Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 22

Cén Chaoi ar Féidir Leat An Dea-Scéal a Scaipeadh?

Cén Chaoi ar Féidir Leat An Dea-Scéal a Scaipeadh?

Nuair a thosaíonn tú ag foghlaim fírinní an Bhíobla, bíonn tú ag ceapadh gur cheart go mbeadh a fhios ag gach duine fúthu. Mar sin féin, b’fhéidir go n-aireofá neirbhíseach á roinnt le daoine eile. Pléifidh muid an bealach ar féidir leat na néaróga sin a shárú agus tús a chur le scaipeadh an dea-scéil.

1. Cén chaoi ar féidir leat a bhfuil foghlamtha agat a roinnt le daoine eile?

Dúirt deisceabail Íosa: “Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.” (Gníomhartha 4:20) Bhí meas acu ar a raibh foghlamtha acu agus bhí siad ag iarraidh é a insint do gach duine. Má mhothaíonn tusa ar an gcaoi chéanna, tapaigh do dheis lena bhfuil foghlamtha agat a roinnt le do theaghlach agus do chairde.—Léigh Colosaigh 4:6.

Roinnt bealaí le tosaigh

  • Tarraing anuas an Bíobla agus thú ag caint le ball teaghlaigh trí rud éigin mar: “D’fhoghlaim mé rud suimiúil an tseachtain seo” a rá.

  • Taispeáin scrioptúr spreagúil do chara atá tinn nó imníoch.

  • Inis do do chomhoibrithe a léiríonn suim i do shaol faoi na rudaí a d’fhoghlaim tú le linn do Staidéar Bíobla nó ag cruinniú pobail.

  • Taispeáin an suíomh gréasáin jw.org do do chairde.

  • Tabhair cuireadh do dhaoine eile chuig do staidéar, nó taispeáin dóibh le hiarratas a dhéanamh ar staidéar ar jw.org.

2. Cén fáth gur sprioc fiúntach é craobhscaoileadh leis an bpobal Críostaí?

Roinn deisceabail Íosa an dea-scéal le daoine nach raibh aithne ar bith acu orthu. Chuir Íosa “amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair” chun an dea-scéal a scaipeadh. (Lúcás 10:1) Thug sé sin deis dóibh labhairt le níos mó daoine agus chuir sé ríméad orthu oibriú le chéile. (Lúcás 10:17) An bhféadfadh sé a bheith mar sprioc agat an obair chraobhscaoilte a dhéanamh leis an bpobal?

DÉAN TAIGHDE

Smaoinigh ar an gcaoi ar féidir leat néaróga a shárú agus sásamh a bhaint as a bheith ag scaipeadh an dea-scéil.

3. Beidh Iehova leat

D’fhéadfadh roinnt daoine a bheith neirbhíseach faoi fháilte an tsealbhóra tí agus a n-ábaltacht féin an dea-scéal a chur i láthair.

  • An bhfuil tú neirbhíseach faoin méid atá foghlamtha agat a roinnt? Cén fáth, nó cén fáth nach bhfuil?

Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Cén chaoi ar sháraigh na Finnéithe óga na néaróga?

Léigh Íseáia 41:10, ansin pléigh an cheist seo:

  • Nuair a airíonn tú neirbhíseach faoin gcraobhscaoileadh, cén fáth ar chóir duit guí?

An raibh a fhios agat?

Shíl go leor d’Fhinnéithe Iehova tráth nach mbeadh a ndóthain misnigh acu chun an dea-scéal a roinnt. Dúirt Sergey: “ní raibh misneach ar bith agam.” Ansin thosaigh sé ag staidéar an Bhíobla. Deir sé: “thosaigh mé ag caint le daoine eile faoina raibh á fhoghlaim agam. Chuir sé sin go mór le m’fhéinmhuinín agus neartaíodh mo chreideamh dá bharr.”

4. Bí measúil

Nuair atá tú ag roinnt an dea-scéil, ní hamháin go gcaithfidh tú cuimhniú ar an méid atá le rá agat ach caithfidh tú cuimhniú freisin ar an mbealach a ndéarfaidh tú é. Léigh 2 Tiomóid 2:24 agus 1 Peadar 3:15, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi a bhféadfá na véarsaí seo a chur i bhfeidhm agus tú ag craobhscaoileadh?

  • D’fhéadfadh sé nach n-aontódh gaolta nó do chairde leat. Céard a d’fhéadfá a dhéanamh? Céard nár cheart duit a dhéanamh?

  • Cén fáth a mbeadh sé níos fearr ceisteanna tuisceanacha a úsáid seachas a bheith ag cur brú ar dhaoine?

5. Cuireann sé áthas orainn an dea-scéal a roinnt

Dúirt Iehova le hÍosa an dea-scéal a roinnt. Cén dearcadh a bhí ag Íosa ar an obair sin? Léigh Eoin 4:34, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cothaíonn bia maith muid agus cuireann sé gliondar orainn. Cén fáth a ndearna Íosa comparáid idir déanamh toil Dé—scaipeadh an dea-scéil san áireamh—agus bia a ithe?

  • Cé na beannachtaí a d’fhéadfá a bheith agat má roinneann tú an dea-scéal?

Leideanna

  • Ag cruinniú lár na seachtaine, lorg bealaí inar féidir leat comhrá a thosú.

  • Cláraigh le freastal ar Scoil an Chraobhscaoilte Dhialathaigh. Cuirfear oiliúint ort le haghaidh an obair chraobhscaoilte a dhéanamh.

  • Úsáid na hailt “Deir Daoine Áirithe” nó “D’fhéadfadh Duine Éigin Ceist a Chur” atá sa gcúrsa seo chun cleachtadh a dhéanamh ar na bealaí ar féidir leat ceisteanna nó agóidí coitianta a fhreagairt.

D’FHÉADFADH DUINE ÉIGIN CEIST A CHUR: “Aon scéal nuaí?”

  • Cén chaoi a bhféadfá an deis seo a úsáid chun a bhfuil á fhoghlaim agat ón mBíobla a roinnt?

ACHOIMRE

Cuirfidh scaipeadh an dea-scéil áthas ort, agus d’fhéadfadh sé a bheith níos éasca ná cheapfá.

Súil Siar

  • Cén fáth ar chóir an dea-scéal a roinnt le daoine eile?

  • Cén chaoi ar féidir leat é a dhéanamh ar bhealach measúil?

  • Cén chaoi ar féidir leat an lámh in uachtar a fháil ar na néaróga?

Sprioc

FIOSRAIGH

Plé ceithre bhealach chun an dea-scéal a roinnt ag baint úsáide as an gcárta teagmhála jw.org.

Sample JW.ORG Contact Card Presentation (1:43)

Foghlaim faoi cheithre thréith a chabhróidh leat an dea-scéal a roinnt.

“Are You Ready to Become a Fisher of Men?” (The Watchtower, Meán Fómhair 2020)

Is féidir le sampla ón mBíobla misneach a thabhairt dúinn an dea-scéal a roinnt, fiú má tá muid óg.

Jehovah Will Help You Be Bold (11:59)

Faigh amach faoin mbealach ar féidir leat labhairt faoin mBíobla le baill teaghlaigh.

“Reaching the Heart of Unbelieving Relatives” (The Watchtower, 15 Márta, 2014)