Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 8

Is Mian le hIehova go mBeadh a Phobal Glan

Is Mian le hIehova go mBeadh a Phobal Glan

“Is glan tú le lucht na glaine.”—SALM 18:27 (18:26 i mBíoblaí eile).

1-3. (a) Cén fáth a ndéanann máthair cinnte de go bhfuil a mac óg glan? (b) Cén fáth ar mhaith le hIehova go mbeadh a phobal glan?

 SAMHLAIGH máthair ghrámhar atá ag réiteach a buachaill beag le dul ar scoil. Déanann sí cinnte go bhfuil sé nite agus go bhfuil a chuid éadaí néata agus glan. Coinníonn sé seo sláintiúil é agus léiríonn sé do dhaoine eile go bhfuil a thuismitheoirí ag tabhairt aire dó.

2 Is mian lenár nAthair, Iehova, go mbeadh muid glan agus gan smál. (Salm 18:27 [18:26 i mBíoblaí eile]) Tá a fhios aige go dtéann sé sin chun tairbhe dúinn. Agus nuair a bhíonn muidne glan, tugtar onóir dósan.—Eizicéil 36:22; léigh 1 Peadar 2:12.

3 Céard a chiallaíonn sé a bheith glan? Agus cén fáth a dtéann sé chun tairbhe dúinn? D’fhéadfadh sé, tar éis scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna seo, go mbeadh athruithe le déanamh againn féin.

CÉN FÁTH NACH MÓR DÚINN A BHEITH GLAN?

4, 5. (a) Cén fáth nach mór dúinn a bheith glan? (b) Céard atá le foghlaim againn faoi ghlaineacht ón gcaoi ar chruthaigh Iehova an chruinne?

4 Foghlaimíonn muid le bheith glan agus gan smál ó dhea-shampla Iehova. (Léivític 11:44, 45) Mar sin, is í an phríomhchúis atá againn le bheith glan ná gur mian linn ‘aithris a dhéanamh ar Dhia.’—Eifisigh 5:1.

5 Múineann an cruthú go leor dúinn faoin dearcadh atá ag Iehova ar ghlaineacht. Chruthaigh Iehova fórsaí nádúrtha a choinníonn an t-aer agus an t-uisce glan. (Irimia 10:12) Smaoinigh ar na bealaí éagsúla a nglanann an talamh é féin, fiú agus daoine tar éis é a thruailliú. Mar shampla, chruthaigh Iehova neacha beaga bídeacha ar a dtugtar frídíní nach féidir a fheiceáil ach le micreascóp. Tá frídíní in ann an dochar a bhaint as ábhar nimhiúil. Is próiseas an-éifeachtach é seo. Fiú is go n-úsáideann eolaithe cuid de na frídíní seo chun an dochar atá déanta don timpeallacht a leigheas.—Rómhánaigh 1:20.

6, 7. Cén chaoi ar léirigh Dlí Mhaois go gcaithfeadh pobal Iehova a bheith glan?

6 Cuireann an Dlí a thug Iehova do na hIosraeilítigh trí Mhaois ar ár súile dúinn freisin go bhfuil sé tábhachtach a bheith glan. Mar shampla, ní ghlacfadh Iehova le hadhradh óna phobal mura gcoinneoidís glan iad féin. Ar Lá an Leorghnímh, bhí ar an ardsagart é féin a ní faoi dhó. (Léivític 16:4, 23, 24) Agus sula bhféadfadh na sagairt eile íobairtí a ofráil, bhí orthu a gcuid lámha agus a gcosa a ní. (Eaxodus 30:17-21; 2 Croinicí 4:6) I gcásanna áirithe, bhí pionós an bháis i ndán don té a bhrisfeadh dlíthe a bhain le glaineacht.—Léivític 15:31; Uimhreacha 19:17-20.

7 Céard faoin lá a tá inniu ann? Tá go leor le foghlaim againn faoi chaighdeáin Iehova ón Dlí. (Malaicí 3:6) Léirigh an Dlí go soiléir go gcaithfeadh pobal Iehova a bheith glan. Níor athraigh caighdeáin Iehova ó shin. Is mian leis go mbeadh a phobal glan agus gan smál inniu freisin.—Séamas 1:27.

CÉARD A CHIALLAÍONN SÉ A BHEITH GLAN?

8. Cé na bealaí nach mór dúinn a bheith glan?

8 Tá níos mó i gceist le glaineacht, i súile Iehova, ná muid féin, ár gcuid éadaí agus ár dteach a choinneáil glan. Baineann glaineacht le gach gné dár saol. Baineann sé lenár n-adhartha, lenár n-iompar, agus lenár smaointe. Mar sin, le bheith glan i súile Iehova, ní mór dúinn a bheith glan i ngach gné dár saol.

