Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 1

Maireann Grá Dé Go Deo

Maireann Grá Dé Go Deo

“Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.”—1 EOIN 5:3.

1, 2. Cén fáth a bhfuil grá agat d’Iehova?

 AN BHFUIL grá agat do Dhia? B’fhéidir gur thiomnaigh tú thú féin dó le teann grá. B’fhéidir go gceapann tú gurb é an Cara is fearr atá agat é. Ach fiú amháin sular ghráigh tusa Iehova, bhí grá aigesean duit. Deir an Bíobla: “Tugaimisne grá, mar gur thug seisean grá dúinne ar dtús.”—1 Eoin 4:19.

2 Cuimhnigh ar an méid bealaí inar thaispeáin Iehova grá dúinne. Thug sé an talamh dúinn mar áit álainn le cónaí air, agus gach ní atá riachtanach chun taitneamh a bhaint as an saol. (Matha 5:43-48; Apacailipsis 4:11) Tá sé ag iarraidh orainn caidreamh a bheith againn leis, agus chuir sé ar ár gcumas aithne a chur air. Nuair a léann muid an Bíobla bíonn muidne ag éisteacht le hIehova; agus nuair a ghuíonn muid, bíonn seisean ag éisteacht linne. (Salm 65:3 [65:2 i mBíoblaí eile]) Tugann sé treoir agus neart dúinn le cumhacht an spioraid naoimh. (Lúcás 11:13) Fiú is gur chuir sé a Mhac muirneach go dtí an talamh chun muid a shábháil ón bpeaca agus ón mbás.—Léigh Eoin 3:16; Rómhánaigh 5:8.

3. Cén chaoi ar féidir linn muid féin a chumhdach i ngrá Dé?

3 Cuimhnigh ar dhuine de do chairde a sheas leat in am an bhróin agus in am an áthais. Tógann sé tréaniarracht caidreamh mar sin a chothú. Tá sé mar a chéile leis an gcaidreamh atá againn le hIehova, an Cara is fearr a d’fhéadfadh a bheith againn. Is féidir leis an gcaidreamh seo seasamh go deo. Mar sin deir an Bíobla: “Cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé.” (Iúd 21) Cén chaoi ar féidir linn é sin a dhéanamh? Freagraíonn an Bíobla: “Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.”—1 Eoin 5:3.

“MAR GURB É SEO GRÁ DÉ”

4, 5. (a) Céard is brí le “grá Dé”? (b) Cén chaoi ar mhéadaigh do ghrá d’Iehova?

4 Céard atá i gceist le “grá Dé”? Ní hé an grá atá ag Dia dúinne atá i gceist, ach an grá atá againne do Dhia. An cuimhin leat nuair a thosaigh tú ag tabhairt grá d’Iehova?

Léiríonn do thiomnú agus do bhaiste go bhfuil grá agat d’Iehova agus go bhfuil tú sásta a thoil a dhéanamh

5 Cuimhnigh ar an gcaoi a d’airigh tú nuair a d’fhoghlaim tú gurb é mian Iehova go mairfeá go deo i bParthas ar talamh. D’fhoghlaim tú faoi gach a raibh déanta aige chun é seo a thabhairt chun críche, agus faoin mbronntanas luachmhar a thug sé dúinn nuair a chuir sé a Mhac go dtí an talamh. (Matha 20:28; Eoin 8:29; Rómhánaigh 5:12, 18) Chuir sé seo ríméad ar do chroí, agus thosaigh tú ag tabhairt grá dó.—Léigh 1 Eoin 4:9, 10.

6. Cén chaoi a spreagann an grá muid?

6 Ach ní raibh do ghrá d’Iehova ach ina thús. Mar shampla, nuair a bhíonn grá againn do dhuine, ní leor a rá go bhfuil grá againn dó. Spreagann an grá muid chun rudaí a dhéanamh a chuirfidh áthas ar an duine sin. Ar an gcaoi chéanna spreag do ghrá d’Iehova thú chun maireachtáil ar bhealach a chuireann áthas airsean. Nuair a mhéadaigh do ghrá, bhí tú sásta i do chroí thú féin a thiomnú d’Iehova agus a bheith baiste. Gheall tú go mbeifeá umhal d’Iehova go deo. (Léigh Rómhánaigh 14:7, 8.) Cén chaoi ar féidir leat an gealltanas sin a chomhlíonadh?

