CEACHT 58
Fan Dílis d’Iehova
Tá fíor-Chríostaithe diongbháilte gan ligean d’aon rud cur isteach ar a n-adhradh d’Iehova. Gan amhras mothaíonn tusa mar sin. Is mór ag Iehova do dhílseacht. (Léigh 1 Croinicí 28:9.) Céard iad na rudaí a d’fhéadfadh do dhílseacht d’Iehova a thástáil, agus cén chaoi ar féidir leat déileáil leo?
1. Cén chaoi a bhféadfadh daoine do dhílseacht d’Iehova a thástáil?
Déanfaidh roinnt daoine iarracht muid a stopadh ag adhradh Iehova. Cé a dhéanfadh a leithéid sin de rud? Insíonn daoine a d’fhág an fhírinne bréaga faoi eagraíocht Dé chun ár gcreideamh a scrios. Tugtar séantóirí creidimh orthu siúd. Chomh maith leis sin, scaipeann roinnt ceannairí reiligiúnacha bréaga fúinn chun go bhfágfaidh daoine an fhírinne. Tá sé contúirteach a bheith ag argóint lena leithéid seo, a bheith ag léamh a gcuid leabhair, a bheith ag breathnú ar an ábhar atá acu ar líne nó ag féachaint ar a gcuid físeáin. Maidir leo siúd a dhéanann iarracht lagmhisneach a chuir ar dhaoine a bhíonn dílis d’Iehova, deir Íosa: “Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”—Matha 15:14.
Céard faoi má tá aithne againn ar dhuine nach bhfuil ag iarraidh a bheith ina Fhinné ag Iehova a thuilleadh? Cuireann sé seo as go mór dúinn nuair a dhéanann duine atá gar dá gcroí an cinneadh seo. B’fhéidir go gcuirfeadh an duine seo d’iallach orainn rogha a dhéanamh idir é féin agus Iehova. Caithfidh muid a bheith diongbháilte fanacht dílis do Dhia thar aon ní eile. (Matha 10:37) Mar sin bíonn muid dílis d’ordú Iehova gan a bheith ag coinneáil comhluadair le daoine mar sin.—Léigh 1 Corantaigh 5:11.
2. Céard iad na cinntí pearsanta a d’fhéadfadh ár ndílseacht d’Iehova a thástáil?
Spreagann grá d’Iehova muid gan aon bhaint a bheith againn le reiligiún bréagach. Níor chóir go mbeadh aon bhaint ag ár bpost, ár ngníomhaíochtaí ná aon eagraíochtaí a bhfuil muid bainteach leo le reiligiún bréagach. Tugann Iehova foláireamh dúinn: “Amach libh aisti [an Bhablóin Mhór], a phobal liom.”—Apacailipsis 18:2, 4.
DÉAN TAIGHDE
Foghlaim faoin mbealach ar féidir leat gan ligean d’aon duine do dhílseacht d’Iehova a lagú. Féach freisin ar an gcaoi ar féidir leat do dhílseacht a léiriú trí dhroim láimhe a thabhairt don Bhablóin Mhór.
3. Seachain teagascóirí bréagacha
Cén dearcadh ar chóir a bheith againn má chloiseann muid rudaí diúltacha faoi eagraíocht Iehova? Léigh Seanfhocail 14:15, ansin plé an cheist seo:
-
Cén fáth a bhfuil muid cúramach gan chuile rud a chloiseann muid a chreidiúint?
Léigh 2 Eoin 10, ansin plé na ceisteanna seo:
-
Cén chaoi ar chóir caitheamh le séantóirí creidimh?
-
Fiú mura mbíonn muid i dteagmháil go díreach le séantóirí creidimh, cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith i dteagmháil lena dteagasc?
-
Cén chaoi a gceapann tú a mothódh Iehova dá dtabharfadh muid aird ar chaint dhiúltach faoi féin nó faoina eagraíocht?
4. Fan dílis do Dhia nuair a pheacaíonn deartháir
Má tá muid ar an eolas go bhfuil peaca tromchúiseach déanta ag duine sa bpobal, cén dualgas atá orainn? Smaoinigh ar phrionsabal ón dlí a thug Dia d’Iosrael. Léigh Léivític 5:1.
Mar atá ordaithe sa véarsa sin, má tá a fhios againn go ndearna duine éigin peaca tromchúiseach, ba chóir dúinn é a insint do na seanóirí. Sula ndéanfaidh muid é seo, ba chóir dúinn moladh don pheacach dul go dtí na seanóirí agus a pheaca a admháil. Mura ndéanann sé é seo, ba chóir go spreagfadh ár ndílseacht d’Iehova muid na seanóirí a chur ar an eolas. Cén chaoi a léiríonn an socrú seo buanghrá do . . .
-
Iehova Dia?
-
dhuine a pheacaíonn?
-
dhaoine eile sa bpobal?
5. Fan amach ón mBablóin Mhór
Léigh Lúcás 4:8 agus Apacailipsis 18:4, 5, ansin plé na ceisteanna seo:
-
An bhfuil mé fós mar bhall de reiligiún bréagach?
-
An bhfuil mé mar bhall d’aon eagraíocht atá ceangailte le reiligiún bréagach?
-
An bhfuil mo chuid oibre ag tabhairt tacaíochta do reiligiún bréagach ar aon bhealach?
-
An bhfuil aon ghné eile de mo shaol atá ceangailte le reiligiún bréagach a gcaithfidh mé scaradh uaidh?
-
Má d’fhreagair mé tá ar aon cheann de na ceisteanna seo, céard iad na hathruithe is gá dom a dhéanamh?
Déan cinneadh a fhágann le coinsias glan thú agus a léiríonn do dhílseacht d’Iehova i ngach cás.
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Caithfidh mé fios a bheith agam ar an méid atá na séantóirí creidimh ag rá faoi Fhinnéithe Iehova ionas go mbeidh mé in ann an fhírinne a chosaint.”
-
An ndéanfadh sé sin ciall? Cén fáth a ndéanfadh nó cén fáth nach ndéanfadh?
ACHOIMRE
Chun fanacht dílis d’Iehova, ní féidir a bheith ag coinneáil comhluadair leo siúd nach bhfuil dílis dó. Caithfidh muid fanacht glan ar reiligiún bréagach.
Súil Siar
-
Cén fáth nár chóir dúinn tuairimí séantóirí creidimh a shú isteach inár n-intinn ar aon bhealach?
-
Cén chaoi ar chóir caitheadh leo siúd nach bhfuil ag iarraidh a bheith ina bhFinnéithe Iehova níos mó?
-
Cén chaoi ar féidir linn a bheith umhal agus droim láimhe a thabhairt do reiligiún bréagach?
FIOSRAIGH
Foghlaim faoin gcaoi le déileáil le tuairiscí bréagacha a scaiptear faoi Fhinnéithe Iehova.
Cén chaoi a n-aithneofá eagraíochtaí nó gníomhaíochtaí a thugann tacaíocht don Bhablóin Mhór?
“Keep Busy During the Last of ‘the Last Days’” (The Watchtower, Deireadh Fómhair 2019, ailt 16-18)
Céard atá déanta ag cáinteoirí chun ár gcreideamh a lagú?
Sa scéal, “I Had Been Looking For God Since Childhood,” léigh faoi shagart Shinto a bhris an ceangal a bhí aige le reiligiún bréagach.