9, 10. Céard nach mór dúinn a dhéanamh má tá ár n-adhradh le bheith glan i súile Dé?

9 Fíoradhradh. Ní féidir linn baint ná páirt a bheith againn le reiligiúin bhréagacha. Nuair a bhí na hIosraeilítigh ina bpríosúnaigh sa mBablóin, bhí siad ina gcónaí i measc daoine a bhí ag cleachtadh reiligiún a bhí págánta agus mímhorálta. Thuar Íseáia go bhfillfeadh na hIosraeilítigh ar Iosrael agus go gcuirfidís an fíoradhradh i réim arís. Dúirt Iehova leo: “Amach libh! . . . Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin.” Ní fhéadfaidís adhradh Dé a mheascadh leis na teagasca, na nósanna, ná na gnásanna a bhain le reiligiún bréagach na Bablóine.—Íseáia 52:11.

10 Fanann fíorChríostaithe an lae inniu glan ar reiligiúin bhréagacha freisin. (Léigh 1 Corantaigh 10:21.) Tá go leor de na traidisiúin agus gnásanna a bhfuil an-tóir orthu ar fud an domhain inniu, bunaithe ar reiligiúin bhréagacha. Mar shampla, tá go leor cultúir ann a chreideann go bhfuil anam ag an duine a leanann air ag maireachtáil tar éis a bháis, agus is iomaí gnás atá bunaithe ar an teagasc seo. (Cóheilit 9:5, 6, 10) Ní mór do Chríostaithe gnásanna den sórt sin a sheachaint. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh ár dteaghlach brú orainn páirt a ghlacadh i gcuid acu. Ach de bhrí gur mian linn a bheith glan i súile Iehova, fanann muid umhal dósan.—Gníomhartha 5:29.

11. Céard a chiallaíonn sé a bheith glan agus gan smál?

11 An chaoi a n-iompraíonn muid muid féin. Más mian linn a bheith gan smál i súile Iehova, ní mór dúinn gach sórt mímhoráltacht gnéis a sheachaint. (Léigh Eifisigh 5:5.) Deir Iehova linn: “Seachnaígí an drúis.” Tá sé an-soiléir ón mBíobla nach bhfaighidh daoine atá mímhorálta agus nach ndéanann aithrí “ríocht Dé mar oidhreacht.”—1 Corantaigh 6:9, 10, 18; féach ar Aguisín 22.

12, 13. Cén fáth nach mór dúinn ár n-intinn a choinneáil ar rudaí atá glan agus geanmnaí?

12 Glaineacht inár n-intinn. Is minic a dhéanann duine beart de réir na rudaí a bhíonn sé ag smaoineamh air. (Matha 5:28; 15:18, 19) Má bhíonn ár smaointe glan agus geanmnaí, déanfaidh muid beart dá réir sin. Ar ndóigh, tá muid neamhfhoirfe, mar sin ní bhíonn ár smaointe glan agus geanmnaí i gcónaí. Ní mór dúinn smaointe neamhghlana a dhiúltú láithreach. Mura ndéanfaidh muid é sin, is gearr nach mbeidh ár gcroí glan ná geanmnaí. Tá an baol ann go mbeadh muid ag iarraidh na rudaí a bhfuil muid ag smaoineamh orthu a dhéanamh. Ní mór dúinn, mar sin, ár n-intinn a choinneáil ar rudaí atá glan. (Léigh Filipigh 4:8.) Caithfidh muid rudaí ar nós siamsaíocht atá mímhorálta nó foréigneach a sheachaint. Ní mór dúinn a bheith aireach maidir leis na rudaí a léann muid, a fhéachann muid orthu, nó a bhíonn ina n-ábhair comhrá againn.—Salm 19:9, 10 (19:8, 9 i mBíoblaí eile.)

13 Chun muid féin a chumhdach i ngrá Dé, ní mór dúinn a bheith glan agus geanmnaí inár n-adhradh, inár n-iompar, agus inár smaointe. Ach is mian le hIehova go gcoinneodh muid muid féin glan freisin.

CÉN CHAOI AR FÉIDIR LINN MUID FÉIN A CHOINNEÁIL GLAN?

14. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach muid féin agus ár dtimpeallacht a choinneáil glan?

