Ar Cheart Dom Guí Chuig Naoimh?
Freagraíonn an Bíobla
Níor cheart. Feiceann muid ón mBíobla gur cheart dúinn guí chuig Dé, in ainm Íosa. Dúirt Íosa lena dheisceabail: “Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d’ainm.” (Matha 6:9) Níor ordaigh sé riamh dá dheisceabail guí chuig naoimh, aingil, nó aon duine eile seachas Dia.
Dúirt Íosa lena lucht leanúna: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.” (Eoin 14:6) Is ag Íosa amháin atá an t-údarás ó Dhia idirghabháil a dhéanamh ar ár son.—Eabhraigh 7:25.
An bhféadfainn guí chuig Dé agus chuig na naoimh?
Nuair a rinne Sátan iarracht cathú a chuir ar Íosa, dúirt Íosa leis: “Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.” (Matha 4:10) Tá Dia ag iarraidh go ndéanfaí adhartha—lena n-áirítear guí—a dhíriú chuige féin amháin.—Íseáia 48:11.
Maslaíonn muid Dia má ghuíonn muid chuig aon neach eile, naoimh nó aingil naofa fiú. Nuair a rinne an t-aspal Eoin iarracht aingeal a adhradh, stop an t-aingeal é ag rá: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh.”—Apacailipsis 19:10.