Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 14

Príomhphointí Léirithe go Soiléir

Príomhphointí Léirithe go Soiléir

Eabhraigh 8:1

ACHOIMRE: Cabhraigh le do lucht féachana do chaint a leanúint, agus léirigh go soiléir an bhaint atá ag gach príomhphointe le do chuspóir agus le do théama.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Bíodh cuspóir agat. Smaoinigh an bhfuil sé i gceist agat do lucht féachana a chur ar an eolas, rud éigin a chur ina luí orthu, nó iad a spreagadh, ansin réitigh do chaint dá réir. Déan cinnte go gcabhraíonn na príomhphointí go léir leat do chuspóir a bhaint amach.

  • Cuir béim ar théama do chainte. Déan tagairt den téama i rith do chuid cainte trí athrá a dhéanamh ar phríomhfhocail an téama nó trí fhocail chomhchiallacha a úsáid.

  • Bíodh do phríomhphointí soiléir agus simplí. Ná roghnaigh ach na príomhphointí a bhaineann le do théama ionas go mbeidh tú in ann múineadh go héifeachtach san am atá leagtha amach. Cuir teorainn le líon na bpríomhphointí, luaigh go soiléir gach príomhphointe, bíodh sos eatarthu, agus téigh ó phointe go pointe go stuama gan stró.