Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 11

Bí Díograiseach

Bí Díograiseach

Rómhánaigh 12:11

ACHOIMRE: Spreag agus gríosaigh do chuid éisteoirí trí labhairt go díograiseach.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Cuir do chroí isteach ann. Agus tú ag ullmhú do chur i láthair, smaoinigh go domhain ar thábhacht do theachtaireachta. Bíodh eolas maith agat ar d’ábhar agus beidh tú in ann labhairt ón gcroí.

  • Smaoinigh ar do chuid éisteoirí. Déan machnamh ar an gcaoi a rachaidh an t-eolas a léifidh tú nó a mhúinfidh tú chun tairbhe do dhaoine eile. Smaoinigh ar bhealaí chun an t-eolas sin a chur i láthair ionas go gcothóidh sé níos mó measa i do chuid éisteoirí.

  • Cuir beocht i do chur i láthair. Labhair go díograiseach. Úsáid gothaí nádúrtha agus gothaí gnúise ó chroí chun do chuid mothúcháin a léiriú.