STAIDÉAR 18
Ag Teagasc le Léargas
1 Corantaigh 9:19-23
ACHOIMRE: Spreag d’éisteoirí ionas go mbraitheann siad gur fhoghlaim siad rud éigin fiúntach.
AN BEALACH LENA DHÉANAMH:
-
Smaoinigh ar an méid atá ar eolas ag do chuid éisteoirí cheana féin. Seachas an méid a chuala siad cheana a athrá, cabhraigh leo léargas nua a fháil ar an ábhar.
-
Déan taighde agus machnamh. Nuair is féidir, úsáid fíricí nach bhfuil chomh coitianta nó imeachtaí reatha chun príomh-smaointe a léiriú. Smaoinigh go domhain ar d’ábhar agus an ceangal idir an t-ábhar agus na fíricí atá tú ar tí a phlé.
-
Léirigh an tairbhe atá i do theachtaireachta. Mínigh an bealach ar féidir leis na Scrioptúir cabhrú le d’éisteoirí ina saol laethúil. Pléigh cásanna, tuairimí agus gníomhartha ar leith a bhaineann le d’éisteoirí.