CUID 4
An Chaoi le hAirgead a Bhainistiú
‘Meáigí bhur mbearta i gcomhairle le chéile.’—Seanfhocail 20:18
Teastaíonn airgead uainn go léir chun riar a gcáis a sholáthar dár dteaghlaigh. (Seanfhocail 30:8) I ndeireadh na dála, ní féidir déanamh d’uireasa airgid. (Cóheilit 7:12) Mar lánúin phósta, b’fhéidir go mbíonn sé deacair agaibh labhairt le chéile faoi airgead, ach ná ligigí d’airgead fadhbanna a chruthú in bhur bpósadh. (Eifisigh 4:32) Ba chóir do lánúin muinín a bheith acu as a chéile agus oibriú le chéile nuair atá siad ag déanamh cinneadh maidir leis an gcaoi a gcaithfear an t-airgead.
1 PLEANÁIL GO CÚRAMACH
AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?” (Lúcás 14:28) Ní mór daoibh teacht ar shocrú le chéile maidir leis an gcaoi a n-úsáidfidh sibh bhur gcuid airgid. Déanaigí cinneadh maidir leis an rud atá ag teastáil uaibh agus an méid atá sibh in acmhainn a chaitheamh air. (Seanfhocail 31:16) Fiú má tá sibh in acmhainn rud éigin a cheannach, ní chiallaíonn sé sin gur cheart an t-airgead a chaitheamh air. Déanaigí bhur ndícheall fiacha a sheachaint. Ná caithigí ach an t-airgead atá agaibh.—Seanfhocail 21:5; 22:7.
AN RUD IS FÉIDIR LIBH A DHÉANAMH:
-
Má tá airgead le spáráil agaibh ag deireadh na míosa, leagaigí amach le chéile an rud atá sibh chun a dhéanamh leis
-
Má tá sibh gann in airgead breathnaígí go bhfeicfidh sibh an bhfuil aon áit gur féidir libh bhur gcostais a laghdú. Mar shampla, d’fhéadfadh sibh bhur mbéilí féin a réiteach in áit a bheith ag ithe i mbialanna
2 BÍ IONRAIC AGUS RÉALAÍOCH
AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Mar is é ár n-aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.” (2 Corantaigh 8:21) Bí ionraic le do chéile faoin méid a shaothraíonn tú agus a chaitheann tú.
Labhair le do chéile faoi airgead go rialta, ach go mór mór nuair atá cinntí móra airgeadais le déanamh. (Seanfhocail 13:10) Cothóidh sé seo síocháin in bhur bpósadh. Ná breathnaigh ar d’ioncam mar d’airgead pearsanta féin ach mar airgead an teaghlaigh.—1 Tiomóid 5:8.
AN RUD IS FÉIDIR LIBH A DHÉANAMH:
-
Aontaígí ar an méid airgid is féidir le gach aon duine agaibh a chaitheamh gan dul i gcomhairle leis an duine eile
-
Ná fanaigí go dtí go mbeidh fadhb ann sula labhraíonn sibh faoi airgead