Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Litir ón mBord Stiúrtha

Litir ón mBord Stiúrtha

Ba “chóir daoibh bheith in bhur múinteoirí.” (Eabh. 5:12) Samhlaigh! Iarrann Iehova—an teagascóir is fearr sa gcruinne—orainne múineadh do dhaoine eile faoi féin! Is pribhléid luachmhar í an fhírinne faoi Iehova a theagasc—sa teaghlach, sa bpobal Críostaí, nó san obair chraobhscaoilte agus tá freagracht mhór ag baint leis. Cén chaoi ar féidir linn a bheith rathúil?

Tá freagra na ceiste sin le fáil sa méid a scríobh an t-aspal Pól chuig Tiomóid: “Tabhair aire don léitheoireacht phoiblí, don tseanmóireacht agus don teagasc.” Dúirt Pól freisin: “Má dhéanann tú amhlaidh, sábhálfaidh tú thú féin agus do lucht éisteachta.” (1 Tiom. 4:13, 16) Tá teachtaireacht agat a d’fhéadfadh saol daoine a shábháil. Mar sin tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar do chuid léitheoireachta agus do mhodh teagaisc. Tá an bróisiúr seo dearadh chun cabhrú leat é sin a dhéanamh. Tabhair faoi deara roinnt bealaí a ndéantar amhlaidh.

Is prionsabal ón mBíobla atá bainteach leis an bpointe staidéir nó is sampla den phointe staidéir atá á chur i bhfeidhm, atá sa scrioptúr atá luaite ar gach leathanach

Is é Iehova an máistir, “an Té a theagascann thú.” (Íse. 30:20) Cé go gcabhróidh an bróisiúr seo leat do chuid scileanna léitheoireachta agus teagaisc a fheabhsú, ná déan dearmad riamh gurb é Iehova Foinse ár dteachtaireachta agus go dtarraingíonn sé daoine. (Eoin 6:44) Dá bhrí sin, guí chuige go minic ag iarraidh a spiorad naomh air. Úsáid Focal Dé go mion minic. Tarraing aird ar Iehova, seachas ort féin. Déan do dhícheall grá buan daingean d’Iehova a spreagadh i gcroí do chuid éisteoirí.

Tugadh cuireadh duit an teachtaireacht is tábhachtaí riamh a mhúineadh do dhaoine. Tá muid muiníneach go n-éireoidh leat agus tú ag brath ar “an neart a bhronnann Dia” ort.—1 Pead. 4:11.

Do chomhtheagascóirí,

Bord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova