Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 7

An Bhfuil An Luach Céanna Agat ar An mBeatha is Atá ag Dia?

An Bhfuil An Luach Céanna Agat ar An mBeatha is Atá ag Dia?

“Is leatsa atá foinse na beatha.”—SALM 36:10 (36:9 i mBíoblaí eile).

1, 2. Cén bronntanas luachmhar a thug Iehova dúinn?

 TÁ BRONNTANAS iontach tugtha ag Iehova do gach aon duine againn. Is é sin an bheatha. (Geineasas 1:27) Is mian leis go mbeadh saol fiúntach againn. Mar sin, tá prionsabail tugtha aige dúinn a chabhraíonn linn cinntí maithe a dhéanamh. Ba chóir dúinn na prionsabail seo a úsáid “chun an mhaith a aithint thar an olc.” (Eabhraigh 5:14) Nuair a dhéanann muid é seo tá muid ag tabhairt cead d’Iehova oiliúint a chur orainn. De réir mar a chuireann muid prionsabail Dé i bhfeidhm tabharfaidh muid faoi deara an feabhas a thagann ar ár saol, agus tuigfidh muid an luach atá ar na prionsabail sin.

2 Is minic go n-éiríonn an saol an-chasta. Uaireanta, bíonn orainn aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna nach bhfuil aon dlí ar leith luaite leo sa mBíobla. Mar shampla, b’fhéidir go gcaithfeadh muid cinntí a dhéanamh maidir le cóir leighis a úsáideann fuil. Cén chaoi ar féidir linn cinntí a dhéanamh a mbeidh Iehova sásta leo? Tá prionsabail sa mBíobla a mhúineann dearcadh Iehova dúinn maidir leis an mbeatha agus leis an bhfuil. Má thuigeann muid na prionsabail seo, beidh muid in ann na cinntí cearta a dhéanamh agus ár gcoinsias a choinneáil glan. (Seanfhocail 2:6-11) Pléifidh muid cuid de na prionsabail seo anois.

DEARCADH IEHOVA AR AN mBEATHA AGUS AR AN bhFUIL

3, 4. (a) Céard é dearcadh Iehova ar an bhfuil? (b) Céard dó a sheasann an fhuil?

3 Múineann an Bíobla dúinn go bhfuil an fhuil naofa mar go seasann sí don bheatha. Agus tá an bheatha an-luachmhar i súile Iehova. Nuair a mharaigh Cáin a dheartháir, dúirt Iehova leis: “Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh.” (Geineasas 4:10) Nuair a thagair Iehova d’fhuil Áibil, bhí sé ag tagairt dá bheatha.

4 Tar éis na Díleann in aimsir Naoi, dúirt Dia leis an gcine daonna go raibh cead acu feoil a ithe. Ach dúirt sé go soiléir: “Ná hithigí feoil ina bhfuil an t-anam (nó, an bheatha), sé sin an fhuil.” (Geineasas 9:4) Tugadh an t-ordú seo do shliocht Naoi ar fad, muidne san áireamh. Mar sin, tá sé soiléir go seasann an fhuil don bheatha i súile Iehova. Ní mór dúinne an dearcadh céanna a bheith againn.—Salm 36:10 (36:9 i mBíoblaí eile.)

5, 6. Cén chaoi ar léirigh Dlí Mhaois dearcadh Iehova ar an bhfuil agus ar an mbeatha?

5 Sa dlí a thug Iehova do Mhaois, dúirt Sé: “Aon duine . . . má chaitheann (nó, má itheann) sé fuil d’aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é. Óir san fhuil atá anam na feola.”—Léivític 17:10, 11.

6 De réir Dhlí Mhaois, nuair a mharódh duine ainmhí le hithe, bhí air fuil an ainmhí a dhoirteadh ar an talamh. Léirigh sé seo go raibh beatha an ainmhí tugtha ar ais dá chruthaitheoir, Iehova. (Deotranaimí 12:16; Eizicéil 18:4) Ach ní raibh Iehova ag súil go dtarraingeodh na hIosraeilítigh gach braon fola as an ainmhí. Fad is go ndearna siad a ndícheall an fhuil a dhoirteadh amach, d’fhéadfaidís an fheoil a ithe le coinsias glan. Nuair a léirigh siad ómós d’fhuil an ainmhí, bhí siad ag léiriú go raibh ómós acu d’Iehova, foinse na beatha. D’ordaigh an Dlí do na hIosraeilítigh freisin ainmhithe a ofráil mar íobairt mar chúiteamh ar a gcuid peacaí.—Féach ar Aguisíní 19 agus 20.

