Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 46

Cén Fáth a dTiomnófá Thú Féin agus Fáil Baiste?

Cén Fáth a dTiomnófá Thú Féin agus Fáil Baiste?

Tiomnaíonn tú thú féin d’Iehova trí ghealltanas a thabhairt dó i bpaidir gur dósan amháin a thabharfaidh tú adhradh, agus go dtabharfaidh tú tús áite dá thoil i do shaol. (Salm 40:9 [40:8 i mBíoblaí eile]) Ina dhiaidh sin baistfear thú, ag léiriú do chách go bhfuil tú tiomnaithe d’Iehova. Is é an cinneadh muid féin a thiomnú d’Iehova an cinneadh is tábhachtaí a dhéanfaidh muid inár saol. Céard a d’fhéadfadh thú a spreagadh chun an cinneadh tábhachtach seo a dhéanamh?

1. Céard a spreagann duine chun é féin a thiomnú d’Iehova?

Spreagann ár ngrá d’Iehova muid le muid féin a thiomnú dó. (1 Eoin 4:​10, 19) Deir an Bíobla: “Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán, agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.” (Marcas 12:30) Léiríonn muid ár ngrá do Dhia i mbeart agus i mbriathar. Díreach mar a phósann lánúin atá i ngrá le chéile, spreagann ár ngrá d’Iehova muid le muid féin a thiomnú dó agus fáil baiste.

2. Cé na beannachtaí a thairgeann Iehova dá Fhinnéithe atá baiste?

Nuair a fhaigheann tú baiste, beidh tú ar dhuine de theaghlach sona Iehova. Ansin mothóidh tú a ghrá duit ar go leor bealaí, agus beidh tú ag teannadh níos gaire dó chuile lá. (Léigh Malaicí 3:​16-​18.) Chomh maith le hIehova a bheith mar Athair agat, beidh teaghlach spioradálta domhanda do dheartháireacha agus do dheirfiúracha agat atá mór le hIehova agus leatsa freisin. (Léigh Marcas 10:​29, 30.) Ar ndóigh, beidh ort rudaí áirithe a dhéanamh sula bhfaigheann tú baiste. Caithfidh tú foghlaim faoi Iehova, grá a thabhairt dó agus creidiúint ina Mhac. Ansin, caithfidh tú do shaol a thiomnú d’Iehova. Má ghlacann tú na céimeanna seo agus ansin fáil baiste, beidh tú ar an mbóthar chun maireachtáil go sona go deo. Deir Briathar Dé: “An baisteadh . . . déanann sé sibhse a shlánú.”1 Peadar 3:​21.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an chúis a bhfuil sé tábhachtach thú féin a thiomnú d’Iehova agus fáil baiste.

3. Ní mór dúinn go léir roghnú cé dó a dtabharfaidh muid seirbhís

In Iosrael fadó, bhí roinnt daoine den tuairim go bhféadfaidís Iehova agus an dia bréige Bál a adhradh. Ach sheol Iehova a fháidh Éilias chun an cleachtas seo a cheartú. Léigh 1 Ríthe 18:​21, ansin plé an cheist seo:

  • Cén rogha a bhí le déanamh ag na hIosraeilítigh?

Cosúil leis na hIosraeilítigh, caithfidh muid roghnú cé dó a dtabharfaidh muid seirbhís. Léigh Lúcás 16:​13, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén fáth nach féidir linn Iehova a adhradh agus duine nó rud éigin eile a adhradh chomh maith?

  • Cén chaoi a léiríonn muid d’Iehova go roghnaíonn muid é a adhradh?

4. Déan machnamh ar an ngrá atá ag Iehova duit

Tá go leor bronntanais luachmhara tugtha ag Iehova dúinn. Céard is féidir linn a thabhairt dósan? Seinn an FÍSEÁN.

Céard iad na bealaí éagsúla a léiríonn Iehova a ghrá dúinn? Léigh Salm 104:​14, 15 agus 1 Eoin 4:​9, 10, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cé na bronntanais ó Iehova a bhfuil tú buíoch astu?

  • Cén chaoi a mothaíonn tú faoi Iehova mar gheall ar na bronntanais seo?

Nuair a fhaigheann muid bronntanas a thaitníonn go mór linn, bíonn muid ag iarraidh ár mbuíochas a léiriú don duine a thug dúinn é. Léigh Deotranaimí 16:​17, ansin pléigh an cheist seo:

  • Nuair a smaoiníonn tú ar an méid atá déanta ag Iehova duit, céard a spreagann sé thú a dhéanamh dó?

5. Tagann beannachtaí thar cuimse as a bheith tiomnaithe

Creideann go leor daoine go ndéanfaidh clú agus cáil, slí bheatha mhaith nó go leor airgid sona sásta iad. An bhfuil sé sin fíor? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cé gur bhreá leis an lúthchleasaí sa bhfíseán a bheith ag imirt sacair, cén fáth ar fhág sé an ghairm seo?

  • Rinne sé an cinneadh é féin a thiomnú d’Iehova, ní do shacar. An gceapann tú go ndearna sé an cinneadh ceart? Cén fáth?

Sula raibh an tAspal Pól ina Chríostaí, bhí sé ag baint cáil amach dó féin ina ghairm. Rinne sé staidéar ar dhlí na nGiúdach le múinteoir cáiliúil. D’fhág sé é seo ar fad ina dhiaidh le bheith ina Chríostaí. An raibh aiféala ar Phól? Léigh Filipigh 3:​8, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén fáth a ndúirt Pól “nach raibh ach truflais,” nó seafóid sa méid a rinne sé sular ghlac sé leis an gcreideamh Críostaí?

  • Céard a fuair sé ina áit?

  • Cén comparáid atá idir a bheith ag freastal ar Iehova agus ar aon ní eile a d’fhéadfá a dhéanamh i do shaol?

Nuair a ghlac Pól leis an gCríostaíocht, bhí sé i bhfad níos fearr as

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní dhéanann sé aon chiall do shaol ar fad a chaithfidh i seirbhís Dé.”

  • Cén fáth a gceapann tú go ndéanann sé ciall thú féin a thiomnú d’Iehova?

ACHOIMRE

Spreagann grá muid le muid féin a thiomnú d’Iehova agus fáil baiste.

Súil Siar

  • Cén fáth a bhfuil ár ngrá agus ár n-adhradh tuillte ag Iehova?

  • Cén luach saothar a thugann Iehova dá fhinnéithe atá baiste?

  • Ar mhaith leat tú féin a thiomnú d’Iehova?

Sprioc

FIOSRAIGH

Féach ar an gcúis ar roghnaigh ceoltóir agus lúthchleasaí iad féin a thiomnú d’Iehova.

Young People Ask—What Will I Do With My Life?​—Looking Back (6:​54)

Déan machnamh ar chúiseanna breise a ndéanfá tiomnú.

“Why Dedicate Yourself to Jehovah?” (The Watchtower, 15 Eanáir, 2010)

Sa bhfíseán ceoil seo, tabhair faoi deara an t-áthas atá ar dhaoine a thiomnaíonn iad féin d’Iehova.

I Give My Life to You (4:​30)

Sa scéal “For Years I Wondered, ‘Why Are We Here?’” féach ar an méid a spreag bean le hanailís a dhéanamh ar na rudaí ba thábhachtaí di.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Samhain, 2012)