Cén tábhacht atá ag alcól i mo shaolsa? An dteastaíonn sé uaim chun mé a chur ar mo shuaimhneas? An ólaim alcól chun misneach a fháil? An bhfuil mé in ann smacht a choinneáil ar an méid a ólaim? * An féidir liom sult a bhaint as ócáid shóisialta gan alcól a ól? Is féidir linn cabhair a iarraidh ar Iehova chun roghanna ciallmhara a dhéanamh. (Léigh Salm 139:23, 24.) Ar an mbealach seo, beidh muid ag traenáil ár gcoinsias de réir phrionsabail an Bhíobla. Ach tá níos mó ná seo i gceist, mar a fheicfidh muid níos déanaí.

CÉARD FAOI CHOINSIAS DHAOINE EILE?

12, 13. Cén fáth a ndéanfadh beirt daoine cinntí difriúla? Cén chaoi ar féidir linn dul i ngleic leis na difríochtaí seo?

12 Ní mar a chéile coinsias gach duine. B’fhéidir go ligfeadh do choinsias duitse rud éigin a dhéanamh nach ndéanfadh duine eile. Mar shampla, b’fhéidir go n-ólann tusa alcól, ach nach n-ólann duine eile. Cén fáth a ndéanann beirt daoine cinntí difriúla?

Cabhróidh coinsias oilte leat cinneadh a dhéanamh an ólfaidh tú alcól nó nach n-ólfaidh

13 Is minic a bhraitheann na cinntí a dhéanann duine ar a chúlra, a thaithí saoil, dearcadh a mhuintire, nó cúinsí éigin eile. Mar shampla, b’fhéidir go roghnódh duine gan aon deoir alcóil a ól de bhrí nach raibh sé in ann smacht a choinneáil ar a chuid óil san am a caitheadh. (1 Ríthe 8:38, 39) Dá dtairgfeá alcól do dhuine agus dá ndiúltódh sé thú, céard a dhéanfá? An ngoillfeadh sé ort? An gcuirfeá brú air é a thógáil? An mbeifeá ag iarraidh fáil amach cén fáth ar dhiúltaigh sé thú? Ní bheadh, mar tá meas agat ar a choinsias.

14, 15. Céard a tharla in aimsir Phóil a léirigh nach mar a chéile coinsias gach duine? Cén dea-chomhairle a thug Pól?

14 In aimsir Phóil, tharla eachtra a léirigh nach mar a chéile coinsias gach duine. Úsáideadh cuid den fheoil a bhí á díol sna margaí chun déithe bréige a adhradh. (1 Corantaigh 10:25) Níor cheap Pól go raibh dada mícheart leis an bhfeoil seo. I súile Phóil, tháinig an bia go léir ó Iehova. Ach bhíodh cuid de na bráithre ag adhradh déithe bréige san am a caitheadh agus cheap siadsan nár cheart an fheoil a ithe. An ndúirt Pól leis féin: ‘Ní chuireann sé as do mo choinsias-sa. Tá sé de cheart agam mo rogha rud a ithe’?

15 Níor dhúirt. Chuir Pól coinsias a bhráithre chun tosaigh ar a chuid cearta féin. Dúirt Pól nár cheart dúinn a “bheith ar mhaithe linn féin.” Dúirt sé freisin: “Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost.” (Rómhánaigh 15:1, 3) Thug Pól tús áite do leas dhaoine eile, mar a rinne Íosa.—Léigh 1 Corantaigh 8:13; 10:23, 24, 30b-32 (31-33 i mBíoblaí eile.)

16. Cén fáth nár cheart dúinn a bheith ag tabhairt breithiúnais ar ár mbráithre?

16 Cuir i gcás go ligeann a choinsias do dhuine rud a dhéanamh nach bhfuil ceart inár súile. Ní mór dúinn a bheith cúramach gan a bheith ag fáil locht air, ná ag rá go bhfuil muid féin ceart agus go bhfuil seisean mícheart. (Léigh Rómhánaigh 14:10.) Thug Iehova coinsias dúinn le breith a thabhairt orainn féin, ní le breith a thabhairt ar dhaoine eile. (Matha 7:1) Níl muid ag iarraidh a bheith ag cothú easaontais sa bpobal. Tá muid ag iarraidh grá agus aontas a chur chun cinn.—Rómhánaigh 14:19.