14 Nuair a choinníonn muid muid féin agus ár dtimpeallacht glan, téann sé chun tairbhe dúinn féin agus do na daoine a bhíonn thart orainn. Mothaíonn muid go maith, agus bíonn fonn ar dhaoine eile a bheith inár gcuideachta. Ach tá cúis níos tábhachtaí fós ann ar chóir dúinn muid féin agus ár dtimpeallacht a choinneáil glan. Tugann sé onóir d’Iehova. Smaoinigh mar seo air: Dá bhfeicfeá páiste a bhíonn salach i gcónaí, b’fhéidir go gcuirfeadh sé amhras ort faoina chuid tuismitheoirí. Ar an gcaoi chéanna, mura dtugann muidne aire dúinn féin agus do gach a bhfuil againn, d’fhéadfadh sé drochmheas a tharraingt ar Iehova. Dúirt Pól: “Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine, ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn.”—2 Corantaigh 6:3, 4.

Mar phobal Iehova, ní mór dúinn muid féin agus ár dtimpeallacht a choinneáil glan

15, 16. Céard is féidir linn a dhéanamh chun muid féin a choinneáil glan?

15 Ár gcolainn agus ár gcuid éadaí. Ba cheart go mbeadh sé de nós againn gach lá muid féin a choinneáil glan. Mar shampla, níonn muid muid féin go rialta, gach lá más féidir é. Níonn muid ár gcuid lámha le gallúnach agus uisce sula láimhseálann muid bia, sula n-itheann muid béile, agus go cinnte tar éis an leithris a úsáid nó rud éigin salach a láimhseáil. Is rud sách simplí é ár lámha a ní, ach tá sé riachtanach chun nach scaipfidh baictéir agus galair. D’fhéadfadh sé beatha daoine a shábháil fiú. B’fhéidir nach bhfuil leithris nó córas séarachais againn, ach mar sin féin tá bealaí éifeachtacha ann chun fáil réidh le salachar daonna. Ní raibh aon chóras séarachais ag na hIosraeilítigh fadó, mar sin chuir siad a gcuid salachair i bpoll sa talamh, i bhfad óna dtithe cónaithe agus ó fhoinsí uisce.—Deotranaimí 23:12, 13.

16 Ní gá go mbeadh ár gcuid éadaí galánta, costasach, ná den fhaisean is déanaí. Ach ba chóir go mbeidís néata agus glan. (Léigh 1 Tiomóid 2:9, 10.) Is mian linn go dtabharfadh an chaoi a ngléasann muid onóir d’Iehova i gcónaí.—Títeas 2:10.

17. Cén fáth a gcoinníonn muid ár dteach cónaithe agus ár dtimpeallacht glan?

17 Ár dteach cónaithe agus ár dtimpeallacht. Is cuma cén áit a bhfuil cónaí orainn, coinníonn muid ár dtithe glan. Déanann muid cinnte de freisin go mbíonn ár ngluaisteán, scútar, rothar, nó cibé feithicil atá againn glan, go mór mór má úsáideann muid é chun a dhul ag na cruinnithe nó ag craobhscaoileadh. Go deimhin, nach faoi pharthas álainn ar talamh a bhíonn muid ag craobhscaoileadh. (Lúcás 23:43; Apacailipsis 11:18) Léiríonn muid go bhfuil muid ag ullmhú don domhan nua glan sin nuair a choinníonn muid ár dteach cónaithe agus ár dtimpeallacht glan.

18. Cén fáth ar mian linn ár n-ionad adhartha a choinneáil glan?

18 Ár n-ionad adhartha. Nuair a choinníonn muid na hionaid ina mbíonn ár gcruinnithe agus ár gcomhdhálacha glan, léiríonn muid gur mian linn a bheith glan. Nuair a thagann daoine chuig an Ríocht-halla den chéad uair, is minic a thugann siad faoi deara cé chomh glan is a bhíonn sé. Tugann sé seo onóir d’Iehova. Tá an deis againn ar fad, mar bhaill den phobal Críostaí, an Ríocht-halla a ghlanadh agus cóir mhaith a choinneáil air.—2 Croinicí 34:10.