7. Cén chaoi ar léirigh Dáiví ómós don fhuil?

7 Léirigh Dáiví an luach atá ar an bhfuil nuair a bhí sé ag troid leis na Filistínigh. Bhí a fhios ag saighdiúirí Dháiví go raibh sé spalptha leis an tart agus chuaigh siad isteach i gcríocha an namhad chun uisce a fháil dó, rud a chuir a mbeatha i mbaol. Ach nuair a thug siad an t-uisce do Dháiví “ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.” Dúirt Dáiví: “Gura fada uaim, a Thiarna, . . . é seo a ól! An ólfainn fuil na ndaoine a chuir a n-anam i mbaol?” Thuig Dáiví cé chomh luachmhar is atá an bheatha agus an fhuil i súile Iehova.—2 Samúéil 23:15-17.

8, 9. Cén dearcadh ar cheart do Chríostaithe inniu a bheith acu ar an bhfuil?

8 Tar éis bhás Chríost ní raibh pobal Dé faoi dhlí Mhaois níos mó. Mar sin féin, bhí roinnt dlíthe i nDlí Mhaois arbh é toil Iehova é go gcloífeadh Críostaithe leo. Cé nach raibh orthu ainmhithe a ofráil mar íobairtí ní ba mhó, bhí orthu “staonadh ó. . . fhuil.” Bhí an tábhacht chéanna ag baint leis seo is a bhí le staonadh ó íoladhradh agus ó mhímhoráltacht ghnéis.—Gníomhartha 15:28, 29.

Cén chaoi a míneoinn an cinneadh atá déanta agam maidir le codáin fola?

9 Is amhlaidh atá inniu. Mar Chríostaithe, tá a fhios againn gurb é Iehova foinse na beatha agus gur leisean gach ní beo. Freisin, tuigeann muid go bhfuil an fhuil naofa agus go seasann sí don bheatha. Mar sin ní mór dúinn tuiscint mhaith a bheith againn ar phrionsabail an Bhíobla sula ndéanann muid aon chinneadh faoi chóir leighis a úsáideann fuil.

AN ÚSÁID A BHAINTEAR AS FUIL I gCÓIR LEIGHIS

10, 11. (a) Cén dearcadh atá ag Finnéithe Iehova ar fhuilaistriú de lánfhuil, nó de na ceithre príomhpháirteanna den fhuil? (b) Cén cinneadh a chaithfidh gach Críostaí a dhéanamh dó féin?

10 Tuigeann Finnéithe Iehova go bhfuil níos mó i gceist le “staonadh ó . . . fhuil” ná díreach gan í a ithe ná a ól. Ciallaíonn sé nach féidir fuilaistriú a ghlacadh, fuil a dheonú, ná ár gcuid fola féin a stóráil i gcomhair ár n-úsáid féin. Ciallaíonn sé freisin nach féidir fuilaistriú a ghlacadh de na ceithre phríomhpháirt den fhuil—fuilchealla dearga, fuilchealla bána, pláitíní, agus plasma.

11 Is féidir na ceithre phríomhpháirt den fhuil a bhriseadh síos ina bpáirteanna níos lú fós, ar a dtugtar codáin fola. Caithfidh gach Críostaí a chinneadh féin a dhéanamh an nglacfaidh sé le codáin fola nó nach nglacfaidh. Tá an rud céanna i gceist le gnáthaimh leighis a bhaineann úsáid as fuil an othair féin. Caithfidh gach duine a chinneadh féin a dhéanamh maidir leis an gcaoi a n-úsáidfear a chuid fola féin le linn gnáthamh leighis, tástáil leighis, nó aon teiripe atá in úsáid i láthair na huaire.—Féach ar Aguisín 21.

12. (a) Cén fáth a bhfuil suim ag Iehova sna cinntí a dhéanann muid de réir ár gcoinsiasa féin? (b) Cén chaoi ar féidir linn na cinntí cearta a dhéanamh maidir le cóir leighis?

