STAIDÉAR 9
Úsáid Cuí—Áiseanna Amhairc
Geineasas 15:5
ACHOIMRE: Úsáid áiseanna amhairc chun pointí teagaisc thábhachtacha a dhéanamh níos soiléire.
AN BEALACH LENA DHÉANAMH:
-
Roghnaigh áiseanna amhairc a chuireann le do theagasc. Bain úsáid as pictiúir, léaráidí, léarscáileanna, amlínte, nó áiseanna amhairc eile chun aird a tharraingt ar phointí tábhachtacha seachas ar mhionshonraí. Cabhraigh le do chuid éisteoirí cuimhneamh ní hamháin ar an áis amhairc ach ar an bpointe teagaisc.
-
Bí cinnte gur féidir le do chuid éisteoirí an áis amhairc a fheiceáil.