Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 13

An nGlacann Dia le Gach Cineál Ceiliúradh?

An nGlacann Dia le Gach Cineál Ceiliúradh?

“Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna.”—EIFISIGH 5:10.

1. Céard a chaithfidh muid a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh Iehova sásta lenár n-adhradh, agus cén fáth?

 DÚIRT Íosa: “Tá an uain ag teacht, . . . ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.” (Eoin 4:23; 6:44) Caithfidh gach duine againn leanúint orainn ag déanamh “an ní is áil leis an Tiarna.” (Eifisigh 5:10) Ní bhíonn sé seo éasca, mar bíonn Sátan go seasta ag iarraidh an dallamullóg a chur orainn.—Apacailipsis 12:9.

2. Céard a tharla in aice le Sliabh Shíonái?

2 Céard a dhéanann Sátan chun an dallamullóg a chur orainn? Bíonn sé ag iarraidh an dubh a chur ar an mbán ionas nach mbeidh muid in ann an ceart agus an mícheart a aithint óna chéile. Tabhair faoi deara an rud a tharla do náisiún Iosrael nuair a bhí siad campáilte in aice Shliabh Shíonái. Bhí Maois imithe suas an sliabh, agus bhí na daoine ag fanacht go bhfillfeadh sé ar an gcampa. D’éirigh siad tuirseach ag fanacht leis, agus d’iarr siad ar Árón dia a dhéanamh dóibh. Rinne sé dealbh óir i gcruth lao. Ansin bhí féile acu. Dhamhsaigh siad thart ar an lao agus d’umhlaigh siad síos dó. Cé gur cheap siad gur féile d’Iehova a bhí anseo, níor chiallaigh sé sin go raibh an rud a rinne siad ceart. Chomh fada is a bhain sé le hIehova b’íoladhradh a bhí i gceist, agus cuireadh go leor acu chun báis dá bharr. (Eaxodus 32:1-6, 10, 28) Céard atá le foghlaim againne uaidh seo? Ná lig cead do dhuine ar bith an dallamullóg a chur ort. Ná bain “le rud ar bith atá neamhghlan,” agus lig d’Iehova thú a mhúineadh ionas go n-aithneoidh tú an ceart ón mícheart.—Íseáia 52:11; Eizicéil 44:23; Galataigh 5:9.

3, 4. Cén fáth nach mór dúinn a fháil amach céard air a bhfuil féilte bunaithe?

3 Nuair a bhí Íosa ar an talamh, thraenáil sé a chuid aspal chun dea-shampla a chur ar fáil maidir le hadhradh atá glan. Tar éis a bháis, lean na haspail orthu ag múineadh prionsabail Iehova do dheisceabail nua. Ach nuair a fuair na haspail bás, thosaigh oidí bréige ag cur teagasca bréige chun cinn, chomh maith le gnásanna agus féilte págánta. D’athraigh siad ainmneacha cuid de na féilte págánta seo chun cuma na Críostaíochta a chur orthu. (2 Teasalónaigh 2:7, 10; 2 Eoin 6, 7) Tá cuid mhaith de na féilte seo á gcleachtadh go forleathan i gcónaí agus cuireann siad chun cinn teagasca bréagacha agus deamhnacht. *Apacailipsis 18:2-4, 23.

4 Tá ceiliúradh agus féilte mar chuid thábhachtach de shaol an duine inniu. Mar sin féin, de réir mar atá tú ag fáil tuiscint ar chaighdeáin Iehova, b’fhéidir go dtabharfá faoi deara nach mór duit an dearcadh atá agat ar fhéilte áirithe a athrú. B’fhéidir nach mbeadh sé seo éasca, ach bí cinnte go gcabhróidh Iehova leat. Breathnóidh muid anois ar chuid de na féilte is mó le rá, chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a mothaíonn Iehova fúthu.

CÉN TÚS A BHÍ AG FÉILE NA NOLLAG?

5. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nár rugadh Íosa ar an 25 Nollaig?

5 Déantar ceiliúradh ar an Nollaig ar fud an domhain ar an 25ú lá de mhí na Nollag, agus ceapann formhór na ndaoine gur rugadh Íosa ar an lá sin. Ní thugann an Bíobla an dáta a rugadh Íosa, ach cuireann sé síos ar an am den bhliain. Dúirt Lúcás go raibh “aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada” nuair a rugadh Íosa i mBeithil. (Lúcás 2:8-11) Mar sin, rugadh Íosa ag am den bhliain nuair a bhí an aimsir go breá. Bíonn an aimsir i mBeithil fuar agus fliuch le linn mhí na Nollag, agus bíonn sé ag cur sneachta, mar sin, ní bheadh aoirí amuigh faoin aer san oíche i mbun a dtréada an t-am sin den bhliain. Tugann an Bíobla agus fianaise stairiúil eile le fios gur rugadh Íosa am éigin i rith na míonna ar a dtugtar Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair inniu.

