Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 11

Amhráin Inspioráidithe a Thugann Sólás Agus Teagasc

Amhráin Inspioráidithe a Thugann Sólás Agus Teagasc

Cumann Dáiví agus cumadóirí eile amhráin le húsáid in adhradh. Caomhnaíonn leabhar na Salm na liricí a bhaineann le 150 acu

IS BAILIÚCHÁN d’amhráin naofa atá sa leabhar is mó de leabhair an Bhíobla. Thóg sé suas le 1,000 bliain an leabhar seo a chur le chéile. Tá cuid de na ráitis creideamh is doimhne agus is corraitheach dár scríobhadh riamh le fáil i leabhar na Salm. Tá réimse leathan de mhothúcháin dhaonna curtha in iúl anseo, idir lúcháir, moladh agus buíochas, brón, buairt agus aithrí. Tá sé soiléir go raibh dlúthchaidreamh muiníneach ag na salmairí le Dia. Féach ar chuid de na téamaí a fhorbraítear sna saothair liriceacha seo.

Is é Iehova an Tiarna dlisteanach, a bhfuil adhradh agus moladh tuillte aige. “Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna; an Té is Airde os cionn an domhain go léir”, a léimid ag Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile). Molann cuid mhaith de na sailm Iehova de bharr a chuid saothair cruthaitheachta, na réalta neimhe mar shampla, iontais na beatha agus an nádúr, agus míorúilt na colainne daonna. (Salm 8, 19, 139, 148) Tugann cuid eile acu glóir do Iehova as ucht gur Dia é a dhéanann gníomh chun na daoine atá dílis dó a thabhairt slán agus a chosaint. (Salm 18, 97, 138) Tugann tuilleadh acu ardmholadh dó mar Dhia na córa, a thugann faoiseamh don té atá faoi chois agus a ghearrann pionós ar an drochdhuine.—Salm 11, 68, 146.

Tugann Iehova cabhair agus sólás dóibh siúd a bhfuil grá acu dó. Is dócha gurbh é an 23 salm an salm is cáiliúla ar fad, ina ndéanann Dáiví cur síos ar Iehova amhail is gur Aoire ceanúil é a threoraíonn, agus a thugann aire agus cosaint dá thréad. Meabhraíonn Salm 65:3 (65:2 i mBíoblaí eile) d’adhraitheoirí Dé gurbh é Iehova “a éisteann lenár nguí.” Is iomaí duine a bhí buartha faoi pheacaí tromchúiseacha a fuair suaimhneas intinne as Salm 39 agus 51, áit a nochtann Dáiví a chroíbhrú faoi pheacaí móra a rinne sé féin agus ina léiríonn sé a mhuinín i maithiúnas Iehova. Spreagann Salm 55:23 (55:22 i mBíoblaí eile) muid le muinín a bheith againn in Iehova agus ár n-ualaí pearsanta a leagan Airsean.

Athróidh Iehova an domhan trí Ríocht an Mheisias. Is léir go mbaineann roinnt sleachta sna Sailm leis an Meisias, an Rí a bhí luaite sna tairngreachtaí. Tuarann Salm 2 go scriosfaidh an Rialtóir seo na náisiúin mhallaithe atá mar fhreasúra aige. Tugann Salm 72 le fios go gcuirfidh an Rí seo deireadh le hocras, le héagóir agus le leatrom. De réir Salm 46:10 (46:9 i mBíoblaí eile), úsáidfidh Dia Ríocht an Mheisias le deireadh a chur le cogaíocht, go deimhin scriosfaidh sé an t-armlón go léir. I Salm 37, léimid go gcuirfear deireadh leis na drochdhaoine, ach go mairfidh na daoine macánta go deo ar an talamh go socair sásta le chéile.

—Bunaithe ar leabhar na Salm.