Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 10

Modhnú

Modhnú

Seanfhocail 8:4, 7

ACHOIMRE: Cuir smaointe in iúl go soiléir agus spreag mothúchán trí airde, tuinairde agus trí luas do ghutha a athrú.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Bíodh éagsúlacht in airde do ghutha. Ardaigh do ghlór chun aird a tharraingt ar na príomhphointí agus chun d’éisteoirí a spreagadh. Déan an rud céanna nuair a bhíonn breithiúnas scrioptúrtha á léamh agat. Ísligh do ghlór chun bís a spreagadh nó nuair atá eagla nó imní á chur in iúl agat.

  • Bíodh éagsúlacht i dtuinairde do ghutha. Más cuí i do theanga, ardaigh tuinairde do ghutha chun díograis a léiriú nó chun méid nó fad a léiriú. Ísligh tuinairde do ghutha chun brón nó imní a chur in iúl.

  • Bíodh éagsúlacht i luas do chuid cainte. Labhair níos tapúla chun sceitimíní a chur in iúl. Labhair níos moille agus pointí tábhachtacha á lua agat.