Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 7

An Chaoi le Do Leanbh a Oiliúint

An Chaoi le Do Leanbh a Oiliúint

“Na briathra seo a ordaím duit inniu bídís greanta ar do chroí. Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann.”—Deotranaimí 6:6, 7

Nuair a bhunaigh Iehova an teaghlach, chuir sé tuismitheoirí i gceannas a gcuid leanaí. (Colosaigh 3:20) Tá sé de dhualgas ort mar thuismitheoir do leanaí a oiliúint chun go mbeidh grá acu do Iehova agus go mbeidh siad in ann iad féin a iompar go freagrach nuair a fhásann siad suas. (2 Tiomóid 1:5; 3:15) Bíodh a fhios agat céard atá i gcroí do mhic nó d’iníne. Ar ndóigh, tá do dhea-shampla féin an-tábhachtach. Beidh tú in ann focal Iehova a mhúineadh níos fearr do do leanaí má bhíonn sé greanta ar do chroí féin ar dtús.—Salm 40:9.

1 BÍODH SÉ ÉASCA AG DO CHUID LEANAÍ LABHAIRT LEAT

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Tugadh gach duine cluas le héisteacht . . . ach bíodh sé mall chun cainte.” (Séamas 1:19) Ba mhaith leat go n-aireodh do chuid leanaí gur féidir leo labhairt leat go hoscailte. Tabhair le fios dóibh go bhfuil tusa réidh le héisteacht leo am ar bith. Cothaigh atmaisféar suaimhneach sa gcaoi is go mbeidh sé éasca acu iad féin a chur in iúl. (Séamas 3:18) Má cheapann siad go mbeidh tú róchrua d’fhéadfadh sé nach n-inseodh siad iomlán na fírinne duit. Bí foighneach le do chuid leanaí, agus cuir do ghrá in iúl dóibh go minic.—Matha 3:17; 1 Corantaigh 8:1.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Bíodh fáil ort nuair a theastaíonn ó do chuid leanaí labhairt leat

  • Bí ag comhrá le do chuid leanaí go rialta, ní amháin nuair atá fadhbanna ann

2 DÉAN IARRACHT BRÍ A gCAINTE A THUISCINT

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar.” (Seanfhocail 16:20) Caithfidh tú léamh idir na línte uaireanta chun tuiscint a fháil ar mhothúcháin do chuid leanaí. Is minic le daoine óga scéal mór a dhéanamh de rud nó a bheith ag rá rudaí nach bhfuil siad i ndáiríre fúthu. “Baois agus náire is ea freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.” (Seanfhocail 18:13) Ná bí taghdach.—Seanfhocail 19:11.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Beartaigh gan cur isteach ar do leanbh nuair atá sé/sí ag caint agus ná caill an cloigeann

  • Déan iarracht smaoineamh ar an gcaoi ar mhothaigh tú féin ag an aois sin agus ar an rud ar thug tusa tús áite dó

3 SEASAIGÍ GUALAINN AR GHUALAINN

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Éist, a mhic, le teagasc d’athar agus ná séan oiliúint do mháthar.” (Seanfhocail 1:8) Thug Iehova an t-údarás ar leanaí don athair agus don mháthair araon. Caithfidh tú múineadh do do chuid leanaí le meas a bheith acu ort agus le bheith umhal duit. (Eifisigh 6:1-3) Tugann leanaí faoi deara é nuair nach mbíonn a dtuismitheoirí ar “aon fhocal.” (1 Corantaigh 1:10) Mura n-aontaíonn tú le rud, ná cuir in iúl é os comhair na leanaí, mar d’fhéadfadh sé sin an meas atá acu oraibh a laghdú.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Déanaigí plé agus aontaígí ar an gcaoi a smachtóidh sibh bhur leanaí

  • Mura bhfuil sibh ar aon intinn maidir le traenáil bhur leanaí, déan iarracht tuairimí do chéile a thuiscint

4 BÍODH PLEAN AGAIBH

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó.” (Seanfhocail 22:6) Chun oiliúint mhaith a chur ar bhur leanaí, teastaíonn plean oiliúna uaibh ina mbeidh smachtú bhur leanaí san áireamh. (Salm 127:4; Seanfhocail 29:17) Ní gearradh pionóis atá i gceist le smachtú ach a bheith ag tabhairt tuisceana dóibh ar na fáthanna atá leis na rialacha. (Seanfhocail 28:7) Múin dóibh freisin le grá a bheith acu d’fhocal Iehova agus lena chuid prionsabail a aithint. (Salm 1:2) Cabhróidh sé seo leo coinsias folláin a fhorbairt.—Eabhraigh 5:14.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Déan cinnte go dtuigeann bhur leanaí gur Pearsa é Dia atá ann i ndáiríre agus go bhfuil siad in ann muinín a bheith acu as

  • Cabhraigh leo an baol morálta a bhaineann leis an idirlíon agus gréasáin shóisialta a aithint agus a sheachaint. Múin dóibh le creachadóirí gnéis a sheachaint

“Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó”