Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 9

Seachnaígí Mímhoráltacht Gnéis!

Seachnaígí Mímhoráltacht Gnéis!

“Básaígí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise (nó, mímhoráltacht gnéis), an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh.”—COLOSAIGH 3:5.

1, 2. Cén chaoi a ndearna Balám dochar do phobal Iehova?

 TÉANN iascaire ag iascach san áit ina bhfuil an cineál éisc atá uaidh. Roghnaíonn sé baoite agus caitheann sé an dorú isteach san uisce. Fanann sé go foighneach, agus nuair a bheireann an breac ar an mbaoite, tugann sé an breac i dtír.

2 Is féidir an cleas céanna a dhéanamh le daoine. Mar shampla, bhí an Tír Tairngire beagnach bainte amach ag na hIosraeilítigh nuair a champáil siad ar mhachairí Mhóáb. Gheall rí Mhóáb go dtabharfadh sé go leor airgid do Bhalám dá gcuirfeadh sé mallacht ar Iosrael. Faoi dheireadh, chuimhnigh Balám ar bhealach le go dtarraingeodh na hIosraeilítigh mallacht orthu féin. Roghnaigh sé an baoite go cúramach. Chuir sé mná óga Móábacha go dtí campa na nIosraeilíteach chun na fir a mhealladh.—Uimhreacha 22:1-7; 31:15, 16; Apacailipsis 2:14.

3. Cén chaoi ar chuir cleas Bhalám amú na hIosraeilítigh?

3 Ar éirí le cleas Bhalám? D’éirigh. Bhí caidreamh gnéis mhímhorálta ag na mílte d’fhir Iosrael le mná óga Mhóáb. Thosaigh na fir seo ag adhradh déithe bréige freisin, ina measc dia an ghnéis, Bál Peór. Mar thoradh ar sin, fuair 24,000 de na hIosraeilítigh bás agus iad ar tí dul isteach sa Tír Tairngire.—Uimhreacha 25:1-9.

4. Cén fáth ar mheall cleas Bhalám na mílte Iosraeilíteach?

4 Cén fáth ar éirigh le cleas Bhalám an oiread sin de na hIosraeilítigh a mhealladh? Is ag cuimhneamh ar a bpléisiúr féin a bhí siad agus rinne siad dearmad ar an méid a bhí déanta ag Iehova dóibh. Bhí cúis mhaith ag na hIosraeilítigh fanacht dílis do Dhia. Shaor sé iad ón sclábhaíocht san Éigipt, bheathaigh sé iad sa bhfásach, agus thug sé slán sábháilte go dtí teorainn an Tír Tairngire iad. (Eabhraigh 3:12) Mar sin féin, mheall an mhímhoráltacht gnéis iad. Scríobh an t-aspal Pól: “Ná déanaimis drúise faoi mar a rinne cuid acu siúd.”—1 Corantaigh 10:8.

5, 6. Céard atá le foghlaim againn ón méid a tharla ar Mhachairí Mhóáb?

5 Is gearr uainn an saol nua. Mar sin, ar bhealach, tá muidne ar nós na nIosraeilíteach agus iad ar theorainn an Tír Tairngire. (1 Corantaigh 10:11) Sa lá atá inniu ann, tá go leor daoine níos gafa le gnéas ná mar a bhí na Móábaigh. Is féidir leis an meon seo a dhul i gcion ar phobal Iehova freisin. Go deimhin, tá mímhoráltacht gnéis ar an mbaoite is éifeachtaí a úsáideann an Diabhal.—Uimhreacha 25:6, 14; 2 Corantaigh 2:11; Iúd 4.

6 Fiafraigh díot féin, ‘Cé acu is fearr liom: Pléisiúr nach maireann ach tamaillín gearr, nó maireachtáil go deo go sona sásta ar dhomhan nua Dé?’ Nach fiú go mór cloí le hordú Iehova: “Seachnaígí an drúis”?—1 Corantaigh 6:18.

CÉARD ATÁ I gCEIST LE MÍMHORÁLTACHT GNÉIS?

7, 8. Céard atá i gceist le mímhoráltacht gnéis? Cén fáth gur rud tromchúiseach é?

