An Scriosfar an Domhan?
Freagraíonn an Bíobla
Ní scriosfar an domhan go deo, ná ní chuirfear trí thine é ná ní thiocfaidh domhan eile ina áit. Múineann an Bíobla gur chruthaigh Dia an domhan ionas go mbeadh daoine in ann maireachtáil air go deo.
“Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimh agus mairfidh siad ann go brách.”—Salm 37:29.
“Chuir [Dia] an talamh ina sheasamh ar a bhonn, ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.”—Salm 104:5.
“Fanann an domhan ann go deo.”—Cóheilit 1:4.
“Arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de.”—Íseáia 45:18.
An scriosfaidh an duine an talamh?
Ní ligfidh Dia cead don duine an domhan a scriosadh go hiomlán trí thruailliú, nó cogaidh, ná ar aon bhealach eile. Mar cuirfidh sé deireadh le “lucht scriosta an domhain.” (Apacailipsis 11:18) Cén chaoi a ndéanfaidh sé é seo?
Gheobhaidh Dia réidh le rialtais dhaonna, dream nach raibh in ann an domhan a chosaint, agus cuirfidh sé Rialtas foirfe neamhaí ina n-áit. (Dainéil 2:44; Matha 6:9, 10) Beidh Íosa Críost Mac Dé, ina Rí ar an Ríocht seo. (Íseáia 9:5, 6 [9:6,7 i mBíoblaí eile]) Nuair a bhí Íosa ar an talamh, léirigh sé lena chuid míorúiltí go raibh gach ní faoina smacht. (Marcas 4:35-41) Beidh smacht iomlán ag Íosa ar an domhan nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú na talún. Cruthóidh sé in athuair, nó déanfaidh sé as an nua gach rud, ionas go mbeidh an talamh cosúil leis an gcaoi a raibh gairdín Éidin.—Matha 19:28; Lúcás 23:43.
Nach múineann an Bíobla go ndófar an domhan?
Ní mhúineann. Is minic a bhaintear an chiall chontráilte as an scrioptúr i 2 Peadar 3:7, a deir: “Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine.” Breathnóidh muid ar dhá phointe tábhachtach a chabhróidh linn brí na bhfocal seo a thuiscint:
Úsáideann an Bíobla téarmaí ar nós “spéartha,” “domhan,” agus “tine” chun tagairt a dhéanamh do níos mó ná rud amháin. Mar shampla, deir sé i Salm 33:8“Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile.” Tá an focal “domhan” anseo, ag tagairt don chine daonna.
Cuireann an comhthéacs i 2 Peadar 3:7 an bhrí atá leis na focail spéartha, domhan agus an tine ar a súile dúinn. Tá ceangal idir a bhfuil ag tarlú i véarsa 5 agus 6 le gach ar tharla le linn na díleann in aimsir Naoi. Ag an am sin, scriosadh domhan ársa, ach níor scriosadh an pláinéad ar a maireann muid. A mhalairt ar fad a tharla, fuair an Díle réidh le “domhan” nó an tsochaí daonna foréigneach a bhí ann ag an am. (Geineasas 6:11) Scriosadh freisin cineál eile “spéartha”—nó daoine a bhí ag rialú an domhan ag an am. Mar sin, scriosadh na daoine urchóideach, ach níor scriosadh an domhan. Tháinig Naoi agus a chlann slán ón domhan a scriosadh agus chónaí siad ar an talamh tar éis na Díleann.—Geineasas 8:15-18.
Mar an gcéanna le huiscí na Díleann, cuirfidh an “tine” atá luaite i 2 Peadar 3:7 deireadh leis na drochdhaoine atá ar an domhan inniu, ach ní scriosfar an talamh. Geallann Dia ‘spéartha nua agus domhan nua’ ina “lonnóidh an fhíréantacht.” (2 Peadar 3:13) Beidh an “domhan nua,” nó na daoine a bheidh ina gcónaí air á rialú ag na “spéartha nua” a bheidh faoi cheannaireacht nua—Ríocht Dé. Faoi réimeas na Ríochta seo, beidh an talamh ina pharthas síochánta.—Apacailipsis 21:1-4.