Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 5

Fan Amach ó Spiorad an tSaoil Seo

Fan Amach ó Spiorad an tSaoil Seo

“[Ní] den saol sibh.”—EOIN 15:19.

1. Céard a bhí ag déanamh imní d’Íosa an oíche sula bhfuair sé bás?

 AN OÍCHE sula bhfuair sé bás, bhí imní ar Íosa faoina chuid deisceabail agus faoin méid a bhí amach rompu. Dúirt sé leo: “[Ní] den saol sibh.” (Eoin 15:19) Níos déanaí ghuigh sé ar a son ag rá: “Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.” (Eoin 17:15, 16) Céard a bhí i gceist ag Íosa?

2. Céard é an “saol” a thagair Íosa dó?

2 Ciallaíonn an focal “saol” sa gcás seo, daoine nach bhfuil aon aithne acu ar Dhia agus atá faoi riail Shátain. (Eoin 14:30; Eifisigh 2:2; Séamas 4:4; 1 Eoin 5:19) Cén chaoi ar féidir linne fanacht glan ar chúrsaí an tsaoil seo? Fanann muid dílis do Ríocht Dé agus fanann muid neodrach ó thaobh cúrsaí polaitiúla de. Diúltaíonn muid do mheon an tsaoil seo. Gléasann muid ar bhealach deas ómósach, agus bíonn muid stuama chomh fada is a bhaineann sé le hairgead. Agus cuireann muid orainn an chathéide a chuireann Dia ar fáil dúinn. Déanfaidh muid plé anois ar na pointí seo.—Féach ar Aguisín 16.

BÍ DÍLIS DO RÍOCHT DÉ

3. Cén dearcadh a bhí ag Íosa ar chúrsaí polaitiúla?

3 Nuair a bhí Íosa ar an talamh, ba léir dó go raibh go leor fadhbanna ag na daoine agus go raibh saol crua acu. Bhí an-suim aige iontu agus bhí fonn air cabhrú leo. An ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht? Ní dheachaigh. Bhí a fhios aige gurb í Ríocht Dé a leigheasfadh a gcuid fadhbanna. Bhí Íosa le bheith ina Rí ar an Ríocht sin, agus ba í an Ríocht príomhthéama a theachtaireachta. (Dainéil 7:13, 14; Lúcás 4:43; 17:20, 21) Níor ghlac Íosa páirt sa bpolaitíocht, d’fhan sé neodrach i gcónaí. Nuair a bhí Íosa os comhair an Ghobharnóra Rómhánach, Pointias Pioláit, dúirt sé: “Ní den saol seo mo ríocht.” (Eoin 18:36) D’fhan a dheisceabail neodrach freisin. Tá sé ráite sa leabhar On the Road to Civilization nach mbíodh aon pháirt ag na chéad Chríostaithe sa bpolaitíocht. Glacann fíorChríostaithe an seasamh céanna inniu. Tá muid dílis do Ríocht Dé agus fanann muid neodrach ó thaobh cúrsaí polaitiúla de.—Matha 24:14.

An bhfuil tú in ann a mhíniú cén fáth a bhfuil tú dílis do Ríocht Dé?

4. Cén chaoi a dtacaíonn fíorChríostaithe le Ríocht Dé?

4 Déanann ambasadóirí ionadaíocht thar ceann a gcuid rialtais féin i dtíortha eachtrannacha, ach ní ghlacann siad aon pháirt i gcúrsaí polaitiúla na dtíortha sin. Tá na hungthaigh, iad siúd a bhfuil an dóchas acu rialú le Críost ar neamh, sa mbád céanna. Scríobh Pól chuig na Críostaithe ungtha: “Is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne.” (2 Corantaigh 5:20) Tá na hungthaigh ag déanamh ionadaíochta ar rialtas Dé. Ní bhíonn aon bhaint acu leis na conspóidí polaitiúla a bhíonn ag rialtais an domhain seo. (Filipigh 3:20) Ina ionad sin, cabhraíonn siad leis na milliúin duine foghlaim faoi rialtas Dé. Tacaíonn na “caoirigh eile,” iad siúd bhfuil an dóchas acu maireachtáil go deo ar talamh, leis na hungthaigh. Fanann siad seo neodrach freisin. (Eoin 10:16; Matha 25:31-40) Tá sé soiléir nach mbeadh aon pháirt ag fíorChríostaithe i gcúrsaí polaitiúla an domhain seo.—Léigh Íseáia 2:2-4.

