Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 47

An Bhfuil Tú Réidh le Fáil Baiste?

An Bhfuil Tú Réidh le Fáil Baiste?

Tá go leor foghlamtha agat faoi Iehova le linn do staidéar ar an mBíobla. Is dócha go bhfuil roinnt athruithe curtha i bhfeidhm agat mar gheall ar gach atá foghlamtha agat. Ach fós, b’fhéidir go bhfuil rud éigin ag cur bac ort thú féin a thiomnú d’Iehova agus fáil baiste. Sa gceacht seo pléifear roinnt de na dúshláin sin agus an bealach le dul i ngleic leo.

1. Cé mhéad eolais a chaithfidh a bheith agat sula mbaistfear thú?

Chun a fháil baiste, caithfidh tú eolas a bheith agat “ar an bhfírinne.” (1 Tiomóid 2:4) Ní chiallaíonn sé seo go gcaithfidh tú a bheith in ann chuile cheist a chuirfear ort faoin mBíobla a fhreagairt. Bíonn Críostaithe atá baiste le fada an lá ag foghlaim leo i gcónaí. (Colosaigh 1:​9, 10) Ach caithfidh tuiscint bhunúsach a bheith agat ar fhírinní an Bhíobla. Cabhróidh seanóirí an phobail leat chun fáil amach an bhfuil do dhóthain eolais agat.

2. Céard a chaithfidh tú a dhéanamh sula mbaistfear thú?

Sula mbaistfear thú beidh ort ‘aithrí a dhéanamh agus iompú chun Dé.’ (Léigh Gníomhartha 3:​19.) Ciallaíonn sé seo go bhfuil aiféala ort faoi do chuid peacaí agus iarrann tú ar Iehova maithiúnas a thabhairt duit. Diúltaíonn tú drochiompar agus tá tú diongbháilte maireachtáil de réir caighdeáin Iehova. Chomh maith leis sin, tosaíonn tú ag glacadh páirte in imeachtaí an phobail, ag freastal ar chruinnithe, agus ag déanamh an obair chraobhscaoilte mar fhoilsitheoir neamhbhaiste.

3. Cén fáth nár chóir d’fhaitíos thú a choinneáil siar?

Bíonn faitíos ar roinnt daoine nach mbeidh siad in ann gach a ngeallann siad d’Iehova a chomhlíonadh. Cinnte, déanfaidh tú botúin anois agus arís, fiú mar a rinne na fir agus na mná dílse atá luaite sa mBíobla. Ach níl Iehova ag súil go mbeadh a shearbhóntaí foirfe. (Léigh Salm 103:​13, 14.) Bíonn sé sásta nuair a dhéanann tú do dhícheall! Cabhróidh Iehova leat agus geallann Sé nach mbeidh aon ní in ann “sinn a scaradh ó ghrá Dé.”—Léigh Rómhánaigh 8:​38, 39.

DÉAN TAIGHDE

Féach ar an gcaoi ar féidir leat dul i ngleic le dúshláin a chuireann bac ort fáil baiste, trí aithne níos fearr a chur ar Iehova agus glacadh lena chabhair.

4. Cuir aithne níos fearr ar Iehova

An gá aithne mhaith a bheith agat ar Iehova sula mbaistfear thú? Caithfidh tú aithne mhaith a chur air chun grá a thabhairt dó agus a bheith ag iarraidh é a shásamh. Seinn an FÍSEÁN chun fáil amach faoin gcaoi ar éirigh le mic léinn Bíobla é seo a dhéanamh. Ansin plé an cheist a leanann.

  • Sa bhfíseán, céard a chabhraigh le roinnt daoine ullmhú i gcomhair an bhaiste?

Léigh Rómhánaigh 12:​2, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • An bhfuil aon amhras ort faoi gach a múineann an Bíobla nó gach a múineann Finnéithe Iehova?

  • Má tá, céard is féidir leat a dhéanamh faoi?

5. Ag sárú dúshláin a chuireann bac ort fáil baiste

Nuair a dhéanann muid cinneadh muid féin a thiomnú d’Iehova agus fáil baiste, bíonn dúshláin le sárú againn. Chun sampla dó seo a fheiceáil, seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Sa bhfíseán, céard iad na dúshláin a sháraigh Narangerel chun freastal ar Iehova?

  • Cén chaoi ar chabhraigh a grá d’Iehova léi chun na dúshláin seo a shárú?

Léigh Seanfhocail 29:25 agus 2 Tiomóid 1:​7, ansin plé an cheist seo:

  • Céard a thugann misneach dúinn le dúshláin a shárú?

6. Cuir do mhuinín i gcabhair Iehova

Cabhróidh Iehova leat chun é a shásamh. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Sa bhfíseán, céard a bhí ag cur bac ar mhac léinn Bíobla fáil baiste?

  • Céard a chabhraigh leis cur lena mhuinín in Iehova?

Léigh Íseáia 41:​10, 13, ansin plé an cheist:

  • Cén fáth ar féidir leat muinín a bheith agat go gcomhlíonfaidh tú an geallúint a thug tú d’Iehova nuair a thiomnaigh tú thú féin dó?

7. Cuir le do mheas ar ghrá Iehova

Dá mhéad a smaoiníonn tú ar an ngrá atá ag Iehova duit, is ea is mó buíochais a bheidh agat air agus beidh tú ag iarraidh freastal air go deo. Léigh Salm 40:​6, (40:5 i mBíoblaí eile) ansin plé an cheist seo:

  • Céard iad na beannachtaí ó Iehova a bhfuil meas ar leith agat orthu?

Ghráigh Irimia Iehova agus a bhriathar, agus ba mhór aige an phribhléid a bheidh luaite le hainm Iehova. Deir sé: “Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d’ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.” (Irimia 15:16) Freagair na ceisteanna seo:

  • Cén fáth gur pribhléid speisialta é a bheith mar dhuine d’Fhinnéithe Iehova?

  • An bhfuil tú ag iarraidh fáil baiste mar dhuine d’Fhinnéithe Iehova?

  • An bhfuil aon rud ag cur bac ort é seo a dhéanamh?

  • Céard a cheapann tú atá le déanamh agat chun fáil baiste?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní dóigh liom go bhféadfainn cloí le freagracht an bhaiste.”

  • An é sin an chaoi a mothaíonn tusa?

ACHOIMRE

Le cabhair Iehova, is féidir leat na dúshláin a chuireann bac ort fáil baiste a shárú.

Súil Siar

  • Cé mhéad eolais ar an mBíobla a theastaíonn uait chun fáil baiste?

  • Cé na hathruithe a d’fhéadfadh a bheith le déanamh agat sula mbaistfear thú?

  • Cén fáth nár chóir duit ligean don fhaitíos tú a choinneáil siar?

Sprioc

FIOSRAIGH

Déan machnamh ar an gcúis a chóir a bheith le do chinneadh fáil baiste.

“Are You Ready to Get Baptized?” (The Watchtower, Márta 2020)

Foghlaim faoin gcaoi le dul i ngleic le dúshláin áirithe a d’fhéadfadh bac a chur ort.

“What Prevents Me From Getting Baptized?” (The Watchtower, Márta 2019)

Féach ar an gcaoi ar éirigh le fear amháin na dúshláin a bhí aige a shárú agus fáil baiste.

‘Why Are You Delaying Baptism?’ (1:​10)

Ar dtús, bhí drogall ar fhear darbh ainm Ataa fáil baiste. Féach céard a chabhraigh leis an chéim thábhachtach seo a thógáil.

Do I Really Deserve This? (7:​21)