TÁ TAIRBHE LE BAINT AS COINSIAS GLAN

17. Céard a tharlaíonn don choinsias nuair nach dtugtar aon aird air?

17 Dúirt an t-aspal Peadar nach mór dúinn “coinsias glan” a bheith againn. (1 Peadar 3:16) Nuair a dhéanann daoine neamhaird de phrionsabail Iehova, tar éis píosa ní chuireann a gcoinsias as dóibh níos mó. Dúirt Pól go bhfuil coinsias den sórt sin “mar a bheadh sé brandáilte leis an iarann dearg.” (1 Tiomóid 4:2) Ar dódh go dona riamh thú? Nuair a dhóitear an craiceann ní bhíonn aon mhothú ann níos mó. Má choinníonn duine air ag déanamh drochrudaí, tar éis tamall beidh a choinsias mar a bheadh sé dóite agus, in am tráth, stopfaidh sé ag obair.

Tugann coinsias glan treoir agus suaimhneas intinne dúinn

18, 19. (a) Céard a thugann ár gcoinsias le fios dúinn? (b) Céard is féidir linn a dhéanamh má mhothaíonn muid ciontach fós faoi pheacaí a bhfuil aithrí déanta againn iontu?

18 Nuair a dhéanann muid rud éigin as bealach, mothaíonn muid ciontach. Sin é ár gcoinsias ag tabhairt le fios dúinn go bhfuil rud éigin déanta againn nach bhfuil ceart. Cabhraíonn sé seo linn éirí as an rud atá muid a dhéanamh as bealach. Tá muid ag iarraidh foghlaim ónár mbotúin ionas nach ndéanfaidh muid arís iad. Tóg Rí Dáiví mar shampla, cé go ndearna sé peaca, spreag a choinsias é chun aithrí a dhéanamh. Bhí an ghráin aige ar an rud a rinne sé agus bhí sé diongbháilte a bheith umhal d’Iehova as sin amach. Óna thaithí phearsanta, bhí Dáiví in ann a rá: “Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá.”—Salm 51:3-21 (51:1-19 i mBíoblaí eile); 86:5; féach ar Aguisín 7.

19 Mar sin féin, d’fhéadfadh duine a rinne aithrí a bheith fós ag mothú ciontach faoi na rudaí a rinne sé. Is féidir le mothúcháin mar seo goilleadh go mór ar dhuine agus b’fhéidir go mothódh sé nach fiú dada é. Má mhothaíonn tusa mar seo ag amanna, cuimhnigh nach féidir leat an méid a tharla san am a caitheadh a athrú. Is cuma murar thuig tú ag an am céard a bhí ceart nó mícheart, tá sé maite go hiomlán ag Iehova duit agus tá na peacaí sin curtha ar ceal. Tá tú glan i súile Iehova agus tá a fhios agat go bhfuil tú ag déanamh an rud ceart anois. Má tá do chroí fós do do cháineadh, cuimhnigh go ndeir an Bíobla “gur treise é Dia ná ár gcroí-ne.” (Léigh 1 Eoin 3:19, 20.) Ciallaíonn sé seo go bhfuil a ghrá agus a thrócaire níos láidre ná aon mhothúcháin chiontacha ná náire a chuireann as dúinn. Is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil maithiúnas tugtha ag Iehova duit. Nuair a ghlacann duine le maithiúnas Iehova, bíonn a choinsias suaimhneach agus bíonn sé sásta i seirbhís Dé.—1 Corantaigh 6:11; Eabhraigh 10:22.

20, 21. (a) Cén chaoi a gcabhróidh an foilseachán seo leat? (b) Cén tsaoirse atá tugtha ag Iehova dúinn? Cén chaoi ar cheart dúinn ár saoirse a úsáid?

20 Cabhróidh an foilseachán seo leat do choinsias a thraenáil ionas go mbeidh sé in ann thú a chosaint le linn na laethanta deireanacha seo. Cabhróidh sé leat freisin prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm i do shaol. Ar ndóigh ní thugann an foilseachán seo liosta rialacha dúinn. Maireann muid de réir “dlí Chríost,” atá bunaithe ar phrionsabail Dé. (Galataigh 6:2) Cé nach bhfuil dlíthe sa mBíobla a chlúdaíonn gach gné dár saol, ní dhéanann muid leithscéal dó sin chun an rud mícheart a dhéanamh. (2 Corantaigh 4:1, 2; Eabhraigh 4:13; 1 Peadar 2:16) Ina ionad sin, úsáideann muid ár saorthoil chun ár ngrá a léiriú d’Iehova.

21 Nuair a dhéanann muid machnamh ar phrionsabail an Bhíobla agus iad a chur i bhfeidhm, foghlaimíonn muid lenár n-aigne a úsáid agus le dearcadh Iehova a bheith againn. (Eabhraigh 5:14) Dá bharr sin, beidh coinsias oilte againn a threoraíonn muid agus a chumhdaíonn muid i ngrá Dé.

^ Deir go leor dochtúirí go bhfuil sé an-deacair ag alcólaigh srian a choinneáil ar an méid a ólann siad. Molann dochtúirí dóibh gan aon alcól a ól.