AG ÉIRÍ AS DROCHNÓSANNA

19. Céard nach mór dúinn a sheachaint?

19 Ní thugann an Bíobla liosta dúinn de na drochnósanna go léir is cóir a sheachaint, ach cabhraíonn prionsabail an Bhíobla linn dearcadh Iehova ar gach cineál nós a thuiscint. Níl sé ag iarraidh orainn a bheith ag caitheamh toitíní, ag ól an iomarca alcól, ná ag mí-úsáid drugaí. Má tá muid inár gcairde ag Dia, fanfaidh muid glan ar na rudaí seo go léir. Cén fáth? Mar is mór againn bronntanas na beatha. Cuireann drochnósanna mar sin ár mbeatha agus ár sláinte i mbaol, agus déanann siad dochar do na daoine atá thart orainn. Is iomaí duine a dhéanann iarracht an ceann is fearr a fháil ar na drochnósanna seo ar mhaithe lena shláinte. Ach tá cúis níos fearr againne éirí astu—tá grá againn d’Iehova. Dúirt bean óg amháin: “Le cabhair ó Iehova, ghlan mé suas mo shaol agus fuair mé an ceann is fearr ar an andúil. . . . Is dóigh liom go mbeadh sé dodhéanta agam na hathruithe seo a dhéanamh as mo stuaim féin.” Déanfaidh muid plé anois ar chúig phrionsabal ón mBíobla a chabhróidh le duine éirí as drochnósanna.

20, 21. Cén cineál nósanna a bhfuil Iehova ag iarraidh orainn fanacht glan orthu?

20 “Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.” (2 Corantaigh 7:1) Is é mian Iehova go bhfanfadh muid glan ar dhrochnósanna a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dár n-intinn nó dár gcolainn.

21 Is léir dúinn ón méid atá ráite i 2 Corantaigh 6:17, 18 go bhfuil cúis mhaith againn “gach smál coirp” a ghlanadh dínn féin. Deir Iehova ansin linn: “Ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh. Beidh mé i m’athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa.” Sea, beidh grá ag Iehova dúinn mar a bheadh ag athair dá pháistí má sheachnaíonn muid drochnósanna a dhéanfadh neamhghlan muid.

22-25. Cé na prionsabail ón mBíobla atá in ann cabhrú linn drochnósanna a sheachaint?

22 “Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán.” (Matha 22:37) Is í seo an aithne is tábhachtaí ar fad. (Matha 22:38) Tá ár ngrá go hiomlán tuillte ag Iehova. An féidir linn é a ghrá go hiomlán má bhíonn muid ag déanamh rudaí a chuireann ár mbeatha i mbaol nó a dhéanann dochar dár n-inchinn? Ní féidir. Ach chun é a ghrá go hiomlán, déanann muid ár ndícheall ómós a léiriú don bheatha atá tugtha aige dúinn.

23 “Is é [Dia] a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách. (Gníomhartha 17:24, 25) Dá mba rud é gur thug cara bronntanas speisialta duit, an gcaithfeá uait é nó an scriosfá é? Is bronntanas iontach ó Iehova í an bheatha. Tá muid an-bhuíoch as ucht an bhronntanais seo. Mar sin, tá muid ag iarraidh ár saol a chaitheamh ar bhealach a thabharfaidh glóir dósan.—Salm 36:10 (36:9 i mBíoblaí eile.)

24 “Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.” (Matha 22:39) Ní dúinn féin amháin a dhéanann muid dochar nuair a chleachtann muid drochnósanna. Is minic a ghortaíonn muid na daoine is mó a bhfuil cion againn orthu. Mar shampla, is minic a bhíonn drochshláinte ag daoine a bhíonn ina gcónaí sa teach céanna le duine a bhíonn ag caitheamh tobac. Ach nuair a éiríonn muid as drochnósanna, léiríonn muid grá dóibh siúd atá thart orainn.—1 Eoin 4:20, 21.

25 “Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais.” (Títeas 3:1) I dtíortha go leor, tá sé in aghaidh an dlí a bheith i seilbh nó ag úsáid drugaí áirithe. Comhlíonann muid dlíthe den sórt sin ós rud é go ndeir Iehova linn go bhfuil ómós dlite do na rialtais.—Rómhánaigh 13:1.

Nuair a choinníonn muid muid féin glan agus gan smál tugann muid onóir d’Iehova

26. (a) Céard nach mór dúinn a dhéanamh chun go nglacfaidh Iehova lenár n-adhradh? (b) Céard é an bealach is fearr le maireachtáil agus cén fáth?

26 B’fhéidir go bhfuil athruithe le déanamh againn, más mian linn a bheith mar chara ag Iehova. Má tá, ba cheart dúinn tosú láithreach. Cé nach bhfuil sé éasca éirí as drochnósanna, is féidir é a dhéanamh! Geallann Iehova go gcabhróidh sé linn. Deir sé: “Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.” (Íseáia 48:17) Nuair a dhéanann muid ár ndícheall a bheith glan i ngach gné dár saol, is cinnte go bhfuil muid ag tabhairt onóir dár nDia.