Úsáid Sonraí Pearsanta—An Mhacadóin Thuaidh
Nuair a thosaíonn duine amach mar fhoilsitheoir, glacann sé leis go ndéanann eagraíocht reiligiúnach Fhinnéithe Iehova—lena n-áirítear an pobal áitiúil Fhinnéithe Iehova, an craobh-oifig áitiúil agus eagraíochtaí eile mar iad a oibríonn i gcomhar le Finnéithe Iehova—sonraí pearsanta a úsáid go dleathach ar son a gcuspóirí reiligiúnacha dlisteanacha. Cuireann foilsitheoirí sonraí pearsanta ar fáil dá bpobal dá ndeoin féin de réir mar atá leagtha amach sa leabhar Organized to Do Jehovah’s Will ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí reiligiúnacha a bhaineann lena n-adhradh agus ionas go mbeidh siad in ann tacaíocht spioradálta a fháil.—1 Peadar 5:2.
Áirítear mar shonraí pearsanta ainm duine, dáta breithe, inscne, dáta baiste agus faisnéis teagmhála chomh maith le heolas a bhaineann le sláinte spioradálta, an obair chraobhscaoilte, aon ról atá ag Finnéithe Iehova, nó aon sonraí faisnéise a sholáthraíonn foilsitheoirí agus iad i mbun gníomhaíochtaí reiligiúnacha breise. Áirítear leis na sonraí faisnéise eolas a thugann léargas ar chreideamh an fhoilsitheora agus d’fhéadfadh sonraí pearsanta íogaire eile a bheith san áireamh freisin. D’fhéadfadh sé go gciallódh úsáid sonraí pearsanta na sonraí sin a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú agus a stóráil, chomh maith le hoibríochtaí mar iad a dhéantar ar na sonraí sin.
Seo a leanas an Dlí um Chosaint Sonraí sa tír seo:
An Dlí um Chosaint Sonraí Pearsanta, Iris Oifigiúil an RNM Uimh. 42 ó 16.02.2022.
Faoin Dlí Maidir le Cosaint Sonraí, tugann foilsitheoirí cead d’Fhinnéithe Iehova úsáid a bhaint as a gcuid sonraí pearsanta ar son cuspóirí reiligiúnacha, iad seo a leanas san áireamh:
ag cothabháil agus ag riar reiligiún Fhinnéithe Iehova
rannpháirtíocht in aon chruinniú de phobal áitiúil Fhinnéithe Iehova agus in aon ghníomhaíocht dheonach nó togra
ag glacadh páirt dá ndeoin féin i gcruinniú, i dtionól, nó i gcomhdháil atá á thaifeadadh agus á chraoladh le haghaidh teagasc spioradálta a thabhairt d’Fhinnéithe Iehova ar fud an domhain
ag leagan amach tascanna nó ag comhlíonadh aon ról eile sa bpobal Críostaí
ag coinneáil ord agus eagair ar na cártaí a bhaineann le Taifead an Fhoilsitheora
an aoireacht agus an cúram a chuireann seanóirí Fhinnéithe Iehova ar fáil (Gníomhartha 20:28; Séamas 5:14, 15)
ag taifeadadh sonraí teagmhála le húsáid i gcásanna éigeandála
Ní choinneofar sonraí pearsanta ach chomh fada agus a bheidh feidhm ag na cúinsí a luaitear thuas nó ag cúinsí dlisteanacha eile. Má roghnaíonn tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) foilsitheoir atá faoi bhun aoise gan an fhoirm Fógra agus Toiliú le hÚsáid Sonraí Pearsanta a shíniú nuair a iarrtar orthu é, seans nach mbeidh Finnéithe Iehova in ann a mheas an bhfuil an foilsitheoir sin oiriúnach chun róil áirithe sa bpobal Críostaí a chomhlíonadh nó páirt a ghlacadh in imeachtaí reiligiúnacha áirithe.
