Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 21

Céard í Béitéil?

Céard í Béitéil?

An Roinn Ealaíne, S.A.M.

An Ghearmáin

An Chéinia

An Cholóim

Is focal Eabhraise é Béitéil a chiallaíonn “Teach Dé.” (Geineasas 28:17, 19) Is ainm feiliúnach é do na craobh-oifigí atá bunaithe ag Finnéithe Iehova ar fud an domhain chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do chraobhscaoileadh an dea-scéil. Tá an Bord Stiúrtha lonnaithe ag an gceanncheathrú i stáit Nua-Eabhrac, S.A.M., agus is as sin a riarann sé imeachtaí na gcraobh-oifigí atá lonnaithe i dtíortha eile. Teaghlach Bhéitéil a thugtar ar an bhfoireann a bhíonn ag obair ag na hionaid seo. Mar a bheadh teaghlach, oibríonn siad agus cónaíonn siad san áit chéanna, itheann siad a mbéile le chéile, agus déanann siad staidéar ar an mBíobla le chéile.—Salm 133:1.

Áit ar leith í Béitéil. Is fir agus mná a thugann tús áite d’Iehova atá ag obair i mBéitéil. Oibríonn siad go lánaimseartha chun toil Dé a dhéanamh agus chun gnóthaí na Ríochta a chur chun cinn. (Matha 6:33) Ní fhaigheann aon duine acu pá ná tuarastal, ach cuirtear bia agus lóistín ar fáil dóibh, agus tugtar liúntas dóibh i gcomhair costais phearsanta. Tá a gcuid oibre féin le déanamh ag gach duine i mBéitéil, bíodh sé sin in oifig, i gcistin, nó i seomra bia. Bíonn cuid acu ag clódóireacht, ag ceangal leabhair, ag déanamh obair tí, ag déanamh obair chothabhála, agus mar sin de.

Áit chruógach a thugann tacaíocht do chraobhscaoileadh an dea-scéil. Is é príomhchuspóir gach Béitéil fírinne an Bhíobla a chur ar fáil don oiread daoine agus is féidir. Is sampla amháin den obair a dhéantar i mBéitéil é an bróisiúr seo. Scríobhadh é faoi threoir an Bhoird Stiúrtha, cuireadh chun bealaigh é go leictreonach go dtí na céadta foireann aistriúcháin ar fud an domhain, priontáladh é ar chlóphreasanna ardluais i gcuid d’ionaid Bhéitéil, agus seoladh é go dtí breis agus 110,000 pobal. Is crann taca iad teaghlaigh Bhéitéil don obair is práinní ar fad—craobhscaoileadh an dea-scéil.—Marcas 13:10.

  • Cé a oibríonn ag Béitéil agus céard a chuirtear ar fáil dóibh?

  • Cén obair phráinneach a bhfuil gach Béitéil ag tabhairt tacaíochta di?