Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 11

Tar Éis na Bainise

Tar Éis na Bainise

“Ní rachaidh an grá i léig go deo.”—1 CORANTAIGH 13:8.

1, 2. An gciallaíonn deacrachtaí go bhfuil teipthe ar ár bpósadh? Mínigh.

 IS BRONNTANAS ó Dhia é an pósadh. Bronntanas atá in ann cur le sonas an duine. Mar sin féin, ní bhíonn aon phósadh gan fadhbanna. Amanta, samhlaíonn lánúin nach mbeidh deireadh go deo leis na fadhbanna agus go bhfuil a gcaidreamh ag dul i léig.

2 Níor cheart go mbeadh iontas orainn má bhíonn deacrachtaí inár bpósadh ó am go ham. Ach ní chiallaíonn deacrachtaí go bhfuil teipthe ar ár bpósadh. Tháinig lánúineacha a raibh fadhbanna tromchúiseacha acu ar bhealaí chun na fadhbanna sin a réiteach agus a bpósadh a neartú. Cén chaoi?

AG TEANNADH ISTEACH LE DIA AGUS LE CHÉILE

3, 4. Cé na fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith i bpósadh?

3 Tugann an pósadh le chéile beirt a bhfuil tuairimí agus smaointe difriúla acu, agus a mbealaí féin le rudaí a dhéanamh. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé gur ó chúlraí nó ó chultúir éagsúla iad. Tógann sé am agus obair aithne mhaith a chur ar a chéile.

4 Le himeacht ama, is féidir le fear agus bean phósta a bheith chomh gafa sin lena gcúraimí pearsanta féin is nach dtugann siad aon aird ar a chéile. D’fhéadfadh an chuma a bheith air go bhfuil siad ag dul ina mbealach féin. Céard is féidir leo a dhéanamh chun a gcaidreamh a neartú?

Braitheann pósadh maith ar chomhairle an Bhíobla

5. (a) Céard a chabhródh le Críostaí teannadh isteach lena chéile pósta? (b) De réir Eabhraigh 13:4, cén dearcadh ar cheart dúinn a bheith againn ar an bpósadh?

5 Cuireann Iehova comhairle den scoth ar fáil do lánúineacha pósta. (Salm 25:4; Íseáia 48:17, 18) Deir sé linn: “Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh.” (Eabhraigh 13:4) Bíonn luach agat ar an rud a bhfuil meas agat air. Cosnaíonn tú é agus ní dhéanann tú neamhshuim de. Is mian le hIehova go mbeadh an dearcadh céanna againn ar an bpósadh.

NEARTÓIDH DO GHRÁ D’IEHOVA DO PHÓSADH

6. De réir Matha 19:4-6, cén dearcadh atá ag Iehova ar an bpósadh?

6 Is é Iehova a bhunaigh an chéad phósadh. Dúirt a Mhac, Íosa: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun a bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’ Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.” (Matha 19:4-6) Bhí sé i gceist ag Iehova ón tús go mbeadh an pósadh buan, agus go gcaithfeadh an lánúin agus a gclann saol sona sásta le chéile.

7. Cén chaoi ar féidir le lánúin a bpósadh a neartú?

7 Mar sin féin, tá níos mó struis agus brú ar lánúineacha pósta inniu ná mar a bhí riamh. Amanta, bíonn an brú chomh mór sin is go gceapann siad nach féidir leo a bpósadh a shábháil, agus tugann siad suas a gcás. Is buntáiste dúinn an dearcadh céanna a bheith againn ar an bpósadh is atá ag Iehova.—1 Eoin 5:3.

8, 9. (a) Cén uair ar cheart dúinn treoir Iehova maidir le pósadh a leanúint? (b) Cén chaoi a léiríonn muid go bhfuil ard-luach againn ar ár bpósadh?

8 Téann comhairle Iehova chun tairbhe dúinn i gcónaí. Mar atá luaite thuas, comhairlíonn sé: “Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh.” (Eabhraigh 13:4; Cóheilit 5:3 [5:4 i mBíoblaí eile]) Is cinnte go dtiocfaidh sé chun ár leasa má leanann muid treoir Iehova, fiú nuair nach mbíonn sé éasca.—1 Teasalónaigh 1:3; Eabhraigh 6:10.

9 Ós rud é go bhfuil ard-luach againn ar ár bpósadh, níl muid ag iarraidh a bheith ag rá rudaí ná ag déanamh rudaí a dhéanfadh dochar dó. Ina ionad sin, ní mór dúinn ár gcaidreamh lenár gcéile pósta a neartú. Cén chaoi ar féidir linn é sin a dhéanamh?

LÉIRIGH ONÓIR DO DO PHÓSADH SA MÉID A DEIR TÚ AGUS A DHÉANANN TÚ

10, 11. (a) Cén fhadhb thromchúiseach atá i roinnt póstaí? (b) Cén fáth a bhfuil an bealach a labhraíonn muid lenár gcéile pósta tábhachtach?