12 An bhfuil suim ag Iehova sna cinntí a dhéanann muid de réir ár gcoinsias féin? Tá. Tá suim ag Iehova sna húdair a bhíonn againn leis na cinntí sin a dhéanamh. (Léigh Seanfhocail 17:3; 24:12.) Dá bhrí sin, nuair a bhíonn muid ag déanamh cinntí a bhaineann le cóir leighis, ní mór dúinn guí chuig Iehova chun treoir a fháil, agus ansin taighde a dhéanamh ar an gcóir leighis. Ansin déanfaidh muid ár gcinneadh de réir ár gcoinsiasa, atá oilte ar phrionsabail an Bhíobla. Ní bheadh sé feiliúnach ceist a chur ar dhaoine eile faoin rud a dhéanfaidís dá mbeidís sa mbád céanna linne, agus níor cheart do dhaoine eile a bheith ag rá linne céard ar cheart dúinn a dhéanamh. Iompróidh gach Críostaí a ualach féin.—Galataigh 6:5; Rómhánaigh 14:12.

CUIREANN DLÍTHE IEHOVA A GHRÁ IN IÚL DÚINN

13. Céard atá le foghlaim againn faoi Iehova óna chuid dlíthe agus a chuid prionsabail i dtaobh na fola?

13 Is ar mhaithe linn a bhíonn gach rud a iarrann Iehova orainn, agus is léiriú é ar a ghrá dúinn freisin. (Salm 19:8-12 [19:7-11 i mBíoblaí eile]) Ach ní mar gheall go dtéann sé chun tairbhe dúinn a bhíonn muid umhal dó, ach mar go bhfuil grá againn dó. Spreagann ár ngrá d’Iehova muid chun fuilaistriú a sheachaint. (Gníomhartha 15:20) Téann sé seo chun leasa ár sláinte freisin. Tuigeann formhór na ndaoine inniu na contúirtí a bhaineann le fuilaistriú, agus creideann go leor dochtúirí gurb é leas an othair é gan fuil a úsáid le linn obráide. Tá sé soiléir go mbíonn dlíthe Iehova eagnaí agus grámhar i gcónaí.—Léigh Íseáia 55:9; Eoin 14:21, 23.

14, 15. (a) Cé na dlíthe a thug Iehova dá phobal chun iad a chosaint? (b) Cén chaoi ar féidir leat na prionsabail ar a bhfuil na dlíthe sin bunaithe a chur i bhfeidhm?

14 Bíonn dlíthe Iehova ar mhaithe lena phobal i gcónaí. Thug Iehova dlíthe do na hIosraeilítigh sa sean-am chun iad a chosaint ar dhrochthimpistí. Mar shampla, bhí dlí ann go gcaithfeadh duine balla íseal a thógáil ar dhíon cothrom a thí sa gcaoi nach dtitfeadh aon duine de dhíon an tí. (Deotranaimí 22:8) Bhí dlí eile ann maidir le hainmhithe. Dá mbeadh tarbh contúirteach ag duine, bheadh seisean freagrach as é a choinneáil faoi smacht le nach n-ionsódh sé nó nach maródh sé duine éigin. (Eaxodus 21:28, 29) Mura gcomhlíonfadh Iosraeilíteach na dlíthe seo agus go marófaí duine dá bharr, bheadh sé ciontach i mbás an duine sin.

15 Feiceann muid ó na dlíthe seo go bhfuil an bheatha luachmhar i súile Iehova. Cén chaoi ar cheart don eolas seo dul i gcion orainn? Ba cheart go léireodh an chaoi a dtugann muid aire dár n-áit chónaithe agus dár bhfeithicil, an chaoi a dtiomáineann muid, agus an caitheamh aimsire a roghnaíonn muid, go bhfuil ómós againn don bheatha. Ceapann daoine, go mór mór daoine óga, nach dtarlóidh aon drochrud dóibhsean agus tógann siad seansanna beag beann ar an gcontúirt. Ní mar sin atá Iehova ag iarraidh orainn muid féin a iompar. Is mian leis go mbeadh ómós againn don bheatha—ár mbeatha féin agus beatha dhaoine eile.—Cóheilit 11:9, 10.

16. Cén dearcadh atá ag Iehova ar an nginmhilleadh?

16 Is mór ag Iehova beatha gach aon duine. Is mór aige fiú an leanbh atá fós sa mbroinn. Faoi Dhlí Mhaois, dá ngortódh duine bean a bhí ag iompar clainne agus go marófaí í féin nó an leanbh, bheadh an duine sin ciontach ina mbás i láthair Dé. Chiallaigh sé seo go gcaithfí cúiteamh a dhéanamh i mbás duine, fiú más rud é gur maraíodh de thimpiste é. (Léigh Eaxodus 21:22, 23.) I súile Dé, is duine beo é an leanbh atá fós sa mbroinn. (Salm 139:13) Meas tú mar sin, cén dearcadh atá aige ar an nginmhilleadh? Meas tú cén chaoi a mothaíonn sé nuair a fheiceann sé na milliúin leanbh atá fós sa mbroinn á marú gach bliain?