“COMHLÍONADH A AITHEANTA”

7. Céard a dhéanfaidh muid má ghránn muid Iehova? Luaigh cuid dá chuid aitheanta.

7 Dé bhrí go bhfuil grá againn d’Iehova comhlíonann muid a chuid aitheanta. Cén chaoi a ndéanann muid é seo? Bíonn muid umhal dó. Faigheann muid amach ón mBíobla an chaoi atá Iehova ag iarraidh orainn maireachtáil. Mar shampla, insíonn sé dúinn nach bhfuil sé ceart a bheith óltach, a bheith ag goid, a bheith ag insint bréag, ná gnéas a bheith againn le duine seachas ár gcéile pósta, ná adhradh a thabhairt d’aon duine ná d’aon rud seachas Iehova.—1 Corantaigh 5:11; 6:18; 10:14; Eifisigh 4:28; Colosaigh 3:9.

8, 9. Cén chaoi a mbeidh a fhios againn céard atá Iehova ag iarraidh orainn a dhéanamh? Tabhair sampla.

8 Ach chun Iehova a shásamh, ní mór dúinn níos mó a dhéanamh ná a aitheanta a chomhlíonadh. Níl liosta mór fada de dhlíthe tugtha aige dúinn a chlúdaíonn gach gné dár saol. Mar sin, uaireanta tarlaíonn eachtraí nach mbíonn aon dlí speisialta sa mBíobla lena n-aghaidh. Cén chaoi ar féidir linn cinntí maithe a dhéanamh? (Eifisigh 5:17) Tá prionsabail, nó fírinní bunúsacha, le fáil sa mBíobla a thugann léargas dúinn ar dhearcadh Iehova. Nuair a léann muid an Bíobla, faigheann muid amach cé na rudaí a thaitníonn leis agus cé na rudaí a bhfuil an ghráin aige orthu.—Léigh Salm 97:10; Eifisigh 6:16-19; féach ar Aguisín 1.

9 Mar shampla, cén chaoi a roghnóidh muid ábhar siamsaíochta ar an teilifís agus ar an idirlíon? Ní insíonn Iehova dúinn céard go díreach is ceart dúinn a dhéanamh, ach cabhraíonn prionsabail an Bhíobla linn. Tá go leor de shiamsaíocht an lae inniu lán de ghnéas agus d’fhoréigean. Insíonn Iehova dúinn gur “fuath leis fear an fhoréigin” agus go dtabharfaidh sé “daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.” (Salm 11:5; Eabhraigh 13:4) Cén chaoi ar féidir leis na prionsabail seo cabhrú linn cinntí maithe a dhéanamh? Má bhíonn a fhios againn go bhfuil an ghráin ag Iehova ar rud éigin, nó go bhfuil sé mímhorálta ina shúile, ní mór dúinn an rud sin a sheachaint.

10, 11. Cén fáth a ndéanann muid comhairle Iehova?

10 Cén fáth a ndéanann muid comhairle Iehova? Ní hé go bhfuil muid ag iarraidh a bheith ag seachaint an phionóis nó na trioblóidí a thagann orainn de bharr droch-chinntí. (Galataigh 6:7) Déanann muid a chomhairle mar go bhfuil grá againn dó. Díreach mar a bhíonn páistí ag iarraidh a n-athair a shásamh, bíonn muidne ag iarraidh ár nAthair ar neamh a shásamh. Is ábhar ríméid dúinn é nuair a bhíonn Iehova sásta linn!—Salm 5:13 (5:12 i mBíoblaí eile); Seanfhocail 12:2; féach ar Aguisín 2.

11 Déanann muid comhairle Iehova i gcónaí, fiú nuair nach mbíonn sé éasca. Ní roghnaíonn muid cé acu dá dhlíthe a leanfaidh muid agus cé acu nach leanfaidh. (Deotranaimí 12:32) Bíonn muid umhal go hiomlán dó, mar a bhí an salmaire a dúirt: “Is i d’aitheanta a bheidh mo thaitneamh ós dóibh a thugaim grá.” (Salm 119:47; Rómhánaigh 6:17) Ní mór dúinn a bheith ar nós Naoi. Deir an Bíobla go ndearna Naoi gach “ar ordaigh an Tiarna dó.” (Geineasas 6:22) Ar mhaith leat go ndéarfadh Iehova é sin fútsa?

12. Cén chaoi ar féidir linn áthas a chur ar Iehova?

12 Cén chaoi a n-airíonn Iehova nuair a dhéanann muid a chomhairle? Cuireann muid ‘lúcháir ar a chroí.’ (Seanfhocail 11:20; 27:11) Smaoinigh air sin! Tá sé ar ár gcumas áthas a chur ar Chruthaitheoir na cruinne. Ní chuireann sé d’iallach orainn riamh a chomhairle a dhéanamh. Tá saorthoil tugtha aige dúinn. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an tsaoirse againn an mhaith nó an t-olc a roghnú. Tá Iehova ag iarraidh orainn cinntí maithe a dhéanamh as ucht an ghrá atá againn dó, sa gcaoi is go mbeidh saol chomh maith againn agus is féidir.—Deotranaimí 30:15, 16, 19, 20; féach ar Aguisín 3.