6, 7. (a) Cén tús a bhí ag cuid de ghnásanna na Nollag? (b) Cén fáth a dtugann muid bronntanais?

6 Cén chaoi ar thosaigh féile na Nollag? Tá sí bunaithe ar fhéilte págánta, ar nós an fhéile Rómhánach Féile Satairn, a bunaíodh in onóir Shatairn, dia na talmhaíochta. Deir The Encyclopedia Americana: “Tháinig go leor de na gnásanna a bhaineann le ceiliúradh na Nollag ó fhéile Rómhánach ar a dtugtaí Féile Satairn. Is ón gceiliúradh seo a tháinig gnásanna ar nós na gcóisirí móra, bronntanais a thabhairt, agus dó na gcoinnle.” Chomh maith leis sin, dhéantaí ceiliúradh ar lá breithe Mhitreas, dia gréine na Peirse, ar an 25 Nollaig.

7 Ach, ní bhíonn daoine ag smaoineamh ar an mbunús págánta atá leis an Nollaig. Is breá leo an Nollaig, mar caitheann siad am leis an teaghlach ag baint taitneamh as bia agus deoch, agus ag tabhairt bronntanais dá chéile. Ar ndóigh, is breá linne ár dteaghlach agus ár gcairde freisin, agus is mian le hIehova go mbeadh muid fial flaithiúil lena chéile. Mar atá ráite i 2 Corantaigh 9:7: “Is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.” Tá Iehova ag iarraidh go mbeadh muid flaithiúil i gcónaí, ní ar ócáidí speisialta amháin. Is breá le Finnéithe Iehova bronntanais a thabhairt agus teacht le chéile lena dteaghlach agus a gcairde ag aon am i rith na bliana, agus gan iad ag súil le dada a fháil ar ais. Is mar gheall go bhfuil grá acu do dhaoine eile a bhíonn siad flaithiúil.—Lúcás 14:12-14.

Ní mór dúinn fios a bheith againn céard air atá féile bunaithe agus í a sheachaint más gá

8. Ar leanbh nuabheirthe a bhí in Íosa nuair a thug na hastralaithe bronntanais dó? Mínigh.

8 Creideann go leor daoine go dtugtar bronntanais faoi Nollaig mar gur thug triúr ríthe bronntanais d’Íosa nuair a rugadh é. Tá sé fíor gur thug grúpa fir cuairt ar Íosa agus gur thug siad bronntanais dó, de réir an nós a bhí ann ag an am bronntanais a thabhairt do dhuine mór le rá. (1 Ríthe 10:1, 2, 10, 13) Ach an raibh a fhios agat go bhfuil sé ráite sa mBíobla gur astralaithe a bhí sna fir seo, is é sin le rá, dream daoine a bhíodh ag cleachtadh draíochta? Ina theannta sin, bhí Íosa ina chónaí i dteach faoin am ar thug siad cuairt air, mar sin ní leanbh nuabheirthe a bhí ann.—Matha 2:1, 2, 11.

CÉARD ATÁ RÁITE SA mBÍOBLA FAOIN LÁ BREITHE?

9. Cén dá lá breithe atá luaite sa mBíobla?

9 Is lá ríméadach é an lá a shaolaítear leanbh. (Salm 127:3) Ach ní chiallaíonn sé sin gur chóir dúinn an lá breithe a cheiliúradh. Smaoinigh air seo: Níl ach dhá chóisir lá breithe luaite sa mBíobla. Bhí cóisir amháin acu ag Forann na hÉigipte, agus an chóisir eile ag an rí, Héaród Aintipeas. (Léigh Geineasas 40:20-22; Marcas 6:21-29.) Ní adhraitheoirí de chuid Iehova a bhí i gceachtar den dá rialtóir seo. Go deimhin, níl sé ráite in aon áit sa mBíobla go ndearna aon duine d’adhraitheoirí Iehova a lá breithe a cheiliúradh.

