Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Cuid 1 Súil Siar

Cuid 1 Súil Siar

Pléigh na ceisteanna seo a leanas le do mhúinteoir:

  1. Céard a thaitníonn leatsa faoi na rudaí atá geallta sa mBíobla don todhchaí?

    (Féach Ceacht 02.)

  2. Cén fáth a gcreideann tú go bhfuil Briathar Dé ar fáil sa mBíobla?

    (Féach Ceacht 03 agus 05.)

  3. Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach ainm Iehova a úsáid?

    (Féach Ceacht 04.)

  4. Deir an Bíobla gurb é Dia “foinse na beatha.” (Salm 36:10 [36:9 i mBíoblaí eile]) An gcreideann tú é sin?

    (Féach Ceacht 06.)

  5. Léigh Seanfhocail 3:​32.

    • Cén fáth gurb é Iehova an cara is fearr is féidir a bheith againn?

    • Céard atá Iehova ag súil leis óna chairde? An gceapann tú go bhfuil sé sin réasúnta?

      (Féach Ceacht 07 agus 08.)

  6. Léigh Salm 62:9. (62:8 i mBíoblaí eile)

    • Céard iad roinnt de na rudaí ar ghuigh tú chuig Iehova fúthu? Céard eile a d’fhéadfá a bheith ag guí faoi?

    • Cén chaoi a bhfreagraíonn Iehova ­paidreacha?

      (Féach Ceacht 09.)

  7. Léigh Eabhraigh 10:​24, 25.

    • Cén chaoi ar féidir le cruinnithe Fhinnéithe Iehova dul chun tairbhe duitse?

    • An gceapann tú gur fiú an tairbhe an ­trioblóid?

      (Féach Ceacht 10.)

  8. Cén fáth go bhfuil sé go maith an Bíobla a léamh go rialta? Céard é do Sceideal ­Léitheoireacht Bíobla laethúil?

    (Féach Ceacht 11.)

  9. Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do staidéar ar an mBíobla go dtí seo?

  10. An raibh dúshláin agat ó thosaigh tú ag staidéar an Bhíobla? Céard atá in ann cabhrú leat le leanúint ort ag staidéar?

    (Féach Ceacht 12.)