5. Cén fáth nach nglacann Críostaithe páirt i gcogaí?

5 Tá fíorChríostaithe mar a bheadh teaghlach mór amháin ann, agus tá siad aontaithe beag beann ar an tír nó ar an gcúlra a fáisceadh as iad. (1 Corantaigh 1:10) Mar sin, dá mbeadh muid páirteach i gcogadh, bheadh sé mar a bheadh muid ag troid in aghaidh ár dteaghlach féin, ár gcomhChríostaithe—an dream céanna ar ordaigh Íosa dúinn grá a bheith againn dóibh. (Eoin 13:34, 35; 1 Eoin 3:10-12) Chomh maith leis sin, d’ordaigh Íosa dá dheisceabail grá a bheith acu dá naimhde.—Matha 5:44; 26:52.

6. Cén dearcadh atá ag searbhóntaí Iehova ar rialtais?

6 Cé go bhfanann muid neodrach mar Chríostaithe, déanann muid ár ndícheall a bheith inár saoránaigh maithe. Mar shampla, léiríonn muid ómós don rialtas nuair a bhíonn muid umhal dá dhlíthe agus a íocann muid ár gcánacha. Ach déanann muid cinnte i gcónaí “na nithe is le Dia” a íoc le Dia. (Marcas 12:17; Rómhánaigh 13:1-7; 1 Corantaigh 6:19, 20) I measc na nithe ar le Dia iad, tá ár ngrá, ár n-umhlaíocht, agus ár n-adhradh. Is túisce a thabharfadh muid suas ár mbeatha féin ná a bheadh muid easumhal d’Iehova.—Lúcás 4:8; 10:27; léigh Gníomhartha 5:29; Rómhánaigh 14:8.

DIÚLTAIGH DO “SPIORAD AN tSAOIL SEO”

7, 8. Céard é “spiorad an tsaoil” agus cén tionchar a bhíonn aige ar dhaoine?

7 Is éard atá i gceist le diúltú do dhomhan Shátain ná nach ligfeadh muid cead do “spiorad an tsaoil seo” an ceann is fearr a fháil orainn. Ciallaíonn an “spiorad” sin an meon a chuireann Sátan chun cinn, agus atá acu siúd nach bhfuil ag tabhairt seirbhís d’Iehova. Diúltaíonn Críostaithe don mheon seo. Mar a dúirt Pól, “Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia.”—1 Corantaigh 2:12; Eifisigh 2:2, 3; féach ar Aguisín 17.

8 Bíonn na daoine a bhfuil spiorad an tsaoil acu leithleasach, mórchúiseach, agus easumhal. Ceapann siad nach gá dóibh a bheith umhal do Dhia. Is mian le Sátan go ndéanfadh daoine a rogha rud gan smaoineamh ar an toradh a bheidh air. Ba mhaith leis go gceapfadh daoine gurb iad “mian na colainne, agus mian na súl” na rudaí is tábhachtaí sa saol. (1 Eoin 2:16; 1 Tiomóid 6:9, 10) Tá an Diabhal ag déanamh a mhíle dícheall an dallamullóg a chur ar shearbhóntaí Iehova ionas go mbeidh siad ar aon intinn leis féin.—Eoin 8:44; Gníomhartha 13:10; 1 Eoin 3:8.