10. Céard a cheap na chéad Chríostaithe faoi a bheith ag ceiliúradh an lá breithe?

10 De réir The World Book Encyclopedia bhí na chéad Chríostaithe den tuairim gur “gnás págánta é a bheith ag ceiliúradh lá breithe.” Bhí na gnásanna sin bunaithe ar theagasca bréige. Mar shampla, chreid na sean-Rómhánaigh agus na sean-Ghréagaigh go raibh spiorad i láthair nuair a saolaíodh duine agus gur chosain an spiorad sin é an chuid eile dá shaol. Chomh maith leis sin, tá baint ag ceiliúradh an lá breithe le hastralaíocht agus le léamh na réalta.

11. Cén uair atá Iehova ag iarraidh orainn a bheith fial flaithiúil?

11 Mothaíonn go leor daoine go bhfuil a lá breithe féin speisialta agus gur cheart meas agus grá a léiriú dóibh ar an lá sin. Ach is féidir linn grá a léiriú dár gclann agus dár gcairde i gcaitheamh na bliana, seachas ar an lá sin amháin. Tá Iehova ag iarraidh orainn a bheith cineálta agus flaithiúil i gcónaí. (Léigh Gníomhartha 20:35.) Bíonn muid buíoch d’Iehova as ucht bronntanas na beatha gach lá den bhliain, ní ar an lá a rugadh muid amháin.—Salm 8:4, 5 (8:3, 4 i mBíoblaí eile); 36:10 (36:9 i mBíoblaí eile.)

Tugann fíorChríostaithe bronntanais do dhaoine eile de bhrí go bhfuil cion acu orthu

12. Cén chaoi a bhféadfadh lá ár mbáis a bheith níos fearr ná an lá a rugadh muid?

12 Deir Cóheilit 7:1: “Is fearr dea-ainm ná dea-ola agus lá báis ná lá breithe.” Cén chaoi a bhféadfadh lá ár mbáis a bheith níos fearr ná an lá a rugadh muid? Níl dada olc ná maith déanta againn ar an lá a shaolaítear muid. Ach má chaitheann muid ár saol ag déanamh an mhaith i seirbhís Iehova, beidh “dea-ainm” nó dea-cháil orainn, agus cuimhneoidh Iehova orainn, fiú amháin tar éis ár mbáis. (Iób 14:14, 15) Ní cheiliúrann Finnéithe Iehova a lá breithe féin ná lá breithe Íosa. Go deimhin, is é Cuimhneachán a bháis an t-aon ócáid amháin a d’iarr Íosa orainn a chomóradh.—Lúcás 22:17-20; Eabhraigh 1:3, 4.

GNÁSANNA NA ‘CÁSCA’

13, 14. Cén bunús a bhí le gnásanna na ‘Cásca’?

13 Rinne na Giúdaigh ceiliúradh ar Cháisc na nGiúdach i gcuimhne ar a bhfuascailt ón Éigipt. Tháinig deireadh leis an gceiliúradh seo nuair a fuair Íosa bás. Nuair a fuair na haspail bás, rinneadh féile Chríostaí, mar dhea, d’fhéile phágánta a cheiliúrtaí in onóir Eostre, bandia an earraigh. Tugadh an ‘Cháisc’ mar ainm ar an bhféile seo sa nGaeilge *. Creideann go leor daoine gur i gcuimhne ar aiséirí Íosa a cheiliúrtar an ‘Cháisc,’ ach ní hea. Míníonn The Dictionary of Mythology gur bandia na torthúlachta a bhí in Eostre. Tá cuid de ghnásanna na ‘Cásca’ ceangailte léi. Mar shampla, de réir an Encyclopædia Britannica, “bhí uibheacha luaite le saol nua agus le haiséirí.” Chomh maith leis sin, tá coiníní á n-úsáid le fada an lá in adhradh págánta mar chomhartha ar thorthúlacht. Is léir nach bhfuil baint ar bith ag féile na ‘Cásca’ le haiséirí Íosa.

14 An mbíonn Iehova sásta nuair a fheiceann sé daoine ag meascadh aiséirí a Mhic le gnásanna a bhaineann le reiligiúin bhréagacha? Ní bhíonn. (2 Corantaigh 6:17, 18) Go deimhin, níor iarr Iehova riamh orainn aiséirí Íosa a cheiliúradh.

CÁ AS A dTÁINIG GNÁSANNA OÍCHE SHAMHNA?