“NÍ TROMUALACH A AITHEANTA”

13, 14. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach bhfuil sé ródheacair aitheanta Iehova a chomhlíonadh? Tabhair sampla.

13 D’fhéadfadh muid a cheapadh go bhfuil sé ródheacair aitheanta Iehova a chomhlíonadh nó go gcuireann siad srian ar ár gcuid saoirse. Deir an Bíobla go soiléir: “Ní tromualach a aitheanta.” (1 Eoin 5:3) Úsáidtear an focal Gréigise óna n-aistrítear “tromualach” i scrioptúir eile chun cur síos ar rialacha atá an-dian. (Matha 23:4; Gníomhartha 20:29, 30) Mar sin, ní ualach trom iad aitheanta Iehova, is é sin le rá, níl sé deacair iad a chomhlíonadh. Bíonn sé réasúnach i gcónaí i ngach ní a iarrann sé orainn.

14 Mar shampla, cuir i gcás go bhfuil tú ag cabhrú le cara leat bogadh go dtí teach nua. Tá gach rud pacáilte i mboscaí aige. Tá cuid de na boscaí éadrom, ach tá cuid acu chomh trom is go dtógfadh sé beirt iad a iompar. An n-iarrfadh do chara ort bosca trom a phiocadh suas leat féin? Ní bheadh baol air! Cén fáth? Mar níl sé ag iarraidh tú a ghortú. Tá Iehova cosúil leis an gcara sin—ní iarrfadh sé ort rud a dhéanamh a bheadh ródheacair. (Deotranaimí 30:11-14) Tuigeann Iehova muid. “Is eol dó an tslí inar cumadh sinn agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.”—Salm 103:14.

15. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur ar mhaithe linn atá aitheanta Iehova?

15 Dúirt Maois le náisiún Iosrael gur ar mhaithe leo a bhí aitheanta Iehova agus dá mbeidís dílis d’Iehova go “gcomeádfadh sé beo” iad. (Deotranaimí 5:28-33; 6:24) Tá an rud céanna fíor inniu. Cuireann gach a n-iarrann Iehova orainn feabhas ar ár saol. (Léigh Íseáia 48:17.) Tá a fhios ag ár nAthair, Iehova, céard a théann chun tairbhe dúinn. (Rómhánaigh 11:33) Deir an Bíobla: “Is é Dia an grá.” (1 Eoin 4:8) Ciallaíonn sé seo gur as a ghrá a dhéanann Iehova gach rud.

16. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil muid in ann a bheith umhal do Dhia?

16 Níl sé éasca a bheith umhal d’Iehova i gcónaí. Is é an Diabhal atá ag rialú an domhain seo. Cuireann sé cathú ar dhaoine an rud mícheart a dhéanamh. (1 Eoin 5:19) Ós rud é go bhfuil muid neamhfhoirfe ní mór dúinn diúltú do smaointe agus do mhothúcháin atá in ann muid a chur ar bhealach ár mbasctha. (Rómhánaigh 7:21-25) Tugann an grá atá againn d’Iehova an misneach dúinn an rud ceart a dhéanamh. Feiceann sé na hiarrachtaí a dhéanann muid, agus tugann sé an spiorad naomh dúinn chun cabhrú linn. (1 Samúéil 15:22, 23; Gníomhartha 5:32) Le cabhair an spioraid naoimh cothaíonn muid tréithe a dhéanann níos éasca dúinn é a bheith umhal do Dhia.—Galataigh 5:22, 23.

17, 18. (a) Céard a fhoghlaimeoidh muid sa leabhar seo? (b) Céard a bheidh á phlé againn sa gcéad chaibidil eile?

17 Sa leabhar seo, tá muid chun foghlaim lenár saol a chaitheamh ar bhealach a nglacann Iehova leis. Foghlaimeoidh muid lena chaighdeáin mhorálta a chur i bhfeidhm inár saol. Ní chuireann Iehova iallach orainn a bheith dílis dó. Ach, nuair a roghnaíonn muid a bheith dílis tagann feabhas ar ár saol anois agus beidh saol iontach againn amach anseo. Níos tábhachtaí fós, cuireann muid méid ár ngrá in iúl do Dhia nuair a bhíonn muid dílis dó.—Féach ar Aguisín 4.

18 Thug Iehova coinsias do gach duine againn ionas go mbeadh sé ar ár gcumas idirdhealú a dhéanamh idir an ceart agus an mícheart. Cabhróidh ár gcoinsias linn aitheanta Dé a chomhlíonadh má thraenálann muid é. Ach, céard é an coinsias, agus cén chaoi a dtraenálann muid é? Feicfidh muid.