9. Cén chaoi a bhféadfadh spiorad an tsaoil seo tionchar a bheith aige orainn?

9 Tá spiorad an tsaoil seo thart timpeall orainn i ngach áit, cosúil leis an aer atá muid a análú. Mura ndéanann muid ár ndícheall seasamh in aghaidh an spioraid sin beidh tionchar aige orainn. (Léigh Seanfhocail 4:23.) Is fánach an chaoi a dtarlódh sé seo—mar shampla, d’fhéadfadh muid ligeann don mheon agus don dearcadh atá ag daoine nach n-adhrann Iehova tionchar diúltach a imirt orainn. (Seanfhocail 13:20; 1 Corantaigh 15:33) Nó d’fhéadfadh rudaí cosúil le pornagrafaíocht, séanadh creidimh, nó spórt atá an-iomaíoch, drochthionchar a bheith acu orainn.—Féach ar Aguisín 18.

10. Cén chaoi ar féidir linn seasamh in aghaidh spiorad an tsaoil?

10 Cén chaoi ar féidir linn fanacht amach ó spiorad an tsaoil seo? Caithfidh muid teannadh isteach le hIehova agus ligeann dó muid a threorú. Ní mór dúinn a bheith ag guí gan staonadh ag iarraidh a spiorad naomh air agus a bheith gnóthach ag déanamh a chuid oibre. Is é Iehova an neach is cumhachtaí sa gcruinne. Tá muinín againn gur féidir leis cabhrú linn diúltú do spiorad an tsaoil seo.—1 Eoin 4:4.

GLÉAS AR BHEALACH ATÁ ÓMÓSACH DO DHIA

11. Cén tionchar atá ag spiorad an tsaoil seo ar an mbealach a ngléasann daoine?

11 Léiríonn an bealach a ngléasann muid nach cuid den saol muid. Gléasann cuid de na daoine inniu chun aird a tharraingt orthu féin, chun smaointe mímhorálta a spreagadh i ndaoine eile, chun éirí amach in aghaidh na n-údarás, nó chun a thaispeáint go bhfuil airgead acu. Is cuma le daoine eile cén chaoi a mbreathnaíonn siad. B’fhéidir go roghnóidís a bheith sraoilleach nó salach. Ní féidir linne an meon sin a bheith againn agus muid ár ngléasadh nó ár maisiú féin.

An dtugann an bealach a ngléasaim onóir d’Iehova?

12, 13. Cé na prionsabail a chabhraíonn linn nuair a bhíonn muid ag ceannach éadaí?

12 Roghnaíonn searbhóntaí Iehova gléasadh ar bhealach atá néata, glan, slachtmhar, agus feiliúnach don ócáid. Gléasann muid go “modhúil stuama in éadaí slachtmhara” chun ár n-ómós d’Iehova a chur in iúl.—1 Tiomóid 2:9, 10; Iúd 21.

13 Bíonn tionchar ag an gcaoi a ngléasann muid ar an dearcadh a bhíonn ag daoine eile ar Iehova agus ar a phobal. Is mian linn “an t-iomlán chun glóire Dé” a dhéanamh. (1 Corantaigh 10:30b [10:31 i mBíoblaí eile]) Is é atá i gceist le bheith gléasta go modhúil ná go mbeadh meas againn ar mhothúcháin agus ar thuairimí dhaoine eile. Mar sin, nuair a bhíonn muid ag ceannach éadaí nó dár réiteach féin, is fiú cuimhneamh go mbíonn tionchar ag an gcaoi a ngléasann muid ar dhaoine eile.—1 Corantaigh 4:9; 2 Corantaigh 6:3, 4; 7:1.

14. Céard nach mór dúinn a choinneáil i gcuimhne nuair atá muid ag ceannach éadaí i gcomhair ár ministreachta Críostaí?

14 Cén chaoi a ngléasann muid i gcomhair ár gcruinnithe nó nuair a bhíonn muid ag craobhscaoileadh? An mbíonn muid ag tarraingt an iomarca airde orainn féin? An gcuireann ár gcuid éadaí náire ar dhaoine eile? An gceapann muid nach mbaineann an bealach a ngléasann muid le duine ar bith ach linn féin? (Filipigh 4:5; 1 Peadar 5:6) Cinnte, is maith linn go léir a bheith ag féachaint go deas, ach is dea-thréithe Críostaí is mó a chuirfidh lenár n-áilleacht. Sin iad na tréithe a fheiceann Iehova nuair a fhéachann sé orainn. Léiríonn siad “an duine folaithe sa chroí istigh . . . rud atá sárluachmhar i bhfianaise Dé.”—1 Peadar 3:3, 4.

