CEACHT 03
An Féidir Leat an Bíobla a Thrust?
Tá go leor gealltanais agus comhairle le fáil sa mBíobla. Is dóigh go bhfuil tú fiosrach faoi theagasca an Bhíobla, ach ar cheart duit do mhuinín a chur i leabhar atá chomh sean sin? An féidir leat gealltanais an Bhíobla faoi thaitneamh a bhaint as an saol anois agus sa todhchaí a chreidiúint? Creideann na milliúin duine i ngealltanais an Bhíobla. Céard fútsa? Gheobhaidh muid amach.
1. An bhfuil an Bíobla fíor nó ar finscéalta atá ann?
Deir an Bíobla go ndearnadh “an fhírinne a chur síos le barr cruinnis.” (Cóheilit 12:10) Déantar cur síos ann ar eachtraí a tharla do dhaoine cosúil linne. (Léigh Lúcás 1:3; 3:1, 2.) Dar le staraithe agus seandálaithe tá an Bíobla cruinn ó thaobh imeachtaí tábhachtacha, dátaí, daoine, agus áiteanna.
2. Cén fáth ar féidir a rá nach bhfuil an Bíobla as dáta?
Tá sé cruthaithe sa mBíobla nach bhfuil. Cé go raibh cuid mhaith dá raibh ráite ann faoi chúrsaí eolaíochta ina ábhar conspóide nuair a scríobhadh é, de réir lucht na heolaíochta inniu bhí an Bíobla cruinn i gcónaí. Seasfaidh an Bíobla “go buan agus go brách.”—Salm 111:8.
3. Cén fáth ar féidir an méid atá ráite sa mBíobla faoin todhchaí a thrust?
Tá go leor tairngreachtaí a sa mBíobla faoi “rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill.” (Íseáia 46:10) Bhí cur síos cruinn déanta ann ar go leor imeachtaí stairiúla i bhfad sular tharla siad. Is gearr le bheith ag léamh an pháipéir nuachta é an bealach a gcuirtear síos ar shaol an lae inniu sa mBíobla. Scrúdóidh muid cuid de na tairngreachtaí sin sa gceacht seo. Cuirfidh a gcruinneas iontas ort!
DÉAN TAIGHDE
Scrúdaigh an bealach a n-aontaíonn eolaithe an lae inniu leis an mBíobla agus scrúdaigh cúpla ceann de thairngreachtaí an Bhíobla.
4. Tá an eolaíocht agus an Bíobla ar aon fhocal
San am a caitheamh chreid formhór na ndaoine go raibh an talamh leagtha ar rud éigin. Seinn an FÍSEÁN.
Tabhair faoi deara an méid a deir Iób 3,500 bliain ó shin. Léigh Iób 26:7, agus déan plé ar an gceist seo:
-
Cén fáth a raibh an méid a dúirt Iób faoin domhan a bheith ag crochadh “ar neamhní” ina ábhair iontais?
Níor tuigeadh ceart timthriall an uisce go dtí an 18ú haois. Ach tabhair faoi deara an méid a luaigh an Bíobla na mílte bliain roimhe sin. Léigh Iób 36:27, 28, agus déan plé ar na ceisteanna seo:
-
Cén fáth gur údar iontais é an cur síos simplí seo ar thimthriall an uisce?
-
An neartaíonn na scrioptúir sin do mhuinín sa mBíobla?
5. Thuar an Bíobla imeachtaí stairiúla
Léigh Íseáia 44:27–45:2, agus déan plé ar an gceist seo:
-
Céard a thuar an Bíobla 200 bliain sular cloíodh an Bhablóin?
b Chuir siad an abhainn a bhí ag cosaint na cathrach ar mhalairt treo. Chuaigh siad isteach trí gheataí na cathrach a bhí fágtha oscailte agus thóg siad an chathair gan chath a throid. Níl anois ach fothrach san áit a mbíodh an Bhablóin breis agus 2,500 bliain ó shin. Tabhair faoi deara an méid a bhí tuartha sa mBíobla.
Deimhníonn an stair gur chloígh Rí Cíoras na Peirse agus a arm cathair na Bablóine i 539 R.C.R.Léigh Íseáia 13:19, 20, agus déan plé ar an gceist seo:
-
Cén chaoi a ndeimhníonn an méid a tharla don Bhablóin gur comhlíonadh an tairngreacht sin?
6. Thuar an Bíobla rudaí atá ag tarlú inniu
Tagraíonn an Bíobla don am a bhfuil muid ag maireachtáil ann mar “na laethanta deireanacha.” (2 Tiomóid 3:1) Féach ar na rudaí a thuar an Bíobla don tréimhse ama seo.
Léigh Matha 24:6, 7, agus déan plé ar an gceist seo:
-
Céard iad cuid de na rudaí a bhí tuartha sa mBíobla faoi na laethanta deireanacha?
Léigh 2 Tiomóid 3:1-5, agus déan plé ar na ceisteanna seo:
-
De réir an Bhíobla cé na tréithe a bheadh ag daoine le linn na laethanta deireanacha?
-
Cé acu ceann de na tréithe sin a chonaic tusa?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Is miotais agus finscéalta atá sa mBíobla.”
-
Céard í an fhianaise is láidre a thugann le fios duit gur féidir an Bíobla a thrust?
ACHOIMRE
Cuireann an stair, an eolaíocht, agus na tairngreachtaí in iúl gur féidir leat an Bíobla a thrust.
Súil Siar
-
An bhfuil an Bíobla fíor nó ar finscéalta atá ann?
-
Céard iad roinnt de na rudaí a bhfuil an Bíobla agus an eolaíocht ar aon fhocal fúthu?
-
An gceapann tú go bhfuil an Bíobla in ann an méid atá le tarlú amach anseo a thuar? Mínigh.
FIOSRAIGH
An bhfuil botúin eolaíochta sa mBíobla?
“An Bhfuil An Eolaíocht Ar Aon Fhocal Leis an mBíobla?” (Alt ar líne)
Céard iad na fíricí a bhaineann leis “na laethanta deireanacha”?
“6 Bible Prophecies You Are Seeing Fulfilled” (The Watchtower, 1 Bealtaine, 2011)
Faigh amach faoin mbealach ar comhlíonadh na tairngreachtaí a bhain le hImpireacht na Gréige.
Faigh amach faoin gcaoi ar athraigh na tairngreachtaí an dearcadh a bhí ag fear amháin ar an mBíobla.