CEACHT 37
An Méid atá Ráite sa mBíobla Faoi Obair agus Airgead
An raibh tú riamh faoi bhrú ag obair nó ag airgead? Is féidir leis a bheith dúshlánach aire a thabhairt dár ngnóthaí féin agus an t-adhradh atá tuillte aige a thabhairt d’Iehova. Tá comhairle phraiticiúil ar fáil sa mBíobla chun cabhrú linn.
1. Céard a deir an Bíobla faoi obair?
Tá Dia ag iarraidh go mbainfidh muid sásamh as ár gcuid oibre. Deir an Bíobla: “Níl aon ní ann is fearr do dhuine ná . . . aoibhneas a bhaint as a shaothar.” (Cóheilit 2:24) Oibríonn Iehova go crua. Nuair a dhéanann muid aithris air trí oibriú go díograiseach, bíonn muid féin sásta agus bíonn Iehova sásta linn.
Tá obair tábhachtach. Ach níor cheart go mbeadh tús áite aige ar ár n-adhradh. (Eoin 6:27) Geallann Iehova má thugann muid tús áite dá adhradh go dtabharfaidh sé aire dúinn.
2. Céard é dearcadh an Bhíobla ar airgead?
Cé go gcuirtear síos sa mBíobla ar “cosaint an airgid,” tugtar foláireamh ann freisin nach féidir le hairgead muid a shásamh. (Cóheilit 7:12) Mar sin, deir sé gan grá a bheith againn don airgead ach a bheith “sásta lena bhfuil agaibh.” (Léigh Eabhraigh 13:5.) Nuair a bhíonn muid sásta leis an méid atá againn, bíonn muid saor ón bhfrustrachas a bhaineann le bheith ag bailiú maoine. Seachnóidh muid fiacha agus an chontúirt a bhaineann le cearrbhachas agus le scéimeanna chun airgead éasca a dhéanamh.—Seanfhocail 22:7
3. Cén chaoi ar féidir linn a bheith flaithiúil?
Tá Iehova flaithiúil agus déanann muid aithris air nuair a bhíonn muid “fial flaithiúil lena gcuid.” (1 Tiomóid 6:18) Is féidir linn a bheith flaithiúil lena gcuid airgid trí thacú leis an bpobal agus cabhrú le daoine atá i gcruachás, go háirithe ár mbráithre. Tá níos mó suime ag Iehova sa gcúis a dtugann muid rud ná mar atá aige sa méid a thugann muid. Nuair a thugann muid go fial flaithiúil ó chroí, beidh muid féin sásta agus beidh Iehova sásta freisin.—Léigh Gníomhartha 20:35.
DÉAN TAIGHDE
Féach ar na buntáistí a bhaineann le hobair a choinneáil ina háit féin agus a bheith sásta.
4. Léirigh onóir d’Iehova i do chuid oibre
Ba cheart go mbeadh tionchar ag ár gcairdeas le hIehova ar an dearcadh atá againn ar obair. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.
-
Sa bhfíseán, céard a chuaigh i bhfeidhm ort faoin dearcadh a bhí ag Jason ar a chuid oibre?
-
Céard a rinne sé chun an obair a choinneáil ina háit?
Léigh Colosaigh 3:23, 24, ansin plé an cheist seo:
-
Cén fáth a bhfuil tábhacht lenár ndearcadh ar obair?
Tá obair tábhachtach. Ach ba cheart dúinn tús áite a thabhairt dár n-adhradh d’Iehova
5. Ná cuir do shúil thar do chuid agus beidh tú sásta
Déanann go leor daoine iarracht an méid airgid agus is féidir leo a bhailiú ach cuireann an Bíobla a mhalairt de chomhairle orainn. Léigh 1 Tiomóid 6:6-8, ansin plé an cheist seo:
-
Cén chomhairle a chuireann an Bíobla orainn?
Fiú mura bhfuil mórán againn, is féidir linn a bheith sásta. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.
-
Cé nach bhfuil mórán airgid acu, cén fáth a bhfuil na teaghlaigh seo sásta?
Ach céard faoi má tá ndóthain againn agus muid fós ag iarraidh tuilleadh? Léirigh Íosa an chontúirt a bhaineann leis sin. Léigh Lúcás 12:15-21, ansin plé an cheist seo:
-
Céard atá foghlamtha agat ó pharabail Íosa? —Féach véarsa 15.
Léigh agus cuir i gcomparáid Seanfhocail 10:22 agus 1 Tiomóid 6:10. Ansin plé na ceisteanna seo:
-
Cé acu is tábhachtaí, cairdeas le hIehova nó neart airgid a bheith agat? Cén fáth?
-
Cé na fadhbanna a bhaineann le bheith ag sodar i ndiaidh airgid?
6. Déanfaidh Iehova cúram dár riachtanais
Is féidir le fadhbanna airgid agus oibre ár gcreideamh i Iehova a thástáil. Seinn an FÍSEÁN le fáil amach faoin gcaoi ar féidir linn déileáil le tástálacha creideamh, ansin plé na ceisteanna a leanann.
-
Céard iad na dúshláin a bhí ag ár ndeartháir sa bhfíseán?
-
Céard a rinne sé chun déileáil leis na dúshláin?
Léigh Matha 6:25-34, ansin plé an cheist seo:
-
Céard a dhéanfaidh Iehova dóibh siúd a thugann tús áite do?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Caithfidh mé oibriú go crua chun aire a thabhairt do mo theaghlach. Ní féidir liom dul chuig cruinnithe pobail gach seachtain.”
-
Cén scrioptúir a chuireann ina luí ortsa gur fearr go mór tús áite a thabhairt d’adhradh Iehova i gcónaí?
ACHOIMRE
Teastaíonn obair agus airgead uainn, ach níor cheart go gcuirfidís bac orainn freastal ar Iehova.
Súil Siar
-
Céard a chabhróidh leat an dearcadh ceart a bheith agat ar obair?
-
Cén chaoi a dtéann sé chun tairbhe duit a bheith sásta?
-
Cén chaoi ar féidir leat a léiriú go bhfuil muinín agat go mbreathnóidh Iehova amach do do theaghlach?
FIOSRAIGH
Faigh amach an ndeir an Bíobla gur é an t-airgead is cúis le gach olc.
Foghlaim faoin gcineál flaithiúlacht a thaitníonn le Dia.
“Céard atá Ráite sa mBíobla Faoina Bheith Flaithiúil?” (Alt ar líne)
An bhfuil aon dochar i gcearrbhachas?
Féach an chabhair a fuair duine a bhí gafa le cearrbhachas agus goid chun a shaol a athrú.
“I Was Passionate About Racehorses” (The Watchtower, 1 Samhain, 2011)