15. Cén fáth nach dtugann Iehova rialacha dúinn maidir leis an gcaoi ar cheart dúinn muid féin a ghléasadh agus a mhaisiú?

15 Ní thugann Iehova liosta rialacha dúinn maidir leis na héadaí is ceart dúinn a chaitheamh. Ina ionad sin, tá prionsabail curtha ar fáil sa mBíobla aige a chabhraíonn linn roghanna maithe a dhéanamh. (Eabhraigh 5:14) Tá sé ag iarraidh orainn ár gcinntí, cibé beag nó mór iad, a bhunú ar ár ngrá dósan agus do dhaoine eile. (Léigh Marcas 12:30, 31.) Gléasann Finnéithe Iehova ar bhealaí difriúla, ag brath ar a gcultúr agus ar a stíleanna pearsanta féin. Tá an éagsúlacht seo go hálainn agus cuireann sé gliondar ar an tsúil.

AN DEARCADH CEART AR AIRGEAD

16. Cén difríocht atá idir dearcadh Íosa agus dearcadh an tsaoil seo ar airgead? Cé na ceisteanna is ceart dúinn a chur orainn féin?

16 Tá Sátan ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine gur saibhreas agus maoin shaolta a shásóidh iad, ach tá a fhios ag searbhóntaí Iehova nach bhfuil sé seo fíor. Cuireann muid ár muinín i bhfocail Íosa: “Fiú amháin an té a mbíonn raidhse (nó, flúirse) aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.” (Lúcás 12:15) Má bhíonn flúirse airgid againn, ní chiallaíonn sé sin go mbeidh saol sona sásta againn. Ní féidir fíorchairde, suaimhneas intinne ná an bheatha shíoraí a cheannach le hairgead. Ar ndóigh, teastaíonn airgead agus nithe saolta uainn le maireachtáil, agus tá muid ag iarraidh taitneamh a bhaint as ár saol. Ach mhúin Íosa dúinn dá mbeadh dea-chaidreamh againn le hIehova agus dá dtabharfadh muid tús áite dá adhradh go mbeadh fíorshonas againn. (Matha 5:3; 6:22) Fiafraigh díot féin: ‘An bhfuil dearcadh an tsaoil seo ar airgead ag dul i gcion orm? An mbím go síoraí ag smaoineamh ar nó ag caint faoi airgead?’—Lúcás 6:45; 21:34-36; 2 Eoin 6.

17. Cén feabhas a thiocfaidh ar do shaol má dhiúltaíonn tú do dhearcadh an tsaoil seo ar airgead?

17 Má choinníonn muid ár n-aird ar sheirbhís Iehova agus diúltú do dhearcadh an tsaoil seo ar airgead, beidh saol fiúntach againn. (Matha 11:29, 30) Beidh muid sona sásta agus beidh suaimhneas intinne againn. (Matha 6:31, 32; Rómhánaigh 15:13) Ní bheidh muid ró-imníoch faoi mhaoin an tsaoil. (Léigh 1 Tiomóid 6:9, 10.) Bainfidh muid taitneamh as a bheith flaithiúil. (Gníomhartha 20:35) Agus beidh deis againn breis ama a chaitheamh leo siúd a bhfuil cion againn orthu. B’fhéidir go gcodlódh muid níos fearr freisin.—Cóheilit 5:11 (5:12 i mBíoblaí eile.)

“GABHAIGÍ CATHÉIDE DÉ CHUGAIBH”

18. Cén aidhm atá ag Sátan?

18 Tá sé d’aidhm ag Sátan an caidreamh atá againn le hIehova a bhriseadh. Ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh an caidreamh sin a chosaint i gcónaí. Tá muid ag dul “i ngleic le . . . hainspridí na bhflaitheas.” (Eifisigh 6:12) Níl Sátan agus a chuid deamhain ag iarraidh go mbeidh muid sásta ná go mairfidh muid go deo. (1 Peadar 5:8) Tá na naimhde cumhachta seo ag troid inár n-aghaidh, ach le cabhair ó Iehova is féidir linn an troid sin a bhuachan.

