Ná bac leis seo

Cárbh as ar Tháinig Oíche Shamhna?

Cárbh as ar Tháinig Oíche Shamhna?

Freagraíonn an Bíobla

 Cé go mbíonn go leor daoine ag ceiliúradh Oíche Shamhna ar an 31ú lá de Dheireadh Fómhair gach bliain níl aon tagairt d’Oíche Shamhna sa mBíobla. Tá bunús agus traidisiúin ársa Oíche Shamhna ag teacht salach ar theagasc an Bhíobla.

San alt seo

 Stair agus traidisiúin Oíche Shamhna

  •   Samhain: De réir The World Book Encyclopedia téann Oíche Shamhna siar go dtí “an fhéile phágánach ársa Samhain a ndearna na Ceiltigh ceiliúradh uirthi breis agus 2,000 bliain ó shin.” “Chreid na Ceiltigh go bhféadfadh na mairbh siúl i measc na mbeo ag an am seo den bhliain. Le linn na Samhna, d’fhéadfadh daoine beo cuairt a thabhairt ar na mairbh.”—Féach “ Why Is It Called Halloween?

  •   Cultacha Oíche Shamhna, milseáin agus bob nó bia: De réir foinse amháin, chaith cuid de na Ceiltigh cultacha gruama ionas go gceapfadh na spioraid a bhí ag fánaíocht gur neach dár gcuid féin a bhí iontu agus nach mbacfadh siad leo. Thairgfeadh daoine eile milseáin do na spioraid seo chun iad a mhealladh. a

     Ghlac an chléir Chaitliceach in Eoraip na Meánaoise le nósanna págánta áitiúla agus théadh a lucht leanúna ó theach go teach ag caitheamh cultacha agus ag iarraidh bronntanais bheaga.

  •   Taibhsí, vaimpírí, cailleacha feasa agus zombaithe: Tá baint acu seo le domhan na n-ainspridí le fada an lá. Ag tagairt dóibh mar “ainbheithígh osnádúrtha,” deir an leabhar Halloween Trivia go bhfuil “dlúthbhaint leis an mbás, leis na mairbh nó le heagla roimh an mbás” ag na créatúir sin.

  •   Puimcíní Oíche Shamhna: Le linn na Meánaoise sa mBreatain, “bhíodh daoine ag dul ó dhoras go doras ag iarraidh bia ar son phaidir a rá do na mairbh,” agus dhéanfaidís “lampa as tornapa le coinneal sa lár, rud a sheas den anam a bhí i bpurgadóir.” (Halloween—From Pagan Ritual to Party Night) Deir daoine eile go mbaintí úsáid as na lampaí seo chun an ruaig a chur ar ainspridí. Le linn an 18ú haois i Meiriceá Thuaidh, d’úsáidtí puimcíní in áit tornapaí toisc go raibh siad fairsing agus éasca iad a mhúnlú.

 An bhfuil aon dochar sa mbunús págánta atá ag baint le hOíche Shamhna?

 Tá. Cé go gceapann cuid de na daoine nach bhfuil in Oíche Shamhna ach píosa spraoi, tá na cleachtais a bhaineann léi ag teacht salach ar theagasc an Bhíobla. Tá Oíche Shamhna bunaithe ar theagasca bréagacha faoi na mairbh agus faoi spioraid dofheicthe nó deamhain.

 Tabhair faoi deara na véarsaí seo a leanas a léiríonn an dearcadh atá ag Dia ar na teagasca bréagacha a bhaineann le hOíche Shamhna:

  •   “Ná faightear choíche in bhur measc aon duine . . . a chleachtann fáistine, . . . ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh.”—Deotranaimí 18:10-12.

     An chiall atá leis: Ní cheadaíonn Dia do aon duine teagmháil a dhéanamh leis na mairbh ná níl sé ag iarraidh go mbeadh duine ag ligean air féin go bhfuil sé ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leo.

  •   “Níl eolas dá laghad ag na mairbh.”—Cóheilit 9:5.

     An chiall atá leis: De bhrí go bhfuil na mairbh gan aithne gan urlabhra, ní féidir leo dul i dteagmháil leis na beo.

  •   “Níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibhse leis na deamhain sin. Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith.”—1 Corantaigh 10:20, 21.

     An chiall atá leis: Ní mór dóibh siúd ar mian leo fabhar Dé a bheith acu fanacht glan ar na deamhain.

  •   Seas “in aghaidh chealga an diabhail. Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach . . . le hainspridí na bhflaitheas.”—Eifisigh 6:11, 12.

     An chiall atá leis: Ba chóir do Chríostaithe cur i gcoinne na n-ainspridí seo, gan a bheith ag ligean orthu féin go gceiliúrann siad leo.

a Féach an leabhar Halloween: An American Holiday, an American History, leathanach 4.