Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 3

Cén Chaoi ar Thángthas ar Fhírinne an Bhíobla in Athuair?

Cén Chaoi ar Thángthas ar Fhírinne an Bhíobla in Athuair?

Mic Léinn an Bhíobla, 1870idí

An chéad eagrán den Watchtower, 1879

An Watchtower inniu

Thuar an Bíobla go mbeadh oidí bréige i measc na gcéad Chríostaithe agus go dtiocfaidís chun cinn tar éis bhás Chríost, agus go dtruailleoidís fírinne an Bhíobla. (Gníomhartha 20:29, 30) In am tráth, sin é go díreach a tharla. Mheasc siad teagasc Íosa leis an bpágántacht agus tháinig leagan bréige den Chríostaíocht chun cinn. (2 Tiomóid 4:3, 4) Cén chaoi ar féidir linne a bheith cinnte go bhfuil an tuiscint cheart againn inniu ar an méid a mhúineann an Bíobla?

Bhí an t-am tagtha chun an fhírinne a fhoilsiú. Thuar sé gur le linn ‘uain na críche, a mhéadódh ar an eolas.’ (Dainéil 12:4) Sa mbliain 1870 thug grúpa beag daoine a bhí ar thóir na fírinne faoi deara nach raibh go leor de theagasc na heaglaise bunaithe ar na Scrioptúir. Thosaigh siad ag cuardach an Bhíobla ag féachaint le tuiscint a fháil ar bhuntheagasc an Bhíobla, agus thug Iehova léargas spioradálta dóibh.

Rinne fir dhílse staidéar grinn ar an mBíobla. Lean Mic Léinn an Bhíobla, mar a thugtaí ar Fhinnéithe Iehova, modh staidéir atá in úsáid againn fós inniu. Rinne siad plé ar an mBíobla de réir ábhair. Nuair a tháinig siad ar shliocht sa mBíobla a bhí deacair a thuiscint, chuardaigh siad véarsaí eile lena mhíniú. Nuair a tháinig siad ar thuiscint a d’aontaigh leis an gcuid eile de na Scrioptúir, scríobh siad síos é. De bhrí gur thug siad cead don Bhíobla é féin a mhíniú, tháinig siad ar an bhfírinne i dtaobh ainm Dé, a Ríocht, a chuspóir don chine daonna agus don domhan, an riocht ina bhfuil na mairbh, agus an t-aiséirí. Shaor sé seo iad ó theagasc agus ó chleachtais bhréige.—Eoin 8:31, 32.

Faoin mbliain 1879 thuig Mic Léinn an Bhíobla go raibh an t-am tagtha chun na fírinní seo a fhoilsiú go forleathan. Mar sin, chuir siad tús le hiris, The Watchtower Announcing Jehovah’s Kingdom,atá á fhoilsiú againn go dtí an lá atá inniu ann. Tá muid anois ag foilsiú fírinní an Bhíobla i 240 tír agus i mbreis agus 750 teanga. Ní raibh fírinne an Bhíobla chomh fairsing riamh!

  • Céard a tharla d’fhírinne an Bhíobla tar éis bhás Chríost?

  • Cén chaoi ar tháinig muid ar fhírinne an Bhíobla in athuair?