Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 7

Cruinn agus Sochreidte

Cruinn agus Sochreidte

Lúcás 1:3

ACHOIMRE: Úsáid fianaise ar féidir brath uirthi chun go dtiocfaidh do chuid éisteoirí ar an tuairim chuí.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Aimsigh agus úsáid foinsí iontaofa. Bíodh gach a bhfuil á rá agat bunaithe ar an mBíobla agus léigh amach as nuair is féidir. Má dhéanann tú tagairt d’fhíric eolaíoch, tuairisc nuachta, taithí saoil, nó fianaise thacaíochta éigin eile, seiceáil roimh ré go bhfuil d’fhoinse iontaofa agus suas chun dáta.

  • Úsáid foinsí mar is ceart. Bíodh na scrioptúir atá á n-úsáid agat ar aon dul lena gcomhthéacs, le teachtaireacht an Bhíobla ina iomláine, agus le foilseacháin ‘an tseirbhísigh iontaofa ciallmhar.’ (Math. 24:45) Bíodh foinsí tuata ag teacht leis an gcomhthéacs agus an bunsmaoineamh a bhí ag an scríbhneoir.

  • Déan plé ar an bhfianaise. Tar éis scrioptúr a léamh nó foinse a lua, fiafraigh ceisteanna stuama nó léirigh an pointe ionas go mbeidh do chuid éisteoirí in ann an cás a mheas dóibh féin.