7 Tá go leor daoine inniu atá mínáireach agus drochmheasúil ar na dlíthe atá ag Dia maidir le gnéas. Is mímhoráltacht gnéis a thugann an Bíobla ar chleachtais gnéis idir daoine nach bhfuil pósta lena chéile de réir na Scrioptúr. Luaite leis seo tá gnéas idir beirt den inscne chéanna agus gnéas idir daoine agus ainmhithe. Seo a leanas cuid de na rudaí atá i gceist le cleachtais gnéis: caidreamh collaí, gnéas béil, gnéas tóna, nó a bheith ag láimhseáil baill ghiniúnacha dhuine eile ar bhealach gnéasach.—Féach ar Aguisín 23.

8 Tá sé soiléir ón mBíobla nach féidir leis an té a leanann air ag cleachtadh mímhoráltacht gnéis fanacht sa bpobal Críostaí. (1 Corantaigh 6:9; Apacailipsis 22:15) Ina theannta sin, nuair a bhíonn duine mímhorálta cailleann sé a fhéinmheas agus an mhuinín a bhí ag daoine eile as. Ní bhíonn de bharr an mhímhoráltacht gnéis ach trioblóid. Is minic gur coinsias ciontach, páiste gan choinne, fadhbanna pósta, galair, nó bás a bhíonn mar thoradh air. (Léigh Galataigh 6:7, 8.) Dá smaoineodh duine ar an méid a d’fhéadfadh tarlú de bharr mhímhoráltacht gnéis, d’fhanfadh sé glan air. Nuair a thosaíonn duine amach ar an mbóthar seo ní bhíonn sé ach ag smaoineamh ar a chuid mianta féin. Is minic gurb é an phornagrafaíocht an chéad chéim.

PORNAGRAFAÍOCHT—AN CHÉAD CHÉIM

9. Cé na contúirtí atá ag baint leis an bpornagrafaíocht?

9 Tá an phornagrafaíocht deartha sa gcaoi is go músclóidh sé ár mianta gnéis. Tá an phornagrafaíocht ar fáil i ngach áit sa lá atá inniu ann—in irisí, i leabhair, sa gceol, i seónna teilifíse, agus ar an idirlíon. Ceapann go leor daoine nach bhfuil aon dochar sa bpornagrafaíocht, ach tá sí an-chontúirteach. Amanta éiríonn daoine a bhíonn ag breathnú ar phornagrafaíocht tugtha don ghnéas agus músclaítear mianta mínádúrtha iontu dá bharr. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh rudaí ar nós féintruailliú, fadhbanna sa bpósadh, agus fiú colscaradh a bheith mar thoradh ar an bpornagrafaíocht.—Rómhánaigh 1:24-27; Eifisigh 4:19; féach ar Aguisín 24.

Ní mór dúinn a bheith cúramach nuair atá muid ag úsáid an Idirlín

10. Cén chaoi ar féidir leis an bprionsabal atá le fáil ag Séamas 1:14, 15 cabhrú linn mímhoráltacht a sheachaint?

10 Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh muid an chaoi a meallann mímhoráltacht gnéis muid. Féach ar an bhfoláireamh a thugann Séamas 1:14, 15: “Cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é; agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige.” Mar sin, nuair a thagann smaointe neamhghlana isteach i d’intinn, diúltaigh dóibh láithreach. Má thagann tú trasna de thimpiste ar phictiúir phornagrafacha, iompaigh do shúile uathu! Múch an ríomhaire, nó athraigh an stáisiún teilifíse. Ná lig do mhianta mímhorálta greim a fháil ort. Má ligean, éireoidh na mianta mímhorálta níos cumhachtaí agus beidh sé an-deacair agat iad a smachtú.—Léigh Matha 5:29, 30.

