FEACHTAS SPEISIALTA
Cogadh-An Méid a Dhéanfaidh Ríocht Dé Faoi
Tá cogaí ag leanúint orthu ar fud an domhain agus níl tada dá mbarr ach pian agus fulaingt. Rud a léiríonn na tuarascálacha seo a leanas:
Tháinig méadú de 27% ar fhoréigean polaitiúil ar fud an domhain anuraidh, agus chuir sé seo isteach ar thart ar 1.7 billiún duine.”—The Armed Conflict Location & Event Data Project (ACLED), 8 Feabhra, 2023.
Tá ábhar dóchais sa mBíobla. Mar deirtear ann go gcuirfidh “Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche.” (Dainéil 2:44) Faoin Ríocht, nó faoin rialtas sin, cuirfidh Dia “cosc le cogaí ar fud na cruinne.”—Salm 46:10 (46:9 i mBíoblaí eile).