Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 53

Roghnaigh Siamsaíocht Atá Sásúil d’Iehova

Roghnaigh Siamsaíocht Atá Sásúil d’Iehova

Is é Iehova an “Dia sona.” (1 Tiomóid 1:11 NWT) Ba mhaith leis muid a mbeidh sona agus go mbainfdh muid sult as an saol. Bíonn sé sásta nuair a chuireann muid am ar leataobh chun spraoi a bheith againn. Sa gceacht seo, breathnóidh muid ar an gcaoi le sult a bhaint as caitheamh aimsire atá taitneamhach​—agus sásúil d’Iehova.

1. Céard ar choir dúinn a chur san áireamh agus muid ag roghnú siamsaíochta?

Cén bealach is fearr leat chun do scíth a ligean? Is maith le roinnt daoine am a chaitheamh go ciúin sa mbaile​—ag léamh, ag éisteacht le ceol, ag féachaint ar scannán, nó ag brabhsáil ar an Idirlíon. Is maith le daoine eile am a chaitheamh lena gcairde​—ag dreapadóireacht, ag snámh, nó ag imirt cluichí. Pé caitheamh aimsire a roghnaíonn muid, caithfidh muid déanamh cinnte gur “áil leis an Tiarna” é. (Eifisigh 5:10) Tá sé tábhachtach go dtuigeann muid é seo mar go bhfuil formhór na siamsaíochta atá ar fáil sa lá atá inniu ann lán le rudaí ar fuath le hIehova, rudaí ar nós foréigin, mímhoráltacht gnéis, nó spioradachas. (Léigh Salm 11:5.) Céard a chabhróidh linn cinntí ciallmhara a dhéanamh maidir le caitheamh aimsire?

Má roghnaíonn muid cairde a ghránn Iehova, is féidir leo dea-thionchar a bheith acu orainn agus ar an gcineál siamsaíochta a roghnaíonn muid. Mar a d’fhoghlaim muid sa gceacht roimhe seo, “an té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí.” Ar an lámh eile de, má choinníonn muid comhluadar le daoine nach ngránn Iehova nó a chaighdeáin, ‘beidh muid thíos leis.’—Seanfhocail 13:20.

2. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach srian a choinneáil ar an méid ama a chaitheann muid le siamsaíocht?

Fiú mura bhfuil tada mícheart leis an gcineál siamsaíochta a roghnaíonn muid, caithfidh muid a bheith cúramach gan an iomarca ama a chaitheamh leis, mar d’fhéadfadh sé nach mbeidh a ndóthain ama againn i gcóir cúraimí tábhachtacha eile. Molann an Bíobla dúinn a bheith “ag cur na huaire chun sochair.”​—Léigh Eifisigh 5:15, 16.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim le cinntí maithe a dhéanamh maidir le siamsaíocht.

3. Seachain siamsaíocht gan mhaith

Cén fáth ar chóir dúinn a bheith cúramach agus muid ag roghnú siamsaíochta? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cé na cosúlachtaí a bhí idir na cluichí a bhíodh acu sa tSean-Róimh agus roinnt de shiamsaíocht an lae inniu?

  • Sa bhfíseán, céard a d’fhoghlaim Danny faoi shiamsaíocht?

Léigh Rómhánaigh 12:9, ansin plé an cheist seo:

  • Cén tionchar atá ag an scrioptúr seo ar an gcineál siamsaíochta a roghnaíonn tusa?

Céard iad roinnt de na rudaí ar fuath le hIehova? Léigh Seanfhocail 6:16, 17 agus Galataigh 5:19-21. Tar éis na scrioptúir seo a léamh, plé an cheist seo:

  • Céard iad na rudaí atá luaite sna véarsaí sin atá coitianta i siamsaíocht an lae inniu?

 An chaoi le siamsaíocht a roghnú go ciallmhar

Fiafraigh díot féin:

  • An bhfuil aon rud ann ar fuath le hIehova?

  • An gcuireann sé as do chúraimí eile atá níos tábhachtaí?

  • An mbeadh mé ag coinneáil comhluadair le daoine nach ngránn Iehova?

Is fearr fanacht glan ar chuile chontúirt. Sin í an chúis ar chóir dúinn fanacht glan ar aon chineál siamsaíochta a dhéanfadh dochar dúinn

4. Cuir do chuid ama chun sochair

Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Cé nach raibh an deartháir sa bhfíseán ag féachaint ar aon rud mí-oiriúnach, cén tionchar a bhí air ag an méid ama a bhí á chaitheamh aige le shiamsaíocht?

Léigh Filipigh 1:10, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi ar féidir leis an véarsa seo cabhrú linn cinneadh a dhéanamh faoin méid ama a chaitheann muid ar shiamsaíocht?

5. Roghnaigh siamsaíocht atá feiliúnach do Chríostaithe

Cé go bhfuil roinnt siamsaíochta ann nach bhfuil feiliúnach do Chríostaithe, tá go leor ann atá. Léigh Cóheilit 8:15 agus Filipigh 4:8, ansin plé an cheist seo:

  • Cén sórt siamsaíochta a thaitníonn leatsa?

Is féidir leat sult a bhaint as siamsaíocht agus caitheamh aimsire atá feiliúnach do Chríostaithe

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl tada mícheart le siamsaíocht a bhfuil foréigean, mímhoráltacht gnéis, nó spioradachas i gceist léi, chomh fada is nach mise atá ag déanamh na rudaí sin.”

  • Céard a déarfá?

ACHOIMRE

Is mian le hIehova go mbainfidh muid sult as siamsaíocht atá feiliúnach do Chríostaithe.

Súil Siar

  • Cén caitheamh aimsire ar chóir do Chríostaithe a sheachaint?

  • Cén fáth ar chóir dúinn a bheith cúramach faoin méid ama a chaitheann muid ar shiamsaíocht?

  • Cén fáth ar chóir dúinn siamsaíocht a roghnú atá oiriúnach do Chríostaithe?

Sprioc

FIOSRAIGH

Smaoinigh cé atá freagrach as ár siamsaíocht a roghnú.

“Do Jehovah’s Witnesses Ban Certain Movies, Books, or Songs?” (Alt ar líne)

Féach mar is féidir leat cinntí maithe a dhéanamh maidir le siamsaíocht agus caitheamh aimsire.

“Is Your Recreation Beneficial?” (The Watchtower, 15 Deireadh Fómhair, 2011)

Féach ar an gcúis ar athraigh fear amháin a rogha siamsaíochta sa scéal “I Even Overcame My Prejudice.”

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Feabhra, 2010)

Féach ar an gcaoi a ndearna máthair amháin cinneadh ciallmhar maidir le siamsaíocht a bhí bainteach le spioradachas.

Avoid Entertainment That Features Spiritism (2:02)