15. Cén tús a bhí le hOíche Shamhna?

15 Tá Oíche Shamhna ceangailte le cailleacha feasa, sióga agus taibhsí. Tá an ceiliúradh seo ann le fada an lá. Ar an lánghealach is gaire den chéad lá de mhí na Samhna, dhéanadh Ceiltigh ársa na Breataine agus na hÉireann ceiliúradh ar fhéile na Samhna. Chreid siad go dtugadh spioraid na mairbh cuairt ar an talamh ar an oíche seo. Chuireadh daoine bia agus deoch ar fáil do na spioraid seo ionas nach ndéanfaidís aon dochar dóibh. Nuair a bhíonn páistí gléasta suas i gculaith oíche Shamhna agus iad ag dul ó theach go teach ní thuigeann siad gur ag déanamh aithris ar na sean-ghnásanna seo atá siad.

BAINISEACHA A THUGANN ONÓIR DO DHIA

16, 17. Céard nach mór dúinn a chur san áireamh nuair atá muid ag pleanáil bainise?

16 Is ócáid shonasach í bainis. Tá go leor bealaí éagsúla ina gceiliúrtar bainiseacha ar fud an domhain. Baineann cuid de na gnásanna a bhaineann le bainiseacha, le reiligiúin phágánta. Nuair atá Críostaithe ag pleanáil a mbainis, ní mór dóibh a bheith cinnte go mbeidh Iehova sásta léi. Má fhaigheann siad amach cén bunús atá leis na gnásanna a bhaineann le bainiseacha, beidh siad in ann cinntí maithe a dhéanamh ina dtaobh.—Marcas 10:6-9.

17 Creidtear go gcuirfidh gnásanna áirithe ‘an t-ádh’ ar an lánúin phósta. (Íseáia 65:11) Mar shampla, in áiteanna éagsúla caitheann daoine rís nó a leithéid ar an lánúin nuaphósta. Creideann siad go mbeidh clann, sonas, agus fad saoil acu dá bharr, agus go gcosnóidh sé ar an olc iad. Ach déanann Críostaithe cinnte go bhfanann siad glan ar aon ghnásanna a bhaineann le reiligiúin bhréagacha.—Léigh 2 Corantaigh 6:14-18.

18. Cé na prionsabail ón mBíobla a bhaineann le bainis?

18 Is mian le Críostaithe gur ócáid ómósach a bheadh ina mbainis agus go gcuirfeadh sí lúcháir ar gach duine a bheadh i láthair. Ní dhéanfadh an té a bhfuil cuireadh faighte aige chun na bainise óráidí atá gránna, gáirsiúil, nó a léireodh dímheas don lánúin nuaphósta ná do dhaoine eile. (Seanfhocail 15:21; Lúcás 6:31; 10:27) Ní chuireann bainis Chríostaí béim ar ‘mhórtas maoine.’ (1 Eoin 2:16) Má tá tú ag pleanáil bainise, déan cinnte gur dea-chuimhní a bheidh agat amach anseo nuair a bhreathnóidh tú siar ar an lá speisialta seo.—Féach ar Aguisín 28.

AN BUNÚS ATÁ LE SLÁINTE DUINE A FHÓGAIRT

19, 20. Cá as ar tháinig an gnás sláinte a fhógairt?

19 Tá sé coitianta ag bainiseacha nó ag ócáidí sóisialta eile sláinte duine a fhógairt. Guíonn duine amháin dea-mhéin ar dhuine áirithe agus ardaíonn gach duine a ghloine. Cén dearcadh ar chóir do Chríostaithe a bheith acu ar an ngnás seo?

20 Deir an International Handbook on Alcohol and Culture gur dóigh go bhfuil an gnás seo bunaithe ar ghnás págánta ársa “ina n-ofráiltí leacht naofa do na déithe.” Dhéantaí é seo “mar achainí, nó i bhfoirm guí ina ndeirtí ‘fad saoil!’ nó ‘sláinte mhaith!’” Sa tseanaimsir, d’ardaíodh daoine a gcuid cupáin chun a iarraidh ar a ndéithe iad a bheannú. Ach, ní shin é an bealach a mbeannaíonn Iehova daoine.—Eoin 14:6; 16:23.

“GRÁNN AN TIARNA AN DREAM AR GRÁIN LEO AN tOLC”

21. Cén cineálacha eile féilte ar chóir do Chríostaithe a sheachaint?

21 Nuair atá tú ag déanamh cinneadh i dtaobh páirt a ghlacadh in aon cheiliúradh, smaoinigh ar an gcineál meoin agus iompair a bhaineann leis. Mar shampla, tá damhsa gnéasach, an iomarca óil, agus fiú mímhoráltacht ag baint le cuid de na féilte. D’fhéadfadh ceiliúradh den sórt sin nós maireachtála aerach nó leispiach a chur chun cinn nó náisiúnachas a spreagadh. Má ghlacann muid páirt sna féilte seo, an bhfuil muid ag léiriú go bhfuil an ghráin againn ar na rudaí a bhfuil an ghráin ag Iehova orthu?—Salm 1:1, 2; 97:10; 119:37.

