Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 4

Scrioptúir Curtha i Láthair go hÉifeachtach

Scrioptúir Curtha i Láthair go hÉifeachtach

Matha 22:41-45

ACHOIMRE: Ullmhaigh aigne d’éisteoirí sula léann tú scrioptúr.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Oibrigh amach an chúis a bhfuil sé ar intinn agat an scrioptúr a léamh. Cuir gach scrioptúr i láthair ar bhealach a chabhróidh le d’éisteoirí an pointe ar mhaith leat béim a chur air a aimsiú.

  • Luaigh an Bíobla mar údarás. Nuair a bhíonn tú ag labhairt le daoine a chreideann i nDia, cuir ar a súile dóibh gurb í an Bíobla Briathar Dé, agus an fhoinse eagna is fearr dá bhfuil ann.

  • Spreag spéis sa scrioptúr. Fiafraigh ceist a fhreagróidh an scrioptúr, luaigh fadhb a réiteoidh an scrioptúr, nó luaigh prionsabal atá léirithe sa scrioptúr.