Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 13

Teagasc Dé as Riocht ag Reiligiún Bréagach

Teagasc Dé as Riocht ag Reiligiún Bréagach

Más é Dia an grá, cén fáth a bhfuil an oiread drochrudaí déanta ag reiligiúin ina ainm? Mar is reiligiúin bhréagacha iad seo agus tá Briathar Dé curtha as a riocht acu. Cén chaoi a mothaíonn Dia faoi sin, agus céard a dhéanfaidh sé faoi?

1. Cén chaoi a gcuireann teagasc reiligiún bréagach an fhírinne faoi Dhia as a riocht?

“Mhalartaigh siad [reiligiún bréagach] fírinne Dé ar an mbréag.” (Rómhánaigh 1:25) Mar shampla, níor mhúin formhór na reiligiúin ainm Dé dá lucht leanúna. Deir an Bíobla nach mór ainm Dé a úsáid. (Rómhánaigh 10:13, 14) Deir roinnt de na ceannairí reiligiúnacha gurb é toil Dé é nuair a tharlaíonn drochrudaí. Ach is bréag é sin. Ní hé Dia foinse an oilc. (Léigh Séamas 1:13.) Faraor, tá bréaga tar éis daoine a scaradh ó Dhia.

2. Cén chaoi a gcuireann gníomhartha reiligiún bréagach an fhírinne faoi Dhia as a riocht?

Ní chaitheann reiligiún bréagach le daoine mar a chaitheann Iehova leo. Deir an Bíobla faoi reiligiún bréagach gur “shroich a cionta na flaithis.” (Apacailipsis 18:5) Leis na céadta bliain bhí baint ag reiligiúin le polaitíocht agus cogaí. B’iad ba chúis le agus a cheadaigh bás líon mór daoine. Bíonn saol an mhadra bháin ag cuid de na ceannairí reiligiúnacha ach is iad a lucht leanúna a bhíonn ag íoc as. Léiríonn siad nach bhfuil aithne acu ar Dhia, gan trácht ar iad a bheith ag déanamh ionadaíochta ar a shon.—Léigh 1 Eoin 4:8.

3. Cén chaoi a mothaíonn Dia faoi reiligiún bréagach?

Má chuireann na rudaí a dhéanann reiligiún bréagach fearg ortsa, cén chaoi a mothaíonn Iehova faoi? Is breá leis daoine, ach tá fearg air le ceannairí reiligiúnacha a chuireann an fhírinne faoi Dhia as a riocht agus a chaitheann go dona le daoine. Geallann sé go scriosfar reiligiún bréagach agus nach mbeidh “fáil uirthi feasta.” (Apacailipsis 18:21) Cuirfidh Dia deireadh le reiligiún bréagach go luath.—Apacailipsis 18:8.

DÉAN TAIGHDE

Faigh amach tuilleadh faoin gcaoi a mothaíonn Dia faoi reiligiún bréagach. Foghlaim níos mó faoina bhfuil déanta ag reiligiún bréagach, agus faoin gcúis nár chóir go gcuirfeadh sé seo bac ort aithne a chur ar Iehova.

4. Níl Dia sásta le gach reiligiún

Creideann go leor daoine go bhfuil reiligiúin cosúil le bóithre éagsúla a threoraíonn chun Dé muid. Ach an bhfuil sé sin fíor? Léigh Matha 7:13, 14, agus pléigh an cheist seo:

  • Cén cur síos a dhéanann an Bíobla ar an mbóthar a sheolann chun na beatha?

Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • An ndeir an Bíobla go bhfuil Dia sásta le gach reiligiún?

5. Ní léiríonn reiligiún bréagach grá Dé

Tá reiligiúin ag cur na fírinne faoi Dhia as a riocht. Déanann siad é seo trí pháirt a ghlacadh i gcogadh. Chun sampla amháin a fheiceáil, seinn an FÍSEÁN. Ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

  • Cén seasamh a ghlac go leor eaglaisí le linn an Dara Cogadh Domhanda?

  • Cén chaoi a mothaíonn tú faoin seasamh a ghlac siad?

Léigh Eoin 13:34, 35 agus 17:16. Ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova nuair a bhíonn reiligiúin bainteach le cogadh?

  • Tá reiligiún bréagach freagrach as go leor drochrudaí. Céard iad bealaí a dteipeann ar reiligiúin grá Dé a léiriú?

Ní léiríonn reiligiún bréagach grá Dé

6. Tá Dia ag iarraidh daoine a shaoradh ó reiligiún bréagach

Léigh Apacailipsis 18:4, a ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén chaoi a mothaíonn tú tar éis duit a fháil amach go bhfuil Dia ag iarraidh na daoine a bhí curtha amú ag reiligiún bréagach a shábháil?

7. Lean ort ag foghlaim faoin bhFíor-Dhia

Ar chóir go mbeadh tionchar ag reiligiún bréagach ar do dhearcadhsa ar Dhia? Tóg, mar shampla, fear óg a dhiúltaíonn do chomhairle a athar. Fágann sé an baile agus tarraingíonn sé trioblóid ar féin. Ní aontaíonn an t-athair leis na drochrudaí atá á dhéanamh ag a mhac. An mbeadh sé féaráilte an milleán a chuir ar an athair faoin méid atá á dhéanamh ag a mhac?

  • An mbeadh sé féaráilte an milleán a chuir ar Iehova agus stopadh ag foghlaim faoi mar gheall ar reiligiún bréagach?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl suim agam i nDia mar is é an reiligiún bun agus barr a lán fadhbanna.”

  • An mothaíonn tusa mar sin?

  • Cén fáth nár cheart go gcuirfeadh reiligiún bréagach isteach ar an dearcadh atá againn ar Iehova?

ACHOIMRE

Tá reiligiún bréagach ag cur briathar Dé as a riocht lena chuid teagaisc bhréagacha agus a chleachtais uafásacha. Scriosfaidh Dia reiligiún bréagach.

Súil Siar

  • Cén chaoi a mothaíonn tusa faoi na rudaí a mhúin agus a rinne reiligiún bréagach?

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova faoi reiligiún bréagach?

  • Céard a dhéanfaidh Dia le reiligiún bréagach?

Sprioc

FIOSRAIGH

Faigh amach faoi dhá bhealach a ndéanann formhór na reiligiún rudaí a ghoilleann ar Dhia.

“An Bhfuil Gach Reiligiún Mar a Chéile? An dTreoraíonn Siad Uile Chun Dé Muid?” (Alt ar líne)

Cén fáth a bhfuil Iehova ag iarraidh orainn é a adhradh in éineacht le daoine eile?

“An Gá Duit a Bheith i do Bhall de Reiligiún Eagraithe?” (Alt ar líne)

Bhí sagart buartha faoina chreideamh. Ach níor chuir sé seo bac air an fhírinne faoi Dhia a fhoghlaim.

“Why a Priest Left His Church” (Awake!, Feabhra 2015)

Leis na céadta bliain, tá ceannairí reiligiúnacha ag insint bréaga faoi Dhia. Faigh amach an fhírinne faoi thrí cinn de na bréaga sin.

“Lies That Make God Seem Unlovable” (The Watchtower, 1 Samhain, 2013)

a Le fáil amach faoin gcúis go dtagraíonn leabhar Apacailipsis do reiligiún bréagach mar An Bhablóin Mhór, féach Aguisín 1.