17. Cén sólás atá le fáil ag bean a raibh ginmhilleadh aici sular chuir sí aithne ar Iehova?

17 Céard faoi bhean a raibh ginmhilleadh aici sular chuir sí aithne ar Iehova? Tá Iehova in ann maithiúnas a thabhairt di de bharr íobairt Íosa. (Lúcás 5:32; Eifisigh 1:7) Má tá aithrí ó chroí déanta ag bean a raibh ginmhilleadh aici, ní gá di mothú ciontach faoi feasta. “Is grámhar trócaireach é an Tiarna . . . Ní faide an t-oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.”—Salm 103:8-14.

NÁ BÍODH FUATH I DO CHROÍ AGAT

18. Cén fáth a gcaithfidh muid ár ndícheall a dhéanamh fáil réidh le drochsmaointe?

18 Is inár gcroí istigh a chuirtear tús leis an ómós atá againn do bhronntanas na beatha. Tá sé ceangailte leis an gcaoi a mothaíonn muid faoi dhaoine eile. Scríobh an t-aspal Eoin: “Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é.” (1 Eoin 3:15) Is minic gur de réir a chéile agus i ngan fhios dúinn féin a fhásann fuath inár gcroí do dhuine nach dtaitníonn linn. As fuath, léirítear drochmheas ar dhaoine eile, cuirtear cúiseanna bréige ina leith, nó agraítear mallacht an bháis orthu fiú. Tá a fhios ag Iehova céard atá inár gcroí. (Léivític 19:16; Deotranaimí 19:18-21; Matha 5:22) Má bhíonn drochsmaointe againn i leith duine éigin, ba cheart dúinn tréaniarracht a dhéanamh fáil réidh leis na smaointe sin.—Séamas 1:14, 15; 4:1-3.

19. Cén chaoi ar cheart don dearcadh atá ag Iehova ar fhoréigean a dhul i gcion orainn?

19 Tá bealach eile ann ar féidir linn a léiriú go bhfuil ómós againn don bheatha. Deir Salm 11:5 faoi Iehova: “Is fuath leis fear an fhoréigin.” Nuair a roghnaíonn muid siamsaíocht fhoréigneach, léiríonn muid go bhfuil tóir againn ar an bhforéigean. Cén fáth a mbeadh muid ag tógáil isteach focail, smaointe, agus pictiúir fhoréigneacha inár n-intinn? Nach fearr dúinn ár n-intinn a líonadh le smaointe glana suaimhneacha.—Léigh Filipigh 4:8, 9.

NÁ BÍ PÁIRTEACH IN AON EAGRAÍOCHT NACH BHFUIL ÓMÓS AICI DON BHEATHA

20-22. (a) Cén dearcadh atá ag Iehova ar dhomhan Shátain? (b) Cén chaoi ar féidir le pobal Dé a léiriú “nach den saol” iad?

20 Níl aon mheas ag domhan Shátain ar an mbeatha, agus tá an domhan fuilchiontach i súile Iehova, sé sin tá sé ciontach i ndúnmharú. Maraíodh na milliúin duine leis na céadta bliain, searbhóntaí Iehova ina measc, de bharr rialtais an duine. Cuireann an Bíobla rialtais an duine i gcosúlacht le beithígh fhíochmhara. (Dainéil 8:3, 4, 20-22; Apacailipsis 13:1, 2, 7, 8) Tá tionscail mhóra ann inniu atá bunaithe ar dhíolachán airm. Déanann siad brabús mór as na hairm mharfacha sin. Tá sé le feiceáil go soiléir “go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.”—1 Eoin 5:19.

21 Ach maidir le fíorChríostaithe, “ní den saol iad.” Fanann pobal Iehova neodrach i gcúrsaí polaitíochta agus cogaí. Ní mharaíonn siad daoine, agus ní thugann siad tacaíocht d’aon eagraíocht a mharaíonn daoine. (Eoin 15:19; 17:16) Nuair a dhéantar géarleanúint ar Chríostaithe, ní bhaineann siad díoltas amach. Mhúin Íosa go gcaithfeadh muid grá a bheith againn dár naimhde fiú.—Matha 5:44; Rómhánaigh 12:17-21.

22 Tá na reiligiúin ciontach freisin i mbás na milliúin duine. Tá na reiligiúin bhréagacha ar fad le chéile mar a bheadh impireacht dhomhanda ann, ar a dtugann an Bíobla an Bhablóin Mhór. Deir an Bíobla faoin mBablóin Mhór: “Fuarthas inti fuil na bhfáithe agus na naomh go léir agus a bhfuil úd uile a básaíodh ar talamh.” An dtuigeann tú mar sin cén fáth a n-ordaíonn Iehova dúinn: “Amach libh aisti, a phobal liom”? Ní bhíonn aon bhaint ag adhraitheoirí Iehova le reiligiúin bhréagacha.—Apacailipsis 17:6; 18:2, 4, 24.

23. Céard atá i gceist leis an mBablóin Mhór a fhágáil?

23 Is é atá i gceist le dul amach as an mBablóin Mhór ná é a dhéanamh soiléir nach páirt d’aon reiligiún bréagach muid níos mó. Mar shampla, bainfidh muid ár n-ainm de liosta bhallraíocht an reiligiúin ar bhain muid leis. Ach tá tuilleadh i gceist. Caithfidh muid freisin an ghráin a bheith againn ar na drochrudaí a dhéanann reiligiúin bhréagacha agus diúltú dóibh. Cuireann reiligiúin bhréagacha mímhoráltacht, polaitíocht, agus an tsaint chun cinn. (Léigh Salm 97:10; Apacailipsis 18:7, 9, 11-17) Tá na milliúin duine maraithe in imeacht na gcéadta bliain dá bharr sin.

24, 25. Cén chaoi a bhfaigheann muid suaimhneas agus coinsias glan?

24 Sular chuir muid aithne ar Iehova, thug gach duine againn tacaíocht ar bhealach amháin nó ar bhealach eile do na drochrudaí a dhéanann domhan Shátain. Ach tá muid athraithe anois. Ghlac muid le héiric Íosa agus thiomnaigh muid muid féin do Dhia. Tá muid ag fáil “tréimhse an fhaoisimh” ó Iehova. Tá suaimhneas agus coinsias glan againn, agus fios againn go bhfuil muid ag sásamh Dé.—Gníomhartha 3:19, 20; Íseáia 1:18.

25 Fiú má bhí muid inár mball d’eagraíocht nach bhfuil ómós aici don bheatha, tá Iehova in ann maithiúnas a thabhairt dúinn de bharr éiric Íosa. Is mór againn bronntanas na beatha. Cuireann muid ár mbuíochas in iúl trínár ndícheall a dhéanamh cabhrú le daoine eile foghlaim faoi Iehova, domhan Shátain a fhágáil, agus cairdeas a chothú le Dia.—2 Corantaigh 6:1, 2.

INIS DO DHAOINE EILE FAOI RÍOCHT DÉ

26-28. (a) Cén obair a thug Iehova d’Eizicéil? (b) Céard atá Iehova ag iarraidh orainne inniu?

26 In Iosrael sa sean-am, dúirt Iehova leis an bhfáidh Eizicéil foláireamh a thabhairt do na daoine go raibh Iarúsailéim le scriosadh go luath, agus insint dóibh an rud a bhí le déanamh acu chun a theacht slán. Mura dtabharfadh Eizicéil an foláireamh do na daoine, bheadh sé ciontach ina mbás i súile Dé. (Eizicéil 33:7-9) Léirigh Eizicéil go raibh luach ar an mbeatha aige nuair a rinne sé gach a raibh sé in ann chun an teachtaireacht sin a thabhairt chuig na daoine.

27 Tá an cúram curtha ag Iehova orainne foláireamh a thabhairt go bhfuil domhan Shátain le scriosadh go luath, agus cabhrú le daoine aithne a chur ar Iehova le go dtiocfaidís slán chun maireachtáil ar dhomhan nua Dé. Is mian linn an teachtaireacht sin a chraobhscaoileadh go dúthrachtach. Tá muid ag iarraidh a bheith in ann an rud céanna a rá is a dúirt Pól: “Dearbhaím daoibh inniu féin, dá bhrí sin, nach bhfuilim freagrach i bhfuil aon duine riamh agaibh mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.”—Gníomhartha 20:26, 27

28 Ach tá bealaí eile ina gcaithfidh muid Iehova a shásamh. Breathnóidh muid ar chuid acu seo sa gcéad chaibidil eile.