Céard í Ríocht Dé?
An ndéarfá . . .
-
rud éigin i do chroí?
-
leagan cainte?
-
rialtas sna flaithis?
DEIR AN BÍOBLA
“Cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche.”—Dainéil 2:44, An Bíobla Naofa.
“Tugadh mac dúinn; tá an tiarnas ar a ghualainn.”—Íseáia 9:5.
AN TAIRBHE ATÁ ANN DUITSE
-
Rialtas fíréanta a mbainfidh tú leas as.—Íseáia 48:17, 18.
-
Saol sona agus sláinte fhoirfe ar an domhan nua atá le teacht.—Apacailipsis 21:3, 4.
AN FÉIDIR AN BÍOBLA A CHREIDIÚINT?
Is féidir, agus tá ar a laghad dhá chúis leis seo:
-
Thaispeáin Íosa an rud a dhéanfaidh Ríocht Dé. Mhúin Íosa dá lucht leanúna le guí go dtiocfadh Ríocht Dé agus go ndéanfaí toil Dé ar an talamh. (Matha 6:9, 10) Léirigh Íosa an chaoi a gcomhlíonfar an phaidir sin.
Nuair a bhí sé ar an talamh, bheathaigh Íosa na hocraigh, leigheas sé daoine tinne, agus thóg sé na mairbh ón mbás! (Matha 15:29-38; Eoin 11:38-44) Thug Íosa réamhthaispeántas álainn ar an rud a dhéanfadh an Ríocht sin dá ngéillsineach nuair a bheadh sé féin ina Rialtóir ar Ríocht Dé.—Apacailipsis 11:15.
-
Deimhníonn cúinsí domhanda go dtiocfaidh Ríocht Dé go luath. Thuar Íosa go mbeadh cogaí, gortaí agus creathanna talún go forleathan ar fud an domhain sula gcuirfeadh Ríocht Dé síocháin i bhfeidhm ar an domhan.—Matha 24:3, 7.
Tá na rudaí céanna seo le feiceáil inniu. Mar sin is féidir linn a bheith dóchasach go gcuirfidh Ríocht Dé deireadh go luath leis na fadhbanna seo ar fad.
ÁBHAR MACHNAIMH
Cén sórt saoil a bheidh ann nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú?
Freagraíonn an Bíobla an cheist sin ag SALM 37:29 agus ÍSEÁIA 65:21-23.