22. Céard a chabhróidh le Críostaí cinneadh a dhéanamh an nglacfaidh sé páirt i gceiliúradh nó nach nglacfaidh?

22 Ní mór do Chríostaithe a bheith an-chúramach féilte a léiríonn dímheas ar Dhia a sheachaint. Dúirt an t-aspal Pól: “Cibé acu dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé.” (1 Corantaigh 10:30b [10:31 i mBíoblaí eile]; féach ar Aguisín 29.) Ar ndóigh, níl gach féile ceangailte le mímhoráltacht, reiligiúin bhréagacha, nó náisiúnachas. Mura sáraíonn féile prionsabail an Bhíobla, is fúinn féin atá sé cinneadh a dhéanamh an nglacfaidh muid páirt ann nó nach nglacfaidh. Ní mór dúinn smaoineamh freisin ar an tionchar a bheadh ag ár gcinneadh ar dhaoine eile.

TABHAIR ONÓIR D’IEHOVA I nGNÍOMH AGUS I mBRIATHAR

23, 24. Cén chaoi ar féidir linn an cinneadh atá déanta againn faoi fhéilte áirithe a mhíniú do bhaill teaghlaigh, nach Finnéithe Iehova iad?

23 Is dóigh gur éirigh tú as a bheith ag glacadh páirte i bhféilte a léiríonn dímheas ar Iehova. Murar Finnéithe Iehova cuid de do theaghlach, b’fhéidir go gceapfaidís nach bhfuil tú ag iarraidh a bheith ina gcomhluadar níos mó. B’fhéidir go mothaíonn siad gur le linn na bhféilte seo amháin a bhíonn an deis ag an teaghlach go léir a theacht le chéile. Mar sin, céard is féidir leat a dhéanamh? Tá go leor bealaí inar féidir leat a léiriú go bhfuil cion agat ar do theaghlach. (Seanfhocail 11:25; Cóheilit 3:12, 13) D’fhéadfá cuireadh a thabhairt dóibh am a chaitheamh leat ar ócáidí eile.

24 Más mian le do ghaolta fáil amach cén fáth nach ndéanann tú ceiliúradh ar fhéilte áirithe, tá eolas le fáil inár bhfoilseacháin agus ar jw.org a chabhróidh leat na cúiseanna a mhíniú dóibh. Ná bí ag argóint ná ag brú do chuid tuairimí orthu. Cabhraigh le do theaghlach a thuiscint go ndearna tú scrúdú ar na féilte áirithe seo sula ndearna tú suas d’intinn ina dtaobh. Bí síochánta agus bíodh do chomhrá leo “suáilceach deisbhéalach i gcónaí.”—Colosaigh 4:6.

25, 26. Cén chaoi ar féidir le tuismitheoirí cabhrú lena bpáistí grá a bheith acu do chaighdeáin Iehova?

25 Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh gach duine againn na cúiseanna nach nglacann muid páirt i bhféilte áirithe. (Eabhraigh 5:14) Tá sé d’aidhm againn Dia a shásamh. Más tuismitheoirí muid, ní mór dúinn déanamh cinnte go dtuigeann ár bpáistí prionsabail an Bhíobla agus go bhfuil grá acu dóibh. Nuair a chreidfidh siad ina gcroí go bhfuil Iehova ann beidh fonn orthu a thoil a dhéanamh.—Íseáia 48:17, 18; 1 Peadar 3:15.

26 Tugann sé sásamh d’Iehova nuair a fheiceann sé go bhfuil muid ag déanamh ár ndícheall é a adhradh ar bhealach atá glan agus macánta. (Eoin 4:23) Ach tá go leor daoine den tuairim nach féidir le duine a bheith macánta i saol an lae inniu. An bhfuil sé sin fíor? Déanfaidh muid plé air seo sa gcéad chaibidil eile.

^ Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil san Watch Tower Publications Index, in an Research Guide for Jehovah’s Witnesses, agus ar jw.org.

^ Síltear go dtáinig an t-ainm Béarla don ‘Cháisc,’ Easter, ó Eostre.