19. Cén cur síos atá déanta ar ‘chathéide Dé’ in Eifisigh 6:14-18?

19 Fadó, chaithfeadh saighdiúirí cathéide mar chosaint sa gcath. Ar an gcaoi chéanna, ní mór dúinne an chathéide a chuireann Iehova ar fáil dúinn a úsáid. (Eifisigh 6:13) Cosnóidh an chathéide muid. Léann muid faoin gcathéide seo ag Eifisigh 6:14-18: “Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n-ucht agus fonn leata dea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh. Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh. Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad. Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid.”

20. Céard nach mór dúinn a dhéanamh chun go gcosnóidh an chathéide muid?

20 Más rud é go ndéanann saighdiúir dearmad ar chuid dá chathéide, nó má fhágann sé cuid dá cholainn gan chosaint, sin í an áit a ndéanfaidh a namhaid ionsaí air. Más mian linn go gcosnódh ár gcathéide muid, ní féidir linn aon chuid di a fhágáil ar lár. Caithfidh muid í a chaitheamh an t-am go léir agus í a choinneáil go maith. Leanfaidh an troid seo ar aghaidh go dtí go scriosfar domhan Shátain agus go bhfaighfear réidh le Sátan agus a chuid deamhain. (Apacailipsis 12:17; 20:1-3) Mar sin, má tá muid ag streachailt le drochmhianta nó laige éigin, ní ceart dúinn tabhairt suas!—1 Corantaigh 9:27.

21. Cén chaoi ar féidir linn an cath seo a bhuachan?

21 Asainn féin, níl muid níos láidre ná an Diabhail. Ach le cabhair ó Iehova, tá muid in ann aige! Chun fanacht dílis ní mór dúinn guí chuig Iehova, staidéar a dhéanamh ar a Bhriathar agus a bheith i gcomhluadar ár mbráithre. (Eabhraigh 10:24, 25) Cabhróidh na rudaí seo linn fanacht dílis d’Iehova agus a bheith réidh lenár gcreideamh a chosaint.

BÍ RÉIDH LE DO CHREIDEAMH A CHOSAINT

22, 23. (a) Cén chaoi ar féidir linn a bheith réidh i gcónaí le seasamh suas dár gcreideamh? (b) Céard air a dhéanfaidh muid plé sa gcéad chaibidil eile?

22 Ní mór dúinn a bheith réidh lenár gcreideamh a chosaint i gcónaí. (Eoin 15:19) Ní hé an seasamh céanna a thógann Finnéithe Iehova ar rudaí áirithe, is a thógann daoine eile. Fiafraigh díot féin: ‘An dtuigim an fáth a dtógann muid an seasamh seo? An bhfuil mé dearfa go bhfuil an méid atá ráite sa mBíobla agus ag an seirbhíseach iontaofa ciallmhar, fíor? An bhfuil mé bródúil gur duine d’Fhinnéithe Iehova mé? (Salm 34:3 [34:2 i mBíoblaí eile]; Matha 10:32, 33) An bhfuil mé in ann mo chreideamh a mhíniú do dhaoine eile?’—Matha 24:45; Eoin 17:17; léigh 1 Peadar 3:15.

23 Bíonn na rudaí a chaithfidh muid a dhéanamh chun coinneáil amach ó spiorad an tsaoil seo an-soiléir ag amanna. Ach ag amanna eile, ní bhíonn siad chomh soiléir sin. Úsáideann Sátan rudaí éagsúla le greim a fháil orainn. Tá siamsaíocht ar cheann acu. Cén chaoi ar féidir linn ár gcuid siamsaíochta a roghnú go ciallmhar? Déanfaidh muid plé air sin sa gcéad chaibidil eile.