Feidhmíonn Finnéithe Iehova ar fud an domhain. Mar sin, d’fhéadfadh sé go seolfaí sonraí pearsanta na bhfoilsitheoirí chuig nó tríd tír ina bhfuil siad lonnaithe, nó féadfar iad a stóráil lasmuigh den tír ina bhfuil siad lonnaithe. D’fhéadfadh sé nach gcuireann dlíthe na tíortha sin an leibhéal céanna cosanta ar fáil maidir le cosaint sonraí is atá ar fáil sa tír ónár seoladh na sonraí sin as. Glacann Finnéithe Iehova na bearta cuí chun cosaint shásúil a chinntiú d’aon fhaisnéis a aistrítear amhlaidh. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis seo comhaontuithe cosúil le clásail chaighdeánacha chonarthacha a úsáidtear le haghaidh aistrithe den sórt sin. Ní úsáideann faighteoirí ar Finnéithe Iehova iad, sonraí pearsanta na bhfoilsitheoirí sin ach de réir Bheartas Dhomhanda um Chosaint Sonraí Fhinnéithe Iehova.
Tá sé de cheart ag foilsitheoirí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta, iarratas a dhéanamh go scriosfaí iad, nó srian a chur ar a bpróiseáil, cuir i gcoinne próiseála agus aon mhíchruinneas maidir lena gcuid sonraí pearsanta atá i seilbh Fhinnéithe Iehova a cheartú. Féadfaidh foilsitheoirí an cead a thug siad maidir le húsáid a gcuid sonraí pearsanta a chuir ar ceal ó thaobh úsáid áirithe a bhainfear astu sa todhchaí. Más rud é go gcuireann foilsitheoir ar ceal an cead a thug sé a chuid sonraí pearsanta a úsáid, nó má iarrann foilsitheoirí a gcuid sonraí pearsanta a scriosadh nó go gcuirfí srian lena bpróiseáil, d’fhéadfadh Finnéithe Iehova a bheith i dteideal leanúint orthu ag úsáid cuid de na sonraí pearsanta sin, ar bhonn na gcuspóirí reiligiúnacha dlisteanacha nó ar aon bhonn dleathach eile faoi réir an Dlí Maidir le Cosaint Sonraí. Tá a fhios ag foilsitheoirí go bhfuil sé de cheart acu gearán a dhéanamh leis an údarás a dhéanann an mhaoirseacht maidir le cosaint sonraí sa tír ina bhfuil cónaí orthu.
Tá nósanna imeachta agus bearta cosanta teicniúla éagsúla curtha i bhfeidhm ag Finnéithe Iehova de réir an Dlí Maidir le Cosaint Sonraí, chun sonraí pearsanta a chosaint. Tuigeann foilsitheoirí nach mbeidh fáil ach ag líon teoranta daoine údaraithe ar a gcuid sonraí pearsanta chun na cuspóirí atá luaite thuas a chomhlíonadh, ach bíonn fáil ar ainmneacha na ndaoine a bhfuil tascanna acu ag cruinnithe an phobail Chríostaí.
Is féidir aon cheist a chur chuig an oifigeach cosanta sonraí ag an seoladh ríomhphoist thíos luaite:
DataProtectionOfficer.MK@jw.org
Tuigeann foilsitheoirí gur féidir leo fáil amach cé hé an rialaitheoir sonraí sa tír ina bhfuil cónaí orthu, agus a eolas teagmhála, agus más gá, eolas teagmhála a ionadaí agus a oifigeach cosanta sonraí, ar an leathanach Cosaint Sonraí—Eolas Teagmhála ar jw.org.
D’fhéadfadh sé go n-athródh ár gcleachtais sonraí ó am go chéile mar gheall ar athruithe ar ár n-imeachtaí reiligiúnacha, ar an dlí, nó ar an teicneolaíocht. Más gá an leathanach seo Úsáid Sonraí Pearsanta a athrú, postálfaidh muid na hathruithe sin ar an leathanach seo ionas go mbeidh foilsitheoirí ar an eolas i gcónaí faoi na sonraí a bhailíonn muid agus faoin gcaoi a n-úsáideann muid iad. Seiceáil an leathanach seo ó am go ham, le do thoil, chun na hathruithe a dhéantar air a fheiceáil.