10 Tá bealaí éagsúla ina bhféadfadh duine cur as dá chéile pósta. Tá a fhios againn nár cheart do Chríostaithe a gcéile pósta a bhualadh riamh ná dochar a dhéanamh dóibh. Mar sin féin, b’fhéidir go ngortódh muid ár gcéile pósta lenár bhfocail. Is féidir le focail a bheith ina n-uirlisí troda. Dúirt bean amháin: “Ionsaíonn m’fhear céile mé lena chuid focail. Cé nach féidir an dochar a dhéanann sé a fheiceáil, fágann na rudaí a deir sé liom lorg ar mo chroí—rudaí ar nós, ‘Níl ionat ach ualach!’ agus ‘Ní fiú dada thú.’” Dúirt fear amháin go mbíonn a bhean chéile de shíor á cháineadh agus á mhaslú. Dúirt sé: “Ní féidir liom athrá a dhéanamh ar na rudaí drochmhúinte a deir sí liom. Sin é an fáth nach féidir liom labhairt léi agus a bhfanaim chomh deireanach ag an obair. Bíonn sé i bhfad níos sábháilte ná a theacht abhaile.” Tá caint mhaslach chruálach an-choitianta inniu agus gortaíonn sí daoine.

11 Nuair a labhraíonn lánúin phósta go cruálach lena chéile déantar dochar dá gcuid mothúcháin, agus tógann sé tamall fada orthu cneasú. Is léir nach shin é a bhí i gceist ag Iehova. Ach is féidir leat do chéile a ghortú i ngan fhios duit féin. B’fhéidir go gceapann tusa go gcaitheann tú go cineálta le do chéile, ach céard a cheapann do chéile? Dá ngortódh rud éigin a dúirt tú do chéile pósta, an mbeifeá sásta athrú?—Galataigh 5:15; léigh Eifisigh 4:31.

12. Céard a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcaidreamh atá ag duine pósta le hIehova?

12 Tá an bealach a labhraíonn tú le do chéile pósta, tábhachtach d’Iehova, bíodh sibh i gcomhluadar daoine eile nó libh féin. (Léigh 1 Peadar 3:7.) Deir Séamas 1:26: “An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.”

13. Cén bealach eile a bhféadfadh duine a chéile pósta a ghortú?

13 Tá rudaí eile ann nach mór do lánúin phósta a bheith airdeallach orthu. Mar shampla, cén chaoi a mothódh do chéile dá dtosófá ag caitheamh go leor ama in éineacht le duine éigin eile? B’fhéidir nach bhfuil sibh ach ag craobhscaoileadh le chéile, nó ag réiteach fadhb éigin, ach an ngoilleann sé seo ar do chéile pósta? Dúirt bean amháin: “Goilleann sé go mór orm go dtugann m’fhear céile an oiread sin ama agus airde do bhean eile sa bpobal Críostaí. Mothaím nach fiú dada mé.”

14. (a) Cén fhírinne bhunúsach atá le foghlaim againn ó Geineasas 2:24? (b) Cén cheist ar cheart dúinn a chur orainn féin?

14 Tá cúraimí orainn mar Chríostaithe i leith ár dtuismitheoirí agus ár mbráithre sa bpobal. Mar sin féin, nuair a phósann muid, caitheann muid tús áite a thabhairt do chúram ár gcéile pósta. Deir Geineasas 2:24: “Cloíonn [an fear] lena bhean.” Ba cheart gur mhór againn an chaoi a mothaíonn ár gcéile pósta. Fiafraigh díot féin: ‘An bhfuil mé ag tabhairt an aire agus an grá is dual do mo chéile pósta?’

15. Céard nár mhór do Chríostaithe atá pósta a bheith airdeallach faoi?

15 Má éiríonn muid róchairdiúil le duine seachas ár gcéile pósta, cuirfidh sé strus ar ár bpósadh. D’fhéadfadh muid a bheith ag cothú mothúcháin rómánsacha don duine sin. (Matha 5:28) Dá n-éireodh na mothúcháin sin níos láidre d’fhéadfaidís cur ort rud éigin a dhéanamh a léireodh drochmheas ar do phósadh.

“NÁ TRUAILLÍTEAR [AN PÓSADH]”

16. Cén t-ordú a thugann an Bíobla faoin bpósadh?

16 Tar éis a rá: “Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh,” deir an Bíobla: “Agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.” (Eabhraigh 13:4) Tá an scrioptúr seo ag tagairt don chaidreamh collaí idir lánúin phósta. (Seanfhocail 5:18) Cén chaoi ar féidir linn meas a léiriú ar an gcaidreamh seo agus gan é a thruailliú?

17. (a) Cén dearcadh atá ag go leor daoine inniu ar adhaltranas? (b) Cén dearcadh a cheart a bheith ag Críostaithe ar adhaltranas?