11. Cén chaoi ar féidir le hIehova cabhrú linn nuair a bhíonn smaointe mímhorálta againn?

11 Tá aithne níos fearr ag Iehova orainn ná mar atá againn orainn féin. Mar sin, tá a fhios aige go bhfuil muid neamhfhoirfe. Ach tá a fhios aige freisin go bhfuil muid in ann an ceann is fearr a fháil ar mhianta mímhorálta. Ordaíonn Iehova dúinn: “Básaígí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh.” (Colosaigh 3:5) Cé nach bhfuil sé éasca againn é seo a dhéanamh, tá Iehova foighneach agus cabhróidh sé linn. (Salm 68:20 [68:19 i mBíoblaí eile]) Fuair an phornagrafaíocht agus féintruailliú greim ar bhráthair óg amháin. Cheap a chairde scoile gur ghnáthchleachtais iad seo i measc daoine óga, ach dúirt sé: “Rinne sé damáiste do mo choinsias, agus is gearr go raibh mé féin ag cleachtadh na mímhoráltachta.” Thuig sé gur ghá dó a mhianta a smachtú, agus le cabhair ó Iehova, bhí sé in ann na drochnósanna seo a bhriseadh. Má bhíonn smaointe mímhorálta agat, iarr ar Iehova “an chumhacht as cuimse” a thabhairt duit chun do smaointe a choinneáil glan.—2 Corantaigh 4:7; 1 Corantaigh 9:27.

12. Cén fáth nach mór dúinn ár gcroí a chosaint?

12 Scríobh Solamh: “Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí, óir is ann atá foinsí na beatha.” (Seanfhocail 4:23) Ciallaíonn ‘croí’ sa gcás seo an cineál duine atá ionainn inár gcroí istigh. Is féidir leis na rudaí a mbíonn muid ag breathnú orthu tionchar mór a bheith acu orainn. Dúirt Iób: “Rinne mé margadh le mo shúile, nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.” (Iób 31:1) Ar nós Iób, ní mór dúinn smacht a bheith againn ar ár smaointe agus ar na rudaí a mbreathnaíonn muid orthu. Agus ar nós scríbhneoir Salm 119:37, guíonn muid: “Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas.”

ROGHA DHÍCHÉILLÍ DHÍNEÁ

13. Cén cineál cairde a roghnaigh Díneá?

13 Is féidir lenár gcairde tionchar maith nó drochthionchar a bheith acu orainn. Má roghnaíonn tú cairde a leanann caighdeáin Dé, cabhróidh siad leat an rud ceart a dhéanamh. (Seanfhocail 13:20; léigh 1 Corantaigh 15:33.) Feiceann muid ón méid a tharla do Dhíneá an tábhacht a bhaineann leis na roghanna a dhéanann muid ó thaobh cairde de. B’iníon le hIacób í Díneá, mar sin tógadh í i dteaghlach a bhí ag adhradh Iehova. Ní duine mímhorálta a bhí i nDíneá, ach d’éirigh sí an-chairdiúil le cailíní Canánacha nach raibh aon aithne acu ar Iehova. Ní hé an dearcadh céanna a bhí ag na Canánaigh ar ghnéas agus a bhí ag pobal Dé. Bhí na Canánaigh an-mhímhorálta. (Léivític 18:6-25) Le linn do Dhíneá a bheith lena cairde, casadh fear óg Canánach uirthi darbh ainm Seicim, agus bhí sé an-tógtha le Díneá. Bhí Seicim ar “an té ba mhó onóir i dteaghlach a athar.” Ach ní raibh grá aige d’Iehova.—Geineasas 34:18, 19.

14. Céard a tharla do Dhíneá?

14 Rinne Seicim an rud a bhí nádúrtha agus ceart ina shúile féin. Ós rud é go raibh sé an-tógtha le Díneá, d’fhuadaigh sé í agus d’éignigh sé í. (Léigh Geineasas 34:1-4.) Tharraing an choir seo tragóid ar Dhíneá agus ar a teaghlach.—Geineasas 34:7, 25-31; Galataigh 6:7, 8.

15, 16. Cén chaoi ar féidir linn a bheith eagnaí?

15 Ní gá dúinn na botúin chéanna a rinne Díneá a dhéanamh chun foghlaim go dtéann caighdeáin mhorálta Iehova chun tairbhe dúinn. “An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.” (Seanfhocail 13:20) Bíodh sé de sprioc agat tuiscint a fháil ar ‘bhealach na fíréantachta’ agus beidh tú in ann pian agus fulaingt go leor a sheachaint.—Seanfhocail 2:6-9; Salm 1:1-3.

16 Beidh muid eagnaí má dhéanann muid staidéar ar an mBíobla, má ghuíonn muid chun Dé sula ndéanann muid cinntí, agus má leanann muid dea-chomhairle an tseirbhísigh iontaofa ciallmhar. (Matha 24:45; Séamas 1:5) Ar ndóigh, tá a fhios agat go bhfuil muid go léir lag agus neamhfhoirfe. (Irimia 17:9) Ach, cén chaoi a mothófá dá ndéarfadh duine éigin leat go raibh tú i gcontúirt rud mímhorálta a dhéanamh. An mbeadh tú maslaithe, nó an nglacfá leis an gcomhairle go fonnmhar?—2 Ríthe 22:18, 19.

17. Tabhair sampla den chaoi a bhféadfadh Críostaí eile comhairle a chur orainn.

17 Mar shampla, samhlaigh an cás seo. Tá fear ag obair san áit chéanna le bean atá ina Finné ag Iehova agus tosaíonn sé ag éirí an-chairdiúil léi agus iarrann sé uirthi dul amach leis. Ní duine d’Fhinnéithe Iehova é an fear seo, ach is cosúil go bhfuil sé an-deas agus cineálta. Feiceann duine eile d’Fhinnéithe Iehova le chéile iad agus déanann sí iarracht comhairle a chur uirthi. Cén chaoi a dtiocfaidh an chomhairle sin i bhfeidhm uirthi? An leanfaidh sí uirthi mar atá, nó an nglacfaidh sí leis an gcomhairle? B’fhéidir go bhfuil grá ag an mbean seo d’Iehova agus go bhfuil sí ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Ach má choinníonn sí uirthi ag dul amach leis an bhfear seo, an ‘ag seachaint na drúise’ a bheidh sí, nó ag cur muinín ina tuiscint féin?—Seanfhocail 22:3; 28:26; Matha 6:13; 26:41.

DEA-SHAMPLA IÓSAEF

18, 19. Cén chaoi ar éirí le hIósaef teitheadh ón mhímhoráltacht?

18 Ba sclábhaí é Iósaef nuair a bhí sé ina fhear óg san Éigipt. Lá i ndiaidh lae bhíodh bean a mháistir ag iarraidh air gnéas a bheith aige léi, ach bhí a fhios ag Iósaef nach mbeadh sé sin ceart. Bhí grá ag Iósaef d’Iehova agus bhí sé ag iarraidh a thoil a dhéanamh. Mar sin, gach uair a ndearna an bhean iarracht Iósaef a mhealladh, dhiúltaigh sé í. Ós rud é gur sclábhaí a bhí ann, ní fhéadfadh sé a mháistir a fhágáil. Lá amháin tar éis di iarracht eile a dhéanamh é a mhealladh, ‘theith sé uaithi as an teach amach.’—Léigh Geineasas 39:7-12.

19 Dá mba rud é go ligfeadh Iósaef do smaointe mímhorálta an ceann is fearr a fháil air, ní hé an deireadh céanna a bheadh ar an scéal. Ach bhí a chaidreamh le hIehova níos tábhachtaí d’Iósaef ná aon ní eile. Dúirt sé leis an mbean: “Níor dhiúltaigh [mo mháistir] aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d’fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”—Geineasas 39:8, 9

20. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go raibh Iehova sásta le hIósaef?

20 Cé go raibh Iósaef i bhfad ó bhaile, bhí sé dílis do Dhia i gcónaí agus bheannaigh Iehova é. (Geineasas 41:39-49) Bhí Iehova an-sásta go raibh Iósaef dílis dó. (Seanfhocail 27:11) Tá sé deacair diúltú don mhímhoráltacht. Ach cuimhnigh ar na focail seo: “Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t-olc; déanann sé anamacha a naomh a chosaint, á bhfuascailt ó láimh na n-éagráifeach.”—Salm 97:10.

21. Cén chaoi a ndearna bráthair óg amháin aithris ar Iósaef?

21 Léiríonn pobal Iehova go misniúil gach lá go bhfuil ‘fuath acu don olc’ agus go bhfuil ‘grá acu don mhaith.’ (Amós 5:15) Is cuma cén aois thú, is féidir leat a bheith dílis d’Iehova. Cuireadh teist ar bhráthair óg amháin ar scoil. Dúirt cailín leis go mbeadh gnéas aici leis dá gcabhródh sé léi sa scrúdú matamaitice. Céard a rinne an bráthair seo? Rinne sé cleas Iósaef. Dúirt sé: “Dhiúltaigh mé di láithreach. De bhrí gur fhan mé dílis d’Iehova, choinnigh mé mo dhínit agus m’fhéinmheas.” Is minic gur pian agus briseadh croí a bhíonn mar thoradh ar an mímhoráltacht. (Eabhraigh 11:25) Bíonn sonas buan i gcónaí mar thoradh ar umhlaíocht d’Iehova.—Seanfhocail 10:22.

TABHAIR CEAD D’IEHOVA CABHRÚ LEAT

22, 23. Cén chaoi ar féidir le hIehova cabhrú linn fiú má tá peacaí tromchúiseacha déanta againn?

22 Déanfaidh Sátan iarracht mímhoráltacht gnéis a úsáid chun greim a fháil orainn, agus is dúshlán mór é seo. Is dócha go mbíonn smaointe neamhghlana ag gach duine againn ó am go ham. (Rómhánaigh 7:21-25) Tuigeann Iehova é seo, mar “is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.” (Salm 103:14) Mar sin, céard a tharlóidh má dhéanann Críostaí rud atá mímhorálta? An bhfuil aon ábhar dóchais ann? Tá. Má dhéanann sé aithrí, cabhróidh Iehova leis. Tá Dia “fial faoi mhaithiúnas.”—Íseáia 55:7; Séamas 5:16; léigh Seanfhocail 28:13.

23 Cuireann Iehova seanóirí grámhara ar fáil chun aire a thabhairt dúinn. (Eifisigh 4:8, 12; Séamas 5:14, 15) Cabhraíonn siad linn ár gcaidreamh le Dia a chur ina cheart.—Seanfhocail 15:32.

BÍODH CIALL AGAT

24, 25. Céard a chabhródh linn an mhímhoráltacht a sheachaint?

24 Chun cinntí maithe a dhéanamh, ní mór dúinn tuiscint a fháil ar an gcaoi a dtéann dlíthe Iehova chun tairbhe dúinn. Níl muid ag iarraidh a bheith ar nós an fhir óig a bhfuil cur síos déanta air i Seanfhocail 7:6-23. Ní raibh aon chiall aige agus dá bhrí sin fuair an mhímhoráltacht gnéis greim air. Tá níos mó i gceist le bheith ciallmhar ná éirim chinn a bheith againn. Nuair a bhíonn ciall againn, déanann muid iarracht toil Dé a thuiscint agus é a chur i bhfeidhm inár saol féin. Cuimhnigh ar na focail eagnaí seo: “An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin; an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.”—Seanfhocail 19:8.

25 An gcreideann tú gur ag Dia atá na caighdeáin chearta? An gcreideann tú go mbeidh tú sásta má leanann tú iad? (Salm 19:8-11 [19:7-10 i mBíoblaí eile]; Íseáia 48:17, 18) Mura bhfuil tú cinnte fós, cuimhnigh ar na rudaí maithe atá déanta ag Iehova duit. Deir an Bíobla linn: “Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.” (Salm 34:9 [34:8 i mBíoblaí eile]) Dá mhéad a dhéanann tú é sin, is ea is mó a mhéadóidh do ghrá do Dhia. Bíodh grá agat don rud a bhfuil grá ag Dia dó agus fuath don rud a bhfuil fuath aige dó. Líon d’intinn le smaointe maithe—rudaí atá fíor, cóir, naofa, measúil, agus suáilceach. (Filipigh 4:8, 9) Is féidir linn a bheith ar nós Iósaef, a chuir eagna Iehova i bhfeidhm ina shaol.—Íseáia 64:8.

26. Céard a phléifidh muid sa gcéad dhá chaibidil eile?

26 Is cuma singil nó pósta thú, tá Iehova ag iarraidh go mbainfidh tú taitneamh as do shaol agus go mbeidh tú sona sásta. Sa gcéad dhá chaibidil eile pléifear bealaí a chabhróidh linn pósadh sona a bheith againn.