Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 6

Brí na Scrioptúr a Thabhairt Leat

Brí na Scrioptúr a Thabhairt Leat

Eoin 10:33-36

ACHOIMRE: Ná téigh ar aghaidh go dtí an chéad phointe eile díreach tar éis an scrioptúr a léamh. Bí cinnte go dtuigeann do chuid éisteoirí go maith an ceangal atá idir an scrioptúr a léann tú agus an pointe atá á dhéanamh agat.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Pioc amach príomhfhocail. Tar éis scrioptúr a léamh, dírigh ar na focail a bhaineann go díreach le do phríomhphointe. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí na focail sin a athrá nó trí cheist a chur ar d’éisteoirí na príomhfhocail a phiocadh amach.

  • Cuir béim ar an bpríomhphointe. Má luaigh tú an chúis a raibh an scrioptúr sin á leamh agat, mínigh an chúis a dtagann príomhfhocail an scrioptúir leis an gcúis a luaigh tú.

  • Coinnigh simplí é. Ná déan trácht ar shonraí nach gcuireann leis an bpríomhphointe. Bunaithe ar an méid atá ar eolas ag do chuid éisteoirí cheana féin faoin ábhar, socraigh ar líon na bhfíricí atá riachtanach chun an pointe a dhéanamh soiléir agus éasca le tuiscint.