17 Tá daoine ann a cheapann nach bhfuil aon rud mícheart le bheith mídhílis dá gcéile pósta. Ba cheart dúinn an dearcadh sin a sheachaint. Tá sé an-soiléir go bhfuil an ghráin ag Iehova ar mhímhoráltacht gnéis agus adhaltranas. (Léigh Rómhánaigh 12:9; Eabhraigh 10:31; 12:29) Bheadh muid ag truailliú ár bpósadh dá mba rud é go mbeadh caidreamh collaí againn le duine éigin eile seachas ár gcéile pósta. Bheadh muid ag léiriú nach raibh aon mheas againn ar chaighdeáin Iehova, agus dhéanfadh muid dochar don chaidreamh atá againn leis. Mar sin, ní mór dúinn fiú smaointe míchuí faoi dhuine eile a sheachaint, mar is minic gurb é sin an chéad chéim i dtreo an adhaltranais.—Iób 31:1.

18. (a) Cén fáth a raibh adhaltranas ar aon dul le hadhradh déithe bréige? (b) Cén dearcadh atá ag Iehova ar an adhaltranas?

18 De réir Dhlí Mhaois ba pheaca an-tromchúiseach a bhí san adhaltranas. Bhí sé chomh dona céanna le bheith ag adhradh déithe bréige. Is é pionós an bháis a ghearrtaí ar an té a ciontaíodh i gceachtar den dá pheaca sin. (Léivític 20:2, 10) Cén chosúlacht a bhí idir adhaltranas agus adhradh déithe bréige? Dá ndéanfadh Iosraeilíteach déithe bréige a adhradh bheadh an gealltanas a thug sé a bheith dílis d’Iehova briste aige. Dá ndéanfadh sé adhaltranas bheadh an gealltanas a thug sé a bheith dílis dá chéile pósta briste aige. (Eaxodus 19:5, 6; Deotranaimí 5:9; léigh Malaicí 2:14.) Tá sé soiléir gur peaca an-tromchúiseach a bhí san adhaltranas i súile Iehova san am a caitheadh.

19. Céard a chabhródh linn a bheith diongbháilte adhaltranas a sheachaint?

19 Cé nach bhfuil muid faoi Dhlí Mhaois inniu, níor athraigh an dearcadh atá ag Iehova ar adhaltranas. Ar an gcaoi chéanna nár cheart dúinn déithe bréige a adhradh, níor cheart dúinn a bheith mídhílis dár gcéile pósta. (Salm 51:3 [51:1 i mBíoblaí eile], 6 [51:4 i mBíoblaí eile]; Colosaigh 3:5) Mar dá mbeadh, bheadh muid ag léiriú dímheasa ar ár bpósadh agus ar Iehova.—Féach ar Aguisín 26.

AN BEALACH LE DO PHÓSADH A NEARTÚ

20. Cén chaoi ar féidir le heagna a dhul chun tairbhe don phósadh?

20 Cén chaoi ar féidir leat do phósadh a neartú? Deir briathar Dé: “Le heagna a thógtar teach agus le tuiscint a bhunaítear é.” (Seanfhocail 24:3) Is féidir le teach a bheith fuar agus folamh, nó te teolaí, compordach, agus ina thearmann. Tá an pósadh mar an gcéanna. Cinnteoidh duine ciallmhar go bhfuil a phósadh nó a pósadh buan daingean, taitneamhach, agus sonasach.

21. Cén chaoi ar féidir le heolas pósadh a neartú?

21 Agus é fós ag cur síos ar an teach sin, deir an Bíobla: “Le barr eolais a líontar stórais, le maoin de gach sórt idir luachmhar agus tharraingteach.” (Seanfhocail 24:4) Is féidir leis an méid a fhoghlaimíonn tú ó Bhriathar Dé feabhas a chur ar do phósadh. (Rómhánaigh 12:2; Filipigh 1:9) Nuair a bhíonn an bheirt agaibh le chéile ag léamh an Bhíobla agus ár bhfoilseacháin, déanaigí plé ar an gcaoi ar féidir libh an méid atá sibh a fhoghlaim a chur i bhfeidhm. Bígí san airdeall ar bhealaí ar féidir libh grá agus meas a léiriú dá chéile, agus a bheith cineálta agus tuisceanach. Iarr ar Iehova cabhrú leat tréithe a fhorbairt a neartóidh do phósadh agus a dhéanfaidh níos tarraingtí do do chéile pósta thú.—Seanfhocail 15:16, 17; 1 Peadar 1:7.

Faighigí treoir ó Iehova le linn bhur seisiún adhartha mar chlann

22. Cén fáth ar cheart dúinn grá, meas, agus onóir a thaispeáint dár gcéile pósta?

22 Ba cheart dúinn gach ar féidir linn a dhéanamh chun grá, meas, agus onóir a thaispeáint dár gcéile pósta. Ansin beidh ár bpósadh níos grámhaire agus níos láidre. Agus níos tábhachtaí fós, beidh Iehova sásta linn.—Salm 147:11; Rómhánaigh 12:10.