STAIDÉAR 8
Samplaí a Mhúineann Ceachtanna
Matha 13:34, 35
ACHOIMRE: Cuir le do theagasc trí shamplaí simplí a thaitníonn le d’éisteoirí agus a mhúineann pointí tábhachtacha a úsáid.
AN BEALACH LENA DHÉANAMH:
-
Roghnaigh samplaí simplí. Cosúil le hÍosa, bain úsáid as rudaí beaga chun rudaí móra a mhíniú, agus rudaí éasca chun rudaí deacra a mhíniú. Ná déan do shampla casta le sonraí gan ghá. Déan cinnte go mbaineann gnéithe do shampla go dlúth leis an gceacht atá tú a mhúineadh, ionas nach dtarraingíonn gnéithe fánacha aird na n-éisteoirí.
-
Smaoinigh ar do chuid éisteoirí. Roghnaigh samplaí a bhaineann le gníomhaíochtaí agus suimeanna d’éisteoirí. Bí cúramach nach gcuirfidh do chuid samplaí náire orthu agus nach gcuirfidh siad isteach orthu.
-
Múin an príomhphointe. Cuir béim ar na príomhphointí, ní ar na mionsonraí. Déan cinnte go gcuimhneoidh d’éisteoir ar an bpointe teagaisc seachas